An craoltóir aitheanta Sorcha Ní Chéilleachair ceaptha ina ceannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta

As Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise ó dhúchas do cheannasaí nua Thuismitheoirí na Gaeltachta a bheidh freagrach as plean oibre trí bliana na heagraíochta Gaeltachta

An craoltóir aitheanta Sorcha Ní Chéilleachair ceaptha ina ceannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta

Sorcha Ní Chéilleachair. Pictiúr: TG4

Tá Sorcha Ní Chéilleachair, an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, ceaptha ina ceannasaí ar an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.

I ráiteas a chuir siad amach inniu, dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta go dtabharfadh Sorcha Ní Chéilleachair “réimse leathan taithí léi chuig an eagraíocht, chomh maith le fuinneamh agus dúthracht as cuimse”.

Is iar-leasphríomhoide bunscoile í Ní Chéilleachair a bhfuil blianta fada caite aici i mbun na hiriseoireachta agus na craoltóireachta. Tá sí 17 bliain ag obair mar chlár-reachtaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus d’oibrigh sí leis an nuachtán Foinse roimhe sin. Tá cáilíocht sa phleanáil teanga chomh maith aici.

Is as Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise ó dhúchas di, ach tá sí ag cur fúithi ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara le fada, mar a bhfuil a gclann á dtógáil aici féin agus a fear céile Colm Mac Donnacha.

Fógraíodh anuraidh deontas €1,027,613 as seo go ceann trí bliana ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bhfuil sé de chúram orthu tacú le teaghlaigh Ghaeltachta a atá ag iarraidh a leanaí a thógáil trí Ghaeilge.

Méadú mór ab ea é sin ar an maoiniú a bhíodh ag an eagraíocht Ghaeltachta, thart ar €40,000 in aghaidh na bliana, agus aitheantas ab ea é don obair atá déanta ag an ngrúpa i measc teaghlach Gaeltachta ó bunaíodh é ar bhonn deonach in 2011.

Beidh Sorcha Ní Chéilleachair freagrach as plean oibre Thuismitheoirí na Gaeltachta a chur i bhfeidhm as seo go ceann trí bliana agus rachaidh sí i mbun a poist nua i dtús mhí na Nollag.

Fág freagra ar 'An craoltóir aitheanta Sorcha Ní Chéilleachair ceaptha ina ceannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta'

  • Derry O'Sullivan

    Ceapachán is infheisteas críonna!

  • Mairéad

    Go n-eirí leí agus leis na Tuismitheoirí. Tuar dóchais is ea an fás atá ar an eagaíocht.

  • Lillis Ó Laoire

    Comhghairdeas le Sorcha. Tuiscint, feasacht, díograis agus greann.