An éiginnteacht ag dul in olcas agus buille do May ón DUP

Tá muid cinnte anois nach mbeidh an Bhreatain ag fágáil an Aontais Eorpaigh Dé hAoine seo chugainn, ach nílimid cinnte faoi mhórán eile…

An éiginnteacht ag dul in olcas agus buille do May ón DUP

Ní raibh de chinnteacht ann ach an éiginnteacht a bhaineann leis an bpróiseas ar fad. Cé mhéad uair é sin cloiste againn ó d’fhógair Theresa May dhá bhliain ó shin go mbeadh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais Eorpaigh ar an 29 Márta 2019?

Tá muid cinnte anois NACH mbeidh siad ag fágáil an Aontais Eorpaigh Dé hAoine seo chugainn.

Tá go dtí an 22 Bealtaine ag an mBreatain le socruithe teicniúla a chur i gcrích. Sin sa gcás, ar ndóigh, go nglactar leis an dréachtsocrú atá déanta ag Theresa May leis an Aontas sa vóta cinniúnach in Westminster an tseachtain seo chugainn. Mura n-éiríonn le Theresa May na feisirí Parlaiminte a mhealladh le tacú leis na socrú, tá go dtí an 12 Aibreáin ag an mBreatain le cinneadh a dhéanamh faoin mBreatimeacht.

Caithfear cinneadh a dhéanamh ag an tráth sin faoi bheith páirteach sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Shílfeadh duine go dtéann sé glan in aghaidh choincheap an Bhreatimeachta a bheith páirteach sna toghcháin sin. Agus is cinnte go bhfuil sé ráite go neamhbhalbh ag Theresa May go gcreideann sí gur séanadh ar mhianta mhuintir na Breataine a bheadh ann páirt a ghlacadh sna toghcháin.

Mura mbeidh an Bhreatain sásta a bheith páirteach sna toghcháin agus mura mbeidh an dréachtsocrú imeachta curtha trí Pharlaimint Westminster imeoidh an Bhreatain gan aon socrú.

‘Rinne muid ár ndícheall’, a dúirt Michel Barnier ag an gcruinniú mullaigh an tseachtain seo. Is faoi lucht Westminster é gníomhú anois, a dúirt sé. Dearbhú eile gur i Londain atá croí na faidhbe seo. Ní hamháin i Londain atá an fhadhb ach go deimhin taobh istigh den pháirtí Caomhach féin. Agus ar ndóigh, tá go leor tráchtairí den tuairim gur ar thóir réitigh laistigh dá páirtí féin atá Theresa May le beagnach trí bliana anuas.

Caithfear anois dul i gcion ar an Spéicéir John Bercow le go gceadóidh sé vóta i dtús na seachtaine seo chugainn. Tá an chosúlacht air go mbeidh sin éasca go maith ach tá an chosúlacht ar an scéal go dteipfidh ar an vóta féin. Beidh stocaireacht go leor idir seo agus an Luan! Tá liobairt faighte aice ón DUP a deir go bhfuil an iomarca géillte aice don Eoraip agus nach mbeidh siad ag tacú léi. Géilleadh náireach atá ar siúl, a dúirt an DUP. Drochscéala ceart é seo do phlean an Phríomh-Aire atá ag brath ar an DUP leis an ERG a mhealladh le tacú leis an socrú.

Is leis an mBreatain anois plean a chur le chéile. Tá ceithre rogha acu a deir Donald Tusk: imeacht le socrú, imeacht gan aon socrú, síneadh ama níos faide, nó Airteagal 50 a chur ar ceal agus deireadh a chur leis na mBreatimeacht ar fad. Tá an rogha dheiridh sin ag bailiú nirt agus a n-ainmneacha curtha ag breis agus dhá mhilliún duine le héileamh go gcuirfí ar cheal an Breatimeacht. Tá sé tugtha le fios ag an Tiarna Andrew Adonis go molfaidh sé rún Dé Luain go ndéanfaí Airteagal 50 a aistarraingt.

Cuirfear deireadh leis an éiginnteacht má ghlacann an pharlaimint leis an vóta an tseachtain seo chugainn. Ach ‘má’ mór atá ansin.

Fág freagra ar 'An éiginnteacht ag dul in olcas agus buille do May ón DUP'