An é an duine atá 60 atá meánaosta anois agus céard faoi aois an phinsin?

Nuair a dúradh léi i Vítneam gur údar iontais é go raibh bean chomh sean léi in ann a bheith ag taisteal, thosaigh ár gcolúnaí ag machnamh ar chúrsaí aoise…

An é an duine atá 60 atá meánaosta anois agus céard faoi aois an phinsin?

Ar thuras go Vítneam le mo dheirfiúr a bhí mé nuair a cuireadh an cheist chrua orm. Bhí sé im’ intinn i gcónaí go bhfaighinn suathaireacht agus b’fhéidir maisiú ingne áit éigin ar an turas.

D’éalaigh muid thar dhoras na sciamhlainne san óstán – cén fáth a n-íocfadh duine suim mhór airgid ar sheirbhís a bheadh le fáil amuigh ar an tsráid agus ar a laghad bheadh an t-airgead ag dul díreach isteach i bpócaí na ndaoine ón áit?

Amach linn agus ba ghearr go rabhamar sínte ar leapacha istigh i dteachín beag agus lán a’ tí ag déanamh iontais fúinn. Mo chosa an chéad rud a chuir na súile ar leathadh. Ní fhaca siad cos chomh mór ar aon bhean riamh.

Gan focal Vítneaimise againn, ba dhíol spéise an méid a bhíomar in ann a thuiscint, mar sin féin. Is dócha go gcabhraíonn sé nuair a chuirtear fios ar an teaghlach uilig le teacht ag breathnú ar an iontas atá sínte os a gcomhair.

Tugadh Mamó isteach agus ba léir go raibh sí ag iarraidh a fháil amach cén aois a bhí ag an bhfathach mná. Bhí beagán Béarla ag an mbean óg, bainisteoir na n-ingne. Mhínigh sí dom go raibh iontas orthu ar fad go raibh bean chomh sean liomsa in ann a bheith ag taisteal. Agus bhí sé intuigthe freisin gur cheapadar gur díol suime é go raibh seanóir ag iarraidh suathaireachta, cóiriú ingne gan trácht ar ‘blow-dry’.

Thug sé sólás dom an lá cheana ag breathnú ar chlár teilifíse a rinne Joanna Lumley faoi ‘Bhóthar an tSíoda’ nuair a chruinnigh sí scata cailíní thart uirthi san Úisbéiceastáin. Iarradh ‘féinín’ léi. Ansin, an cheist chrua. Cén aois a bhí aici? Bhuel, ar ndóigh níor inis sí a haois (72 ag an am) ach d’admhaigh sí go raibh gariníonacha aici a bhí fásta suas.

Déarfainn nach bhfaca siad a leithéid riamh. Is beag an seans go bhfuil aon réalt áitiúil teilifíse ag cur smididh uirthi féin agus í ag réiteach chun siúl sa ghaineamh leis na camaill.

Agus mé ag smaoineamh siar ar mo ‘eachtra-Lumley’ féin i Vítneam, chuimhnigh mé ar an gcaint ar fad sa tír seo faoi aois an phinsin. Gach seans go bhfuil Joanna Lumley ag fáil pinsean an Stáit chomh maith leis an saorthaisteal le fada an lá. Gach rath uirthi.

Ach is maith an sampla í den dul chun cinn atá déanta againn ar fad in iarthar na hEorpa, ó thaobh fad saoil de.

 

Tá sí in aois an phinsin ceart go leor – de réir shlat tomhais amháin. Ach níl aon amhras ach go bhfuil sí in ann lá oibre a chur isteach, bíodh sí in óstán mór groí, nó ar dhroim camaill. Ardaíonn sé sin an cheist- cad is aois phinsin ann?

Nuair a chuir Seansailéir na Gearmáine Otto Von Bismarck tús leis an gcéad phinsean stáit sa mbliain 1889, ceapadh go mba mhaith an rud é go mbeadh cúnamh stáit ann don chréatúr bocht a bhí tar éis dul ar scor ón obair (ag aois 70) agus go mb’fhéidir go raibh roinnt  míonna nó roinnt blianta fágtha aige ar an saol seo.

Ba é an gnáthfhad saoil a bhí ag Gearmánach ag an am ná 45 bliain. Faoi láthair, is é 81 bliain meánfhad saoil duine sa nGearmáin. Agus éiríonn an Gearmánach sin as an obair ag aois a 62, ar meán.

Le linn ré Bismarck, ba bheag duine a shroich aois an phinsin. Sa lá inniu tá siad ag tarraingt an phinsin ar feadh scór bliain.

Sna 1950idí, bhí gach seans ag bean a bhí 65 bliain d’aois, go mairfeadh sí 14 bliain eile. Ag an aois sin a d’éiríodh sí as an obair go hoifigiúil. Sa lá inniu, tá gach seans go mairfidh sí os cionn 23 bliain eile.

Ach is 65 bliain aois an phinsin go hoifigiúil sa tír seo freisin. Bhí roinnt cásanna cáiliúla ann le gairid inar cuireadh an dlí ar fhostóirí faoi dhaoine a chur ar scor ag 65, nuair ab fhearr leo féin fanacht ag obair. Bhí m’iarfhostóir féin, RTÉ luaite i gceann de na cásanna. Fuair an duine a thóg an cás, cúiteamh ach ní dheachaigh sí ar ais ag obair ann. Is léir go bhfuil daoine ag obair fós ann atá i bhfad thar an aois sin, ach is ar conradh atá siad fostaithe agus ní ar an ‘bpá-rolla.’

Cnámh spairne idir na páirtithe polaitiúla a bhí ann toisc go raibh sé ina pholasaí ag an Rialtas sa tír seo aois an phinsin a ardú de réir a chéile. Bhí an freasúra ina choinne sin agus go deimhin, tá sé geallta ag páirtí amháin go n-ísleoidh siad aois an phinsin má thagann siad féin i gcumhacht.

Is í an fhadhb mhór, cá as a dtiocfaidh an t-airgead chun pinsean a íoc ar feadh 20 agus b’fhéidir 30 bliain nuair nach raibh sé sin sa bplean nuair a cuireadh an pinsean ar bun ar dtús? Agus tá gach cosúlacht ar an scéal gur i bhfad a bheas meánfhad saoil na ndaoine sa domhan forbartha ag dul as seo amach. Ní haon iontas anois duine a bheith 100 bliain d’aois agus ag fáil seic ón Uachtarán. Bhí tráth ann nuair a dhéantaí ceannlíne sa bpáipéar áitiúil as an duine a bhaineadh an 100 amach.

Ní in Éirinn amháin atá an cheist seo te bruite. I lár bhlianta na 2000 sa mBreatain, scrúdaíodh an cheist agus measadh gur chóir aois an phinsin a ardú go dtí 66 faoi 2030 agus go 68 faoi 2050. De réir an Tiarna Turner, a bhí ina chathaoirleach ar an gCoimisiún a scrúdaigh an t-ábhar, ní dheachaigh siad sách fada leis an gceist. ‘Ba chóir go mbeadh aois an phinsin ardaithe againn blianta roimhe seo,’ a deir sé anois.

Deir saineolaithe idirnáisiúnta áirithe a bhfuil an fhadhb seo scrúdaithe i roinnt tíortha acu, nár chóir a bheith dírithe ar ‘aois an phinsin’. Ba chóir, dar leo, ár n-aird a dhíriú níos mó ar an méid blianta atá ‘fágtha’ ag duine. Sin figiúr gur féidir le saineolaithe teacht air, le cabhair foirmlí matamaitice. Shocraigh siad go bhféadfaí a rá faoi cheithre thír ar leith, An Iorua, An tSeapáin, An Lituáin agus na Stáit Aontaithe, go mbaineann daoine ‘meánaois’ amach i lár a gcuid seachtóidí.

Tosaíodh ar an obair acadúil seo i gCeanada sna 1970idí nuair a tháinig siad ar an smaoineamh gur fearr díriú ar ‘fad saoil measta’ seachas saol oibre, le measúnú a dhéanamh ar an gcúnamh Stáit a bheadh ag teastáil ó dhaoine.

‘Dhá chéad bliain ó shin, ceapadh go raibh duine sean nuair a shroich siad 60 bliain,’ a dúirt duine eile de na taighdeoirí i Vín na hOstaire. ‘Déarfainnse anois faoin duine sin, go bhfuil siad meánaosta,’ mhaígh sé.

B’fhéidir nach gcreidfeadh mo lucht féachana i Vítneam go bhfuil mé meánaosta, ach tá gach seans go bhfeicfidh siad arís mé agus go mbeidh cóta úr péinte de dhíth ar na hingne agus b’fhéidir turas ar chamall má bhíonn a leithéid ag crochadh thart.

Fág freagra ar 'An é an duine atá 60 atá meánaosta anois agus céard faoi aois an phinsin?'