An DUP agus an t-acht Gaeilge – ní féidir cleasaíocht mhargála a chur as an áireamh

Agus ceist na Gaeilge agus an ‘veto’ fós ina n-údair aighnis idir na páirtithe, ní léir go fóill cad atá i ndán do chainteanna Stormont, margadh nó toghchán eile

An DUP agus an t-acht Gaeilge – ní féidir cleasaíocht mhargála a chur as an áireamh

Comhoibriú idir feisirí Parlaiminte an Tuaiscirt in Westminster ach teannas follasach idir na páirtithe in Stormont agus gan ach laethanta fágtha chun margadh a dhéanamh agus toghchán eile a sheachaint.

Ba é an sean-nós in Stormont nár ndearnadh réiteach riamh roimh an spriocam. Ba chosúil san oíche Dé Luain nach mbrisfí an nós an t-am seo. I gcodarsnacht leis an méid sin, bhí aontas á léiriú in Westminster ag feisirí nuathofa ón DUP, an SDLP agus Alliance agus na trí pháirtí ag tacú le rúin ag éileamh leasuithe ar an reachtaíocht faoin mBreatimeacht ar mhaithe le lucht gnó abhus.

B’údar dóchais do lucht gnó agus do thomhaltóirí é an réiteach idir na páirtithe go dtiocfadh siad le chéile chun iarracht a dhéanamh a chinntiú nach gcuirfeadh margadh Breatimeachta Boris Johnson comhlachtaí Thuaisceart Éireann faoi mhíbhuntáiste i margadh aonair na Ríochta Aontaithe. Chuir Colum Eastwood agus Claire Hanna an SDLP, Stephen Farry, Alliance, agus feisirí an DUP faoi cheannas Jeffrey Donaldson a n-ainmneacha le sraith leasuithe agus súil acu go nglacfadh an Spéicéir leo. Ba mhór idir an chomhghuaillíocht sin agus seasamh an DUP sa Pharlaimint dheiridh agus cuireadh fáilte roimpi go forleathan.

Níor léir gur leath an muintearas go Stormont. Bhí teannas le brath ansin an tseachtain seo murab ionann agus an t-atmaisféar dearfach a bhí ann nuair a d’fhill na páirtithe ar na cainteanna réitigh ag deireadh na seachtaine seo caite. Is furasta a thuiscint gur mó an brú ar dhaoine agus an gnó ag teacht go cnámh na huillinne, ach ní fadhbanna nua atá le fuascailt. Amárach an 9 Eanáir, beidh sé trí bliana ó d’éirigh Martin McGuinness as an bhFeidhmeannas, an chéim a chuir clabhsúr ar Stormont tar éis naoi mbliana go leith de roinnt na cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin.

Is é an Luan seo chugainn, an 13 Eanáir, dáta éaga na reachtaíochta éigeandála a cheadaigh don státseirbhís Stormont a rith cheal rialtas díláraithe. Chuir an reachtaíocht sin toghchán Tionóil ar fionraí freisin ach bhagair –nó gheall – Julian Smith, Státrúnaí an Tuaiscirt, go ngairfí toghchán nua mura mbeadh an tsáinn in Stormont fuascailte roimh an 13 Eanáir. Meastar go raibh sé dáiríre. Má bhí, sé an Domhnach an spriocdháta, cé gur féidir cúpla lá a chur leis is dócha.

Is deacair a thuiscint cén fáth a mbeadh breis ama ag teastáil ó pháirtí ar bith tar éis oiread seo ama. Ba iad na ceisteanna faoi acht Gaeilge agus faoi leasuithe ar an achainí chásmhaireachta – an veto – na príomhdheacrachtaí dhá bhliain ó shin agus b’in iad na constaicí céanna a bhí roimh réiteach ag tús na seachtaine seo chomh maith, más fíor.

Chuir an DUP Gregory Campbell amach chun an t-eiteachas a thabhairt d’acht Gaeilge maidin Dé Luain. Ní ghlacfadh an DUP leis go dtabharfaí tús áite don Ghaeilge thar “mionteangacha eile”. Ní fhéadfaidís é sin a dhíol lena lucht leanúna agus níor mhian leo é a dhíol. An raibh an t-eiteachas á thabhairt aige d’acht Gaeilge de chineál ar bith nó an raibh sé ag diúltú do mholadh nár deineadh faoi acht don Ghaeilge amháin? Níl sé sin soiléir.

Má ghlactar le hacht a chosnaíonn cearta lucht Ultaise chomh maith leis an nGaeilge, an mbeidh an DUP ag rá gur chuir siad cos i dtaca leis an ‘gcaithréim’ sin a bhaint? Ní féidir cleasaíocht mhargála a chur as an áireamh. Nuair nach bhfuil do lucht leanúna ullmhaithe agat chun glacadh le margadh, caithfear a bheith seiftiúil.

’Sí an achainí chásmhaireachta an chruacheist eile. Ba é feidhm na hachainí a bheith ina cosaint ar mhionlaigh san Tionól agus cuireadh teorainn lena húsáid faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Níor cuireadh na forálacha go léir san reachtaíocht níos deireanaí agus dá réir bhí páirtithe in ann leas a bhaint aisti ar bhealach nach raibh beartaithe.

D’úsáid an DUP an veto, mar shampla, mar sciath chosanta ar cháineadh ar bhall den pháirtí, rud nach raibh i gceist nuair a tugadh isteach é. Ag an DUP amháin a bhí dóthain Teachtaí chun an achainí a úsáid gan tacaíocht ó éinne eile ach bhain Sinn Féin leas aisti freisin le tacaíocht ó bhaill den SDLP. Tá na ceithre pháirtí eile aontaithe faoi shrian a chur le húsáid na hachainí ach tá an DUP míshásta.

Táthar ag fanacht le breithiúnas an dá rialtas ar staid na gcainteanna. Thug an Tánaiste Simon Coveney leide go bhfoilseofaí a gcomhcháipéisí go luath mura ndéanfadh na páirtithe margadh. Ceaptar gur gearr uainn anois an cháipéis sin.

Tá amhras ar an-chuid daoine an fiú Stormont a athbhunú gan tuarascáil an fhiosraithe faoin RHI a bheith foilsithe.

Ag éisteachtaí an fhiosraithe sin faoin scéim fuinnimh inathnuaite a bunaíodh gan srian a chur ar chostas, fuarthas amach faoi lear mór lochtanna ar chóras Stormont, ar chleachtais na státseirbhíse agus na gcomhairleoirí neamhthofa chomh maith leis na polaiteoirí. Ní hiontas go dteastódh cinnteacht ón bpobal go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta. Mura ndéanfar sin, an mbeidh muinín ag an bpobal as rialtas díláraithe? Ní haon áibhéil é a rá go bhfuil méadú mór ar líon na ndaoine atá amhrasach faoi chumas Stormont an ghéarchéim sláinte, fadhbanna sa chóras oideachais nó go leor fadhbanna eile a leigheas.

Ceist eiseach í an cheist seo do Stormont.

Fág freagra ar 'An DUP agus an t-acht Gaeilge – ní féidir cleasaíocht mhargála a chur as an áireamh'