An cuma cé acu Varadkar nó Coveney a thabharfaidh an lá leis?

Tá Leo Varadkar agus Simon Coveney ceangailte beirt le hidé-eolaíocht an tsaormhargaidh…

An cuma cé acu Varadkar nó Coveney a thabharfaidh an lá leis?

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

An ndéanann sé aon difir cé a bhuafaidh toghchán ceannaireachta Fhine Gael?

Tá Leo Varadkar agus Simon Coveney ceangailte beirt le hidé-eolaíocht an tsaormhargaidh, an idé-eolaíocht a chleacht Fine Gael i rialtas (le cabhair ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Fianna Fáil faoi seach).

Seasann an bheirt leis na polasaithe a thugann tús áite i gcónaí don mhargadh príobháideach i gcúrsaí iompair, tithíochta, sláinte agus fiú oideachais. Ní fheictear do lucht an pholasaí sin go bhfuil aon ról eile ann don stát ach an bealach a réiteach le go ndéanfadh lucht na hearnála príobháidí brabús.

Mar Aire Tithíochta, tá Simon Coveney ag diúltú glan d’aon mholadh go dtógfadh na húdaráis áitiúla eastáit phoiblí tithíochta – an t-aon bhealach ar éirigh linn riamh déileáil le géarchéim tithíochta sa tír seo. Agus mar Aire Coimirce Sóisialaí, tá iarracht ar bun ag Leo Varadkar an milleán a chur go poiblí orthu siúd a atá ag brath ar shochar leasa shóisialta faoi fhadhbanna airgeadais na tíre.

Níl comhartha dá laghad ann nach n-aontaíonn an bheirt acu – Coveney agus Vardakar – lena chéile faoi na polasaithe seo.

Mar sin féin, tá nod nó dhó tugtha acu a thugann le fios go mb’fhéidir go bhfuil difríocht eatarthu maidir leis an mbéim a leagann siad ar ghnéithe éagsúla den pholasaí seo.

Tá Varadkar ag rá, ar nós na dTóraithe Óga i Sasana, go labhraíonn sé ar son na ndaoine a éiríonn go luath ar maidin. Cá bhfágann an chaint sin daoine dífhostaithe nó pinsinéirí? Maíonn sé chomh maith gur mhaith leis luach a saothair a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil ag brath ar an sparán poiblí.

Tá caint den chineál seo tarraingteach dóibh siúd ar fuath leo a gcuid cánach a chaitheamh ar mhaithe le daoine nach bhfuil chomh maith as is atá siad féin.

Ar an taobh eile den scéal, cuireann Simon Coveney iarphríomh-aire Shasana Harold McMillan i gcuimhne dom.  Ní raibh ceachtar den bheirt, McMillan ná Coveney, riamh faoi na  míbhuntáistí a bhíonn ag an ngnáthdhuine, agus cé nach mbeadh an nimh chéanna acu don lucht oibre is a bhí ag Thatcher is atá ag Varadkar, ní bheadh ceachtar acu ach an oiread ag iarraidh dul ‘thar fóir’ ag cabhrú le daoine nach bhfuil go maith as.

Atharthaíochas dea-mhéiniúil an tréith is suntasaí faoin mbeirt seo.

Agus má tá Varadkar i bhfad amach ar an eite dheis ó thaobh na heacnamaíochta is an stáit de, cloíonn sé go láidir leis an gclár liobrálach sóisialta fad is a bhaineann sé le hábhair amhail an aeracht, an ginmhilleadh is eile.

B’fhéidir gurb é sin is cúis leis an ráiteas ó Coveney nach bhfuil sé ar a chompord maidir leis an bhfoclaíocht a mholtar maidir le haisghairm an ochtú leasú ar an mBunreacht (ginmhilleadh). An bhfuil sé ag iarraidh cuid de lucht sheanmheon Fhine Gael a thabhairt leis?

Ó thaobh na Gaeilge de, ar ndóigh, tá Varadkar chun tosaigh.  Tá sé ráite aige go gcreideann sé gur chóir go mbeadh Taoiseach na tíre in ann Gaeilge agus Béarla a labhairt, agus le blianta beaga anuas tá dua curtha aige air féin ag foghlaim na Gaeilge.

Cé nach bhfuil Gaeilge ag Coveney – tá a chlann ag freastal ar ghaelscoileanna i gCorcaigh. Níl sé naimhdeach don teanga.

Tá Coveney i bhfad níos láidre agus é ag labhairt ar son athaontú na tíre, agus tá Varadkar níos nimhní i gcoinne Shinn Féin.

Ach, cé go bhfuil na difríochtaí seo ann, ní bheidh aon athrú ar bhunpholasaithe an rialtais ná ar a naimhdeas don lucht oibre agus do ról an stáit sa tsochaí.

Fágann sé sin go leanfaidh an rialtas – faoi cibé ceannaire a thiocfas i réim – leis na polasaithe mífheidhmeacha atá á gcur chun cinn i ngach gné d’obair an rialtais.

Tá Fine Gael sásta a bheith i gcumhacht, agus tá Fianna Fáil sásta tacú leo nó go dtiocfaidh biseach eile (tá súil acu) ar a seasamh sna pobalbhreitheanna.

Agus san idirlinn, tá lucht an chórais pholaitiúil ag plé le ceist an Bhreatimeachta mar a bheadh coinín os comhair ceannsoilse dalltacha, gan siar ná aniar iontu. Tá faitíos mór orthu, ach níl tuairim dá laghad acu céard is féidir leo a dhéanamh, iad dall ar an bhfírinne agus ag súil go dtabharfaidh lucht na hEorpa slán iad.

Ar ndóigh, níl aon iarracht déanta ag na meáin anailís a dhéanamh ar dhearcadh nó ar pholasaithe Varadkar ná Coveney. Go deimhin, go ginearálta, níl aon anailís cheart ar bith á déanamh ag na meáin ar fhadhbanna na tíre seo faoi láthair ná níl aon scrúdú á dhéanamh acu ach an oiread ar na bealaí fuascailte atá ann, cé go bhfuil a leithéid ag teastáil go géar uainn.

Deir Coveney go bhfuil sé ag iarraidh daoine a thabhairt le chéile in ionad iad a dheighilt, ach ar deireadh thiar ní éireoidh leis na polasaithe atá ag an rialtas é sin a dhéanamh. Agus is iad na polasaithe céanna a chuirfeadh sé féin nó Leo Varadkar i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'An cuma cé acu Varadkar nó Coveney a thabharfaidh an lá leis?'

  • Aililiú!

    Maidir le cearta phobal na Gaeilge agus aitheantas don Ghaeilge mar theanga náisiúnta na hÉireann, léirigh Leo Varadkar meon oscailte, cothrom, reasúnta i dtaca le dearadh teanga na gcomharthaí bóthair. Féach anseo: https://tuairisc.ie/cinneadh-varadkar-faoi-chomharthai-curtha-ar-ceal/. Ar ndóigh chuir Paschal Donoghue cos-i-bpoll leis an ordú a thug Varadkar.

    Feicfimid anois cad a dhéanfaidh Varadkar nuair a bheidh an srian… agus an lasc… ina lámh aige féin; má bhíonn…

  • Concubhar Ó Liatháin

    Alt eile arís ó Eoin Ó Murchú ag léiriú a naimhdeas don Aontas Eorpach. An bhfuil aon seans go bhfaighidh Aontas na hEorpa cothrom na Féinne ó Tuairisc?