An craoltóir aitheanta as Maigh Eo Seán Ó hÉalaí ar shlí na fírinne

Ba as Acaill ó thús do Sheán Ó hÉalaí agus is lena chontae dúchais Maigh Eo is mó a samhlaíodh mar chraoltóir é ón uair a thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna hochtóidí

An craoltóir aitheanta as Maigh Eo Seán Ó hÉalaí ar shlí na fírinne

Tá an t-iarchraoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Seán Ó hÉalaí tar éis bháis. Bhí sé 79 bliain d’aois

Ba as Acaill ó thús do Sheán Ó hÉalaí agus is lena chontae dúchais Maigh Eo is mó a samhlaíodh mar chraoltóir é ón uair a thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna hochtóidí.

Bhain sé aitheantas amach as na cláir irise a rinne sé le RnaG agus d’fhág sé le hoidhreacht ag an stáisiún cartlann shaibhir d’ábhar ó Mhaigh Eo a bailíodh le linn na tréimhse a thug sé i bhfeighil ar an stiúideo a bhíodh ag an raidió i gCaisleán an Bharraigh.

Ar chuid de na sraitheanna a chuir sé i láthair, bhí Anseo i Maigh Eo, I gCeartlár na nDaoine, Iris Mhaigh Eo, ‘Sé do Bheatha, Parlaimint Mhaigh Eo agus Seó Mhaigh Eo. Ba í An Leithinisléiriúchán neamhspleách faoi stair agus seanchas leithinis an Mhuirthead, an tsraith dheireanach a chuir sé i láthair ar an stáisiún sa bhliain 2013.

Dúirt ceannasaí gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta  Gearóid Mac Donncha gur “ambasadóir den scoth” a bhí ann do phobal na Gaeltachta i Maigh Eo agus mhol sé “an tseirbhís iontach” a thug sé don stáisiún.

Maireann a bhean Finola, a gclann Fionán, Ruairí agus Tríona Blake, a dheirfiúr Ann O’Donnell, a gharchlann Rían, Aislinn agus Liam, a ghaolta eile agus a chairde go léir.

 

Fág freagra ar 'An craoltóir aitheanta as Maigh Eo Seán Ó hÉalaí ar shlí na fírinne'

  • Glór Í Eo

    Solas síoraí ar a anam dílís Gaelach. Ba bhreá liom a chlár raidió a bheith ar an aer arís.

  • Maire

    Craoltóir breá agus cainteoir cumasach a raibh stíl labhartha shochma shuaimhneasach aige. Go bféacha Dia air.

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    Fear barrúil, spraíúil a bhí i Seán, beannacht Dé leis, a bhí dílis riamh dá phobal féin agus a raibh fuinneamh éadromchroíoch ag baint lena chuid oibre mar chraoltóir. Gaeilge bhinn Acla a labhair sé agus oidhreacht Ghaelach Mhaigh Eo a d’fhéach sé le cur chun cinn is a chothú. Duine geanúil, tacúil a bhí ann a raibh acmhainn iontach grinn aige agus dearcadh dearfach ar an saol.