Scéal mór a bhí ann maidin Dé Luain. Bhí an DUP chun bac a chur ar Acht Gaeilge Stormont mura gcuirfí an Prótacal iarBhreatimeachta ar ceal. Bhí an nuacht seo ar chlár Stephen Nolan ar BBC Raidió Uladh.
Tháinig sé sin sna sála ar líomhain ó scáthghrúpa na bparaimíleatach dílseach go raibh sé socraithe go siúlfadh DUP amach as Stormont mura gcuirfí an Prótacal ar ceal. Shéan an DUP an líomhain ach sheas cathaoirleach chomhairle na ndílseach lena leagan féin. Ní raibh an t-aisfhreagra ar scéal chlár Nolan chomh soiléir.
“Scéal mór” is ea gach ábhar a phléitear ar an gclár áirithe sin, dar leis an láithreoir, ach is cinnte gur bhain an ceann seo geit as daoine. Níl mí féin caite ó dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, an Chéad-Aire le Teachtaí go rithfí an reachtaíocht roimh dheireadh ré an Tionóil seo. Gealladh an reachtaíocht teanga san Ré Nua Cur Chuige Nua (New Decade, New Approach) an socrú faoinar athbhunaíodh Stormont mí Eanáir anuraidh.
Thuairisc an clár raidió gur inis ball sinsearach den DUP dóibh go ndiúltóidís don Acht Gaeilge mar chuid den fheachtas in aghaidh an Phrótacail. Leag an clár béim ar shinsearacht na foinse san DUP ach níor ainmníodh é nó í. D’eisigh an páirtí ráiteas níos deireanaí ag fógairt go raibh sé tiomanta do chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Cé nár deineadh tagairt don reachtaíocht teanga go sonrach sa ráiteas, shéan an tAire Oideachais Peter Weir go raibh sé i gceist bac a chur ar an reachtaíocht Ghaeilge.
Dúradh i ráiteas an pháirtí gur den riachtanas é go mbeadh cothromaíocht le fáil ag gach dream, faoi choinníollacha na déabhlóide ach go raibh drochmheas ar aontachtaithe léirithe go soiléir sa Phrótacal. Mheas roinnt gur géilleadh don reachtaíocht teanga é sin ach níor dúradh go beacht é.
Doiléire, mar sin, faoi rún an DUP i leith na Gaeilge. Dúirt foinsí nár ainmníodh nárbh é polasaí an DUP bac a chur ar acht Gaeilge mar chuid den bhfeachtas in aghaidh an Phrótacail. An raibh foinse chlár Nolan ar ruathar aonair ag iarraidh an moladh a chraobhscaoileadh féachaint cén t-aischothú a gheobhadh sé?
Ar aontaigh ceannaireacht an pháirtí leis an dreas bolscaireachta sin? Má d’aontaigh, cad chuige? I measc na dtuairimí a nochtadh bhí gur theastaigh ón DUP go dtitfeadh Stormont ach nár mhian leo gur orthu a bheadh an milleán agus gur shíl siad go siúlfadh Sinn Féin amach. Níl ciall ar bith Stormont a scrios chun stop a chur leis an bPrótacal. Bheifí ag tabhairt smacht arís do na daoine a d’aontaigh an Prótacal – rialtas Westminster. Ní raibh cuma ar bith ar an scéal go siúlfadh Sinn Féin amach ach an oiread.
Nó arbh ionsaí cliathánach eile ar cheannaireacht Arlene Foster a bhí ann? Seans maith gurb ea. Údar díomá ab ea é nár phléigh an clár raidió cén fáth ar thug an fhoinse a scéal dó. Má ceistíodh an duine níor insíodh don éisteoir é. Ní chuirfeadh sé ionadh ar éinne go mbeadh drogall ar bhaill den DUP glacadh le haitheantas, dá laghad é, do chearta teanga. Tá a naimhdeas don Ghaeilge nochta go minic acu. Anois agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann ag gníomhú in Westminster chun moilleadóireacht Stormont i dtaca leis an dlí um ghinmhillte a fheidhmiú, céard faoin nGaeilge? Rinne Brandon Lewis a chinneadh toisc gur ar rialtas na Breataine, agus ní ar Stormont, atá freagracht i leith chearta an duine.
D’fhéadfadh míniú eile ar fad a bheith ar an scéal faoin mbac ar reachtaíocht Ghaeilge. Arb é an scéal sin an cat marbh a caitheadh ar an mbord chun aird a bhaint de mhaíomh David Campbell ón LLC (comhdháil na ndílseoirí) san Sunday Independent Dé Domhnaigh seo caite go raibh sé ar intinn ag Arlene Foster go siúlfadh an DUP amach as Stormont dá dteipfeadh ar gach iarracht eile chun an Prótacal a scrios?
Shéan an DUP gur pléadh an cheist sin ag a gcruinniú leis an LCC. Dúirt an tAire Peter Weir nach mbeadh tairbhe ar bith le baint as an gcleas sin mar go bhfágfadh sé an chumhacht i lámha Rialtas na Breataine. Dúirt Weir, duine den ghrúpa atá dílis d’Arlene Foster mar cheannaire, gur chuir cuntas Campbell ar na cruinnithe leis an LCC mearbhall air.
Sheas Campbell lena leagan féin ach dúirt nach raibh an LCC ag tabhairt treoracha don DUP. Ba léir an brú áfach. Tugann uaillmhian agus neamhghéilliúlacht an DUP ina chuid feachtasaíochta in aghaidh an Phrótacail deis do ghrúpaí dílseacha agus aontachtaithe eile le brú breise a chur orthu. Ach tá aidhmeanna na bhfaicsean éagsúil sa pháirtí ag teacht salach ar a chéile agus ag cur le héidreoir a bhfeachtais.
Fág freagra ar 'An é cás na reachtaíochta Gaeilge nó an DUP féin atá in aimhréidh?'