An Cogadh Cathartha – cogadh na díth céille

Agus an cuimhneachán céad bliain ar an gCogadh Cathartha beagnach thart níor cheart dearmad a dhéanamh air go ndearnadh gníomhartha uafásacha ar an dá thaobh

An Cogadh Cathartha – cogadh na díth céille

Tá an cuimhneachán céad bliain a rinneadh ar an gCogadh Cathartha beagnach thart. Caithfear a admháil nár tharraing sé aon chonspóid mhór. Ní bheifeá ag súil go dtarraingeodh nuair atá Fine Gael agus Fianna Fáil in aon bhád amháin anois.

Cogadh na gCarad a thugtar air. Tugtar Cogadh na mBráthar air freisin. Cogadh na Díth Céille a thugadh na seanfhondúirí i Mionlach air, a dúirt Tomás Laighléis le Tomás De Bhaldraithe.

Is gearr ó tháinig stiúrthóir Chnuasach Béaloideas Éireann, an Dr. Cormac Mac Cárthaigh, chomh fada liom agus é ag bailiú scéalta faoin gcogadh. Ó mo mháthair is mó a fuair mise scéalta den chineál sin.

Ar thaobh na Poblachta a bhí sise. Ba é a huncail Colm Ó Gaora a bhí amuigh i 1916 agus arís i gCogadh na Saoirse.  Ba é a bhí i gceannas ar na poblachtaigh in oirthear Chonamara sa gCogadh Cathartha.

Ní raibh meas ar bith ag mo mháthair ar na Státairí. “Ba mheasa iad ná na Black and Tans,” a deireadh sí. “Ar thaobh Shasana a bhí siad.”

Ní raibh suim ar bith ag m’athair i gcúrsaí polaitíochta. Ar a bhealach go hAlbain a bhí sé i 1922 le dhul ag obair i longcheárta i gClyde Bank. Bhí sé féin agus beirt eile ag siúl go dtí an Teach Dóite maidin amháin leis an traein a fháil nuair a stop saighdiúirí an tSaorstáit iad.

“An raibh faitíos ort?” a d’fhiafraíodh muid de. “An t-aon fhaitíos a bhí orm go dtógfaidís an changailt tobac a bhí i bpóca mo veiste taobh istigh agam,” a deireadh sé.

Ag cuartú Choilm Uí Ghaora a bhí siad. “Dá bhfaighidís greim air an lá sin ní bheadh saol fata i mbéal muice i ndán dó,” a deireadh m’athair.

Bhí Conamara faoi cheannas na bpoblachtach ar feadh an chuid ba mhó den Chogadh Cathartha. Ní hé sin le rá go mbíodh dea-eagar orthu i gcónaí.

Insítear scéal i Ros Muc faoin am a raibh Screebe Lodge gafa acu. Chuir siad fear as an áit amach ag an gcrosbhóthar agus gunna aige. Ba é an dualgas a bhí air pas na Poblachta a iarraidh ar thiománaí gluaisteáin ar bith a thiocfadh an bealach.

Ní mórán gluaisteáin a bhí ag imeacht an uair sin ach níorbh fhada a bhí sé ann gur tháinig ceann an bealach agus lánúin aosta ann. Bhí scéin an bhainbh dhóite iontu nuair a chonaic siad an gunna.

D’iarr an t-óglach an pas agus chuir siad ar fáil é. D’fhiafraigh sé díobh ansin cá raibh siad ag dul agus d’fhreagair siad gur ag déanamh ar theach tábhairne Pheacock ag an Teach Dóite a bhí siad.

“I’ll go with ye,” a dúirt sé agus shuigh sé isteach sa gcarr. Ní call a rá go raibh sé súgach go maith nuair a d’fhill sé ar a chomrádaithe.

Tá a fhios againn go ndearnadh gníomhartha uafásacha ar an dá thaobh sa gCogadh Cathartha. Bhí aintín liom pósta le fear i mBaile Átha Cliath darbh ainm Paddy McGarry. Deartháir leis ba ea Seán McGarry a bhí in Ardoifig an Phoist i 1916.

Le linn an Chogaidh Chathartha d’ionsaigh na poblachtaigh teach Sheáin McGarry agus dhóigh siad é. Bhí mac leis thuas staighre agus dódh ina bheatha é.

Phléigh mé an gníomh sin uair amháin le Tomás Ó Néill, a scríobh beathaisnéis de Valera. “An bhfuil a fhios agat,” ar seisean “gur chuir de Valera litir chuig muintir Mhic Gearraidh ag cur a mhíshástachta in iúl faoin ionsaí?”

Ba cheart go gcuirfeadh. Trí bliana roimhe sin bhí Seán McGarry in éineacht le de Valera nuair a d’éalaigh siad as príosún Lincoln i Sasana.

Maidir leis na ceannairí poblachtacha a chuir Rialtas an tSaorstáit chun báis tá mé ar an mbeagán daoine atá beo inniu a cheistigh duine den dream a d’ordaigh Liam Ó Maoilíosa agus a thriúr comrádaithe a chur chun báis.

Ní raibh mé ach naoi mbliana déag d’aois nuair a ghlaoigh mé lá ar Earnán De Blaghd. Dúirt mé leis go raibh sé i gceist againn páipéar beag Gaeilge a fhoilsiú agus d’iarr mé agallamh air.

“An bhfuil aiféala ort gur shínigh tú an fógra báis sin?” arsa mise?

“Níl,” a dúirt sé, “agus dhéanfainn aríst inniu é dá mba ghá.”

Fág freagra ar 'An Cogadh Cathartha – cogadh na díth céille'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá an ceart agat, a Sheosamh.

  • Art

    Cogadh na díth-céille. Is iontach an leagan é sin.

  • Seán Mag Leannáin

    B’shin De Blaghd… gan fiacail a chur ann.

  • Seán Mag Leannáin

    Díol suntais é a raibh le rá ag údair Ainm.ie faoin mBlaghdach: “Cuimhnítear freisin nach raibh aon aire eile riamh a rinne an méid céanna ar son na Gaeilge. Is dó a thugtar an chreidiúint maidir le polasaithe Gaeilge an rialtais i gcoitinne idir 1922 agus 1932 agus maidir le bunú an Ghúim, Choláiste Mhuire, na gcoláistí ullmhúcháin (cé nár easaontaigh sé le cinneadh na Roinne Oideachais in 1960 iad a dhúnadh) agus Thaibhdhearc na Gaillimhe, agus maoiniú Choláiste Ollscoile na Gaillimhe i dtreo go gcuirfí le tábhacht na teanga ann. Dúirt Láimhbheartach Mac Cionnaith sa réamhrá lena fhoclóir Béarla-Gaeilge (1935): ‘The idea of compiling a Dictionary of this kind came from the last government and especially from Mr Blythe, the then Minister of Finance’.”