An dara post Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge fógartha ag an Roinn Talmhaíochta

Tá post gan aon riachtanas Gaeilge ag dul leis fógartha ag an Roinn Talmhaíochta d’Oibrí Ginearálta ag cuan an Daingin i gCorca Dhuibhne

An dara post Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge fógartha ag an Roinn Talmhaíochta

Tá an dara post Gaeltachta nach bhfuil aon riachtanas Gaeilge ag dul leis fógartha ag an Roinn Talmhaíochta.

Tá conspóid mhór ann ó tuairiscíodh an tseachtain seo gur fhógair an roinn post d’Oibrí Ginearálta ag calafort Ros an Mhíl agus gan aon riachtanas Gaeilge ag dul leis.

Ach léiríonn na cáipéisí a bhaineann leis an mbabhta earcaíochta seo go bhfuil an dara post dá leithéid i gceist– ag cuan an Daingin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil ‘ceist le freagairt’ ag an Roinn Talmhaíochta maidir le poist Ghaeltachta a fhógairt agus riachtanas Béarla amháin leo.

Dheimhnigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill do Tuairisc.ie ar maidin go bhfuil cás an phoist ag Calafort Ros an Mhíl agus cás an phoist sa Daingean á scrúdú aige agus gur leis an dá phost a bhaineann an comhfhreagras atá curtha go dtí an Roinn Talmhaíochta aige faoin scéal.

Deir an Coimisinéir go bhfuil “ceist le freagairt” ag an Roinn faoin dá phost atá fógartha acu.

De réir an fhógra don dá phost, tá sé ‘inmholta’ go mbeadh Gaeilge ag iarrthóirí, ach is den riachtanas go mbeadh Béarla líofa, idir scríobh agus labhairt, acu.

Tá aird tarraingthe ag an gCoimisinéir ar ghealltanas a thugtar i scéim teanga na Roinne go mbeidh na hoifigí Gaeltachta acu ag feidhmiú trí Ghaeilge ar fad faoin mbliain 2020.

Tá sé i gceist go mbeadh an Daingean ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach plean teanga a bheith aontaithe agus curtha i bhfeidhm don bhaile.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, tráthnóna inné nach bhfuil sé ‘sásúil’ ná ‘inghlactha’ ag an roinn sin go mbeadh ar mhuintir na Gaeltachta plé le roinn stáit eile i mBéarla.

“Níl rud mar sin inghlactha…Níl sé sásúil dúinne mar roinn go mbeadh ar dhaoine plé leis an Stát i mBéarla thiar i Ros an Mhíl,” a dúirt Stiúrthóir na Gaeilge, na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge, Aodhán Mac Cormaic ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné.

Tá fógra na Roinne Talmhaíochta cáinte chomh maith ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Aire Stáit sa Roinn Pobail agus Tuaithe, Seán Kyne.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín gur chuir an scéal “mearbhall agus fearg air” agus gur “léiriú eile” a bhí ann ar eagraíochtaí stáit a bheith ag “déanamh neamhaird arís agus arís eile” den Ghaeilge.

De réir na gcáipéisí eolais a bhaineann leis na poist sa Daingean agus i Ros an Mhíl, tá sé riachtanach go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid a dhéanamh ‘go héifeachtach’ i mBéarla, ach níl an riachtanas céanna ann ó thaobh na Gaeilge de.

Faoi mhír eile seachas ‘Essential Requirements’ a thagraítear don Ghaeilge agus tugtar le fios sa bhileog eolais faoi na poist go bhfuil ‘an ability to communicate effectively in Irish’ i measc na ‘desirable requirements’.

Dúirt an t-iar-aire Talmhaíochta agus iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie inné gur cheart go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a cheapfaí in aon phost a fhógraíonn an stát sa Ghaeltacht.

“Is as Conamara agus as Árainn iad formhór na n-iascairí a bhíonn isteach is amach as Ros an Mhíl agus ba cheart go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a bhíonn ag obair sa chalafort.

“Ba cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach d’aon phost Gaeltachta a fhógraíonn an stát. Ba cheart don Roinn Talmhaíochta an post seo atá fógartha a tharraingt siar, leasú a dhéanamh ar na riachtanais, agus é a fhógairt arís,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Maíonn an Roinn Talmhaíochta nach bhfuil na poist seo teoranta d’aon áit amháin agus go bhféadfadh go n-iarrfaí ar dhaoine a d’fhostófaí dul ag obair ag láithreacha eile.

As an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais ag deireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a raibh líofacht sa Ghaeilge acu.  D’fhág sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos túisce i mbliana nach raibh “socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge” luaite ach i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.

Fág freagra ar 'An dara post Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge fógartha ag an Roinn Talmhaíochta'

  • Sean

    Namhaid ó bhonn ag an teanga is ea Fine Gael agus a thacóirí, b’ea riamh.