An fáth go mbíonn carn irisí do mhná ar an mbord sa seomra suite

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ó am go chéile, bíonn ar ár gcolúnaí a mheabhrú dó féin gur scríbhneoir é 

An fáth go mbíonn carn irisí do mhná ar an mbord sa seomra suite

Tá carn irisí do mhná ar an mbord sa seomra suite agus is aoibhinn liom iad a bheith ina luí ansin, in áit fheiceálach sa teach.

Ní hé go bhfuil dúil agam, go tobann, i bhfaisean na mban. Ní hé ach oiread go dteastaíonn uaim mearbhall nó múisiam a chur ar chuairteoirí.

Agus cé go gcaithfidh mé a admháil gur tharraing ceannlínte ar nós ‘cleipteamáineach mé – fiú amháin an bronntanas a thug mé do mo dheirfiúr dá breithlá, ghoid mé é’ agus ‘ceapann mo mhuintir gur banaltra mé ach bím ag luí le fir ar son airgid’ – cé gur tharraing na ceannlínte sin m’aird, ní hí an gháifeacht sin an fáth ach oiread go dtaitníonn sé liom chomh mór sin na hirisí sin a bheith ar taispeáint go poiblí.

Is é an chaoi go bhfoilsítear sraith colún sna hirisí sin a ndéanaimse eagarthóireacht uirthi. Gach seachtain, pléann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, cás as a chleachtas teiripe chaidrimh; bíonn ‘ficseanú’ déanta ar an scéal ar mhaithe le príobháideachas na gcliant agus is mise a chinntíonn go bhfuil an ficseanú sin déanta i gceart, agus go bhfuil cuma éigin ar an scríbhneoireacht i gcoitinne sula gcuirtear an píosa chuig an iris.

Más scríbhneoir thú, is minic a théann tréimhse fhada thart idir leabhar amháin a bheith foilsithe agus do chéad leabhar eile a bheith sna siopaí – ag tarraingt ar sheacht mbliana atá an tréimhse sin i mo chás féin anois.

Ní hamháin go mbíonn gaolta agus cairde fiosrach faoina mbíonn ar bun agam ar chor ar bith, ach uaireanta bíonn an cheist chéanna sin á cur agam orm féin freisin. De réir na dtuairiscí a chuireann Apple chugam gach seachtain caithim isteach is amach le hocht n-uaire an chloig in aghaidh an lae ag breathnú ar scáileán mo ríomhaire, ach céard atá le taispeáint agam ar a shon?

Gan dabht, scríobhaim dhá cholún do na leathanaigh seo gach seachtain, ach ní féidir Tuairisc.ie a chrochadh ar an mballa nó a fhágáil ar an mbord caife. (D’fhéadfá is dócha ach rogha maidir leis an dearadh intí a bheadh ansin nach mbeadh a dhath caolchúiseach faoi.)

Iris chlóite den seandéanamh atá san iris do mhná a fhágaim ar an mbord sa seomra suite agus mar bharr ar an ádh, iris réasúnta aitheanta atá inti. Cuireann sé cuairteoirí ceisteacha ina dtost nuair a deirim leo go mbím ag obair don iris sin, agus, níos tábhachtaí fós, cuireann sé an glór cáinteach úd ar chúl m’aigne féin ina thost freisin, an glór sin a deir nach scríbhneoir thú mura bhfoilsítear do chuid scríbhneoireachta go tráthrialta.

Fág freagra ar 'An fáth go mbíonn carn irisí do mhná ar an mbord sa seomra suite'