AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Sa bhaile le Narcos, an Zoom filíochta, Mary Oliver agus Eireaball Spideoige

Sa mhír seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Sa bhaile le Narcos, an Zoom filíochta, Mary Oliver agus Eireaball Spideoige

Tá athrú tagtha ar shaol gach duine againn ó cuireadh tús leis an dianghlasáil agus leis na rialacha taistil. Cé go mbímse an-chompordach le mo chomhluadar féin is duine an-sóisialta mé agus tá an t-ádh liom go bhfuil mo thriúr mac (an triúr acu sna fichidí) sa bhaile liom faoi láthair.

Réitímid go han-mhaith lena chéile. Tugaimid spás dá chéile don obair ó bhaile nó don staidéar ach ceann de na rudaí is fearr a tharla le linn na tréimhse seo domsa ná go bhfuil am á chaitheamh agam le mo thriúr mac mar dhaoine fásta. Suímid síos le chéile le haghaidh dinnéir seachas (mar a bhíodh) gach duine ag rith isteach is amach ag ithe ag amanna difriúla. 

Bímid ag féachaint ar Netflix ó am go chéile freisin agus na sraitheanna is mó ar bhain mé taitneamh astu go dtí seo ná The Crown agus Narcos.  Rud spéisiúil domsa maidir le Narcos ná go mbíodh Spáinnis agam ó bheith ag obair sa Spáinn fadó agus diaidh ar ndiaidh thug mé faoi deara go raibh mo chuid Spáinnise ag teacht ar ais chugam. Faoin am go raibh mé féin agus mac liom tosaithe ar an dara sraith ní raibh mé ag brath go hiomlán ar na fotheidil a thuilleadh.

Tá taithí agamsa a bheith ag obair ó bhaile cúpla lá sa tseachtain agus (cé go bhfuil go leor oibre caillte agam) tá cuid den obair fós ag dul ar aghaidh.

An rud is mó a airím uaim, áfach, ná dul amach le haghaidh lóin nó bricfeasta le cairde – rud a dhéanainn de ghnáth agus mé ag obair ó bhaile. Bhí cúpla bricfeasta Zoom agam le déanaí agus cé nach duine mé a ólann mórán, bíonn cúpla deoch agam ó am go chéile le mo chairde scáileáin. Má leanann an dianghlasáil seo ar aghaidh rófhada eile tá an baol ann go mbeidh mé im’ alcólach!

Tá daoine an-tábhachtach domsa agus táim i mo bhall de chúpla grúpa sóisialta. Táim i mo bhall de dhá chlub leabhar, ceann amháin ina mbímid an-díograiseach maidir leis an leabhar a léamh agus a phlé agus ceann eile ina mbíonn an bhéim ar chomhrá agus ar chaidreamh sóisialta.

Tá an dá chlub sin fós ag teacht le chéile ar Zoom. Sa chéad ghrúpa táimid ag léamh The Weight of Love le Hilary Fannin.

Sa dara grúpa bhí cúpla quiz teaghlaigh againn agus an-chraic go deo ag baint leo.   

Tá leabhair an-tábhachtach domsa, ar ndóigh, agus táim ag dul siar ar roinnt leabhar a bhí léite agam cheana – ina measc Rogha Scéalta (Máirtín Ó Cadhain) ó Chló Iar-Chonnacht agus Eireaball Spideoige (Seán Ó Ríordáin). Thug m’athair Eireaball Spideoige dom mar bhronntanas agus mé sa mheánscoil fadó agus tarraingím chugam é ó am go chéile. Leabhair eile a thug pléisiúr dom le gairid ná Le Gean agus Scéalta Eile le Mike P Ó Conaola agus Cur i gCéill le Celia de Fréine.

Ar ndóigh is aoibhinn liomsa an fhilíocht agus le déanaí chuir cara glaoch orm féachaint an mbeadh spéis agam i Zoom Filíochta. An plean a bhí aici ná go roghnódh duine éagsúil file ar leith gach seachtain, go labhródh sé/sí faoin bhfile sin agus go n-éisteoimis le cúpla dán. An tseachtain seo caite d’éisteamar le filíocht Mary Oliver agus bhíomar ar fad faoi dhraíocht. Is fiú go mór ‘gúgláil’ a dhéanamh uirthi agus éisteacht léi ag léamh ‘Wild Geese’.

Bhí an dán sin ar cheann de na rudaí ba mhó a thug faoiseamh agus ábhar machnaimh domsa le tamall. Cá bhfios cén file a chuirfidh faoi dhraíocht mé an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Sa bhaile le Narcos, an Zoom filíochta, Mary Oliver agus Eireaball Spideoige'