Tá taibhse nua ag bagairt orainn – taibhse na tuaithe

Ní foláir don Chomhaontas Glas ceachtanna a fhoghlaim nó ní bheidh aon ní cóir i ndán dóibh

Tá taibhse nua ag bagairt orainn – taibhse na tuaithe

Tháinig an fógra ó Eamon Ryan go raibh sé ag éirí as mar cheannaire ar an gComhaontas Glas aniar aduaidh ar an saol polaitiúil ar fad. Ach ar bhealach ní ábhar mór iontais é mar bhí an-drochlá ar fad ag an bpáirtí sna toghcháin áitiúla is Eorpacha is tá sé ina lag trá sa bpáirtí sin le fada.

San olltoghchán in 2020 bhí an lá ab fhearr riamh ag an bpáirtí nuair a ghnóthaigh siad 7% de na vótaí céadrogha agus 12 suíochán Dála. Bhí a rannpháirtíocht riachtanach le rialtas eile de chuid na heite deise a bhunú le Fine Gael is Fianna Fáil.

Ach tá siad ag meath ó shin i measc na vótóirí agus iad ag brú a ndearcadh ar pholasaithe rialtais ach gan aon phlean ciallmhar acu chun iad a chur i bhfeidhm.

Ar an meán, sna pobalbhreitheanna in 2021, thit a dtacaíocht  go dtí 4.5%, thit sí 3.8% in 2022 is 2023, agus 3.5% a bhí acu sna toghcháin áitiúla ag tús na míosa seo.

Sna toghcháin is deireanaí chaill siad an dá shuíochán a bhí acu i bParlaimint na hEorpa, agus leath dá gcuid ionadaithe áitiúla. Má bhí aird na meán ar Shinn Féin, bhí scéal i bhfad níos measa ag na Glasaigh, agus tá an tuar go dona i dtaobh an olltoghcháin nuair a chaillfidh siad cuid mhaith suíochán, ceaptar.

Cé go bhfanfaidh Ryan sa rialtas, a deir sé, , táthar ag tuairimíocht arís go mbeidh toghchán luath againn, cé gur shéan an Taoiseach, Simon Harris, go láidir é sin, roimh an scéal is déanaí seo.

Bheadh ciall áirithe le toghchán luath, ar ndóigh, mar tá Sinn Féin in aimhréidh go pointe i ndiaidh na dtoghchán is deireanaí, agus tá am ag teastáil uathu le hathbhreithniú ceart a dhéanamh agus iad féin a chur in oiriúint arís.

Creidim féin go ndéanfaidh Sinn Féin i bhfad níos fearr san olltoghchán ná mar a dhein siad sna cinn áitiúla nó na cinn Eorpacha.  Ach beidh sé riachtanach dóibh na ceachtanna cearta a fhoghlaim is éirí as a bheith ag iarraidh freastal ar an dá thrá: orthu siúd a bhfuil athrú ag teastáil uathu, agus orthu siúd atá ag déanamh go maith agus cúrsaí mar atá.

Tá castacht eile sa scéal de bharr thorthaí na dtoghchán, agus is é sin fás an pháirtí nua, Independent Ireland (Éire Neamhspleách).

Sé Michael Collins, TD as iarthar Chorcaí, agus Richard O’Donoghue as Luimneach – beirt a bhíodh i bhFianna Fáil roimhe seo – a chruthaigh an páirtí nua le guth soiléir a thabhairt do phobal na tuaithe, a deir siad. Ach bíonn siad sásta freisin a súile a chaochadh linn maidir le hinimirce.  Ní páirtí den eite dheis i bhfad amach iad, ach páirtí a bhí sásta leas a bhaint as míshástacht an phobail i dtaobh na hinimirce.

D’éirigh go fial leo sna toghcháin. Toghadh Ciaran Mullooly i Lár Tíre – an tIarthuaisceart (agus an tuath mar phríomhábhar toghchánaíochta aige) agus tháinig Niall Boylan gar dó i mBaile Átha Cliath (agus an inimirce ina ábhar toghcháin aige).  Níos tábhachtaí ghnóthaigh siad 23 suíochán ar na comhairlí áitiúla, an líon céanna a fuair an Comhaontas Glas.

Le fás an pháirtí tuaithe seo ní bheidh sé riachtanach do Fhine Gael nó do Fhianna Fáil socrú ar bith a dhéanamh leis na Glasaigh.  Ach is léir nach mbeidh Independent Ireland sásta leanacht ar aghaidh leis na polasaithe i dtaobh na tuaithe a bhrúigh na Glasaigh.

Ní dóigh liom gurb amhlaidh go raibh na vótóirí ag séanadh go bhfuil géarchéim aeráide ann, ach tá siad ag diúltú glacadh le nós na nGlasach gan aon iarracht a dhéanamh bealach a aimsiú lena gcuid spriocanna a bhaint amach ach amháin trí reacht seachas le mealladh.

Maidir leis an tuath, teastaíonn ó fheirmeoirí is ó lucht na tuaithe i gcoitinne a fhios a bheith acu cén chaoi gur féidir fadhb na haeráide a réiteach agus fanacht ag maireachtáil faoin tuath.

Mar sin tá rogha eile ag páirtithe na Bunaíochta, Fine Gael agus Fianna Fáil, le rialtas a chur le chéile.

Maidir leis na Glasaigh, ní dóigh liom go n-athróidh ceannaire nua ar bith na bundeacrachtaí atá ag an bpáirtí. Ceapaim, má tá tionchar ar bith le bheith acu ar pholaitíocht na tíre feasta beidh orthu briseadh leis an nua-liobrálachas a ndeachaigh siad i bpáirt leis agus iad sa rialtas.

Beidh orthu bealach a aimsiú le tabhairt faoi fhadhb na haeráide ar chaoi nach leagan an t-ualach ar fad ar an aicme oibre agus ar an aicme is boichte faoin tuath.

Go beacht, an páirtí de chuid an lucht rachmais iad nó an páirtí ar son athchóiriú an chórais iad?

Fág freagra ar 'Tá taibhse nua ag bagairt orainn – taibhse na tuaithe'

  • WTF

    ‘taibhse na tuaithe’ a bheidh ann cinnte má scaoiltear le rí-theaghlach HR agus le rachmasóirí na bunaíochta.
    An dúthaigh sin a ndúirt an file fúithi:
    ‘Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann
    Ná fiolar ag éamh cois cuain.’