An deis is fearr ag Trump a chlár oibre a chur i bhfeidhm fós roimhe

Agus leathbhliain dá dara téarma caite, léirigh pobalbhreith an tseachtain seo nach bhfuil aon athrú suntasach ar thacaíocht Donald Trump i measc an phobail sna Stáit Aontaithe

An deis is fearr ag Trump a chlár oibre a chur i bhfeidhm fós roimhe

Donald Trump. Pic: The White House/Daniel Torok

Tá leathbhliain caite den dara téarma ag Donald Trump sa Teach Bán. Tá sé mórtasach as a bhfuil baint amach aige sa tréimhse sin agus na gealltanais a thug sé le linn an toghcháin i rith an gheimhridh seo caite a bheith á gcur i gcrích. Dar leis féin, tá éirithe leis formhór a chuid polasaithe a chur i gcrích go háirithe an “big beautiful bill” atá curtha tríd an gcomhdháil agus an dul chun cinn atá déanta ag díbirt na n-imirceach mídhleathach.

Léirigh pobalbhreith an tseachtain seo nach bhfuil aon athrú suntasach ar thacaíocht Trump i measc an phobail sna Stáit Aontaithe, beag beann ar an gcáineadh atá á dhéanamh ar fud na cruinne ar a chur chuige eacnamaíoch agus trádála. Beag beann freisin ar an gconspóid faoi Jeffrey Epstein agus pé aithne a bhí aige air nó pé cairdeas a bhí eatarthu.

Tá 44% de phobal na Stát Aontaithe sásta lena uachtaránacht ó mhí Eanáir seachas míshástacht áirithe leis an bpolasaí inimirce. Tá os cionn leath an phobail sna Stáit Aontaithe míshásta leis na cúraimí atá curtha ar ICE – an córas a bhíonn ag cur orduithe imirce i bhfeidhm – 3,000 imirceach in aghaidh an lae a ghabháil agus a dhíbirt. Níl an pobal sásta leis an imeaglú atá déanta ar chodanna áirithe den phobal. Níl ICE sásta go bhfuil a ndóthain acmhainní ar fáil dóibh féin leis na cúraimí a chur i gcrích ainneoin 45 billiún dollar a bheith ar fáil dóibh. Seo í an cheist ar chuir Trump béim mhór uirthi le linn an fheachtais toghcháin agus a maíonn sé go bhfuil ag éirí leis í a réiteach.

An cheist anois cé mhéad eile de na polasaithe seo a fhéadfaidh Trump a chur i gcrích sa tréimhse atá aige mar cheannaire ar na Stáit Aontaithe? Go praiticiúil, ní bhíonn ag Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe ach bliain go leith in aon téarma ar a chomhairle féin. Fágann sin bliain eile ag Donald Trump go mbeidh feachtas na dtoghcháin lár téarma faoi lán seoil. Nuair a bheidh siad sin thart agus pé athrú a bheidh ar chomhdhéanamh theach na comhdhála beidh na réamhthoghcháin don toghchán uachtaránachta in 2028 ina neart.

An mbeidh Vance ag cur a ainm chun cinn ar mhaithe le leanacht le MAGA a chur i bhfeidhm? Nó an mbeidh aon mhaolú ar an tacaíocht do MAGA soiléir ó na toghcháin lár téarma? An mbeidh aiséirí de shaghas éigin déanta ag na Daonlathaigh agus foireann aimsithe acu a bheidh in ann dúshlán Trump agus a lucht leanúna a thabhairt i bpolaitíocht na Stát Aontaithe? Beidh an méid sin ag teacht chun solais sa dara leath den bhliain seo chugainn.

As seo go ceann bliana an t-am is oiriúnaí do Trump lena chlár oibre a chur chun cinn. Cé gur beag aird a thugann sé ar chomhairle agus gur beag géilleadh a dhéanann sé faoi easpa céille a chuid polasaithe is cinnte go dtuigeann sé gur as seo go ceann bliana is fearr atá deis aige oidhreacht a chruthú agus lorg fadtéarmach a fhágáil ar pholaitíocht na Stát Aontaithe.

Fág freagra ar 'An deis is fearr ag Trump a chlár oibre a chur i bhfeidhm fós roimhe'