An chumhacht a ceadaíodh do Stakeknife – cé a mhairfeadh agus cé a mharófaí

Is léir gur bhailigh lucht thuarascáil Oibríocht Kenova go leor faisnéise ach ní chuirfidh a foilsiú deireadh leis an tóir ar an bhfírinne

An chumhacht a ceadaíodh do Stakeknife – cé a mhairfeadh agus cé a mharófaí

Stát na Breataine agus an tIRA i gcomhar le chéile i marú saoránach’. B’in é léamh dlíodóra ghaolta daoine a dúnmharaíodh ar thuarascáil Kenova faoin mbrathadóir Stakeknife, Freddie Scappaticci.

Nocht lear mór fiosruithe cheana go raibh claonchaidreamh idir brathadóirí paraimíleatacha dílseacha agus seirbhísí faisnéise na Breataine ach is í tuarascáil Oibríocht Kenova an chéad chuntas cuimsitheach ar éilliú den chineál céanna idir ghníomhaire san IRA, Scappaticci agus a láimhseálaithe in Arm na Breataine.

Ina ról mar cheannaire ‘aonad slándála’ an IRA bhí Scappaticci freagrach as baill a fhuadach, a chéasadh agus a mharú toisc go rabhthas amhrasach gur sceith siad eolas leis na húdaráis faoin IRA. Maíonn gaolta le cuid díobh sin a maraíodh nár bhrathadóirí iad ach gur mharaigh ‘Scap’ iad chun a spiaireacht féin a cheilt; b’eisean an breitheamh agus an fear a d’ordaigh na piléir i gcúl an chinn, cumhacht gan srian aige, is cosúil.

Ba é Jon Boutcher atá anois ina Phríomh-Chonstábla ar an PSNI a rith fiosrú Kenova ón tús go dtí gur ceapadh ina phost reatha é. Ba é a scríobh an tuarascáil eatramhach a foilsíodh Dé hAoine a dúirt go raibh baint ag Stakeknife le marú 14 agus fuadach 15 ar a laghad.

Áibhéil ab ea an maíomh gur shábháil an fhaisnéis ó Stakeknife beatha na gcéadta, a dúirt Boutcher. Seans gur sábháladh dháréag ar a mhéid, ach mharaigh sé líon níos mó. Thairis sin maraíodh daoine cé go raibh a fhios ag na fórsaí slándála roimh ré céard a bhí beartaithe; maruithe ba cheart a bheith coiscthe.

Ina measc bhí cás nuair nár insíodh do bhrathadóir gur chosúil go raibh a fhios ag an IRA faoi; fuadaíodh agus maraíodh é. I gcás eile d’inis Arm na Breataine do Bhrainse Speisialta an RUC go raibh fear á choinneáil, cá raibh sé agus cé a bhí á cheistiú ach níor sábháladh é.

Chonaic muid an patrún céanna maidir le láimhseáil na mbrathadóirí dílseacha; rinneadh faillí san dualgas slándála ar mhaithe le gníomhairí a chosaint. Cuireadh bac ar fhiosruithe nó cheil an brainse speisialta eolas ar bhleachtairí chun a gcuid foinsí a chosaint.

Níor cúisíodh na ciontóirí ach fágadh saor iad chun a thuilleadh slad a dhéanamh. Anuas ar sin dúirt Boutcher nár tháinig foireann Kenova ar chás ar bith inar cúisíodh aon duine as brathadóir a mharú.

Thóg an fiosrú seacht mbliana, ar chostas suas le £40 milliún, ach níor cúisíodh éinne cé gur chuir Kenova breis is 30 cás faoi bhráid na Seirbhíse Ionchúisimh Poiblí. Údar frustrachais é sin do Boutcher agus dá chomharba in Kenova Ian Livingstone. Deir siad gur cheart Scappaticci a bheith cúisithe in 2020.

Fuair Freddie Scappaticci bás anuraidh. Níor ainmníodh é mar Stakeknife cé go raibh leidí sa tuarascáil a dhearbhódh é. Tá súil ag an bPríomh-Chonstábla Boutcher go mbeifear in ann Scappaticci a ainmniú san tuarascáil deiridh amach anseo.

Fadhb is ea é nár ainmníodh Scappaticci. Ní cheadaíonn rialacha rialtas na Breataine é, dá bhrí sin níorbh fhéidir a rá ar bhrathadóirí iad na híobartaigh ach an oiread cé gur theastaigh an t-eolas sin ó theaghlaigh. Náiríodh gaolta le daoine a maraíodh mar bhrathadóirí; go minic thug an tsochaí inar mhair siad cúl dóibh. Bhí saol uaigneach acu. Tá súil ag cuid acu go bhfaighidh siad freagraí sna tuarascálacha pearsanta atá geallta dóibh.

Is léir gur bhailigh Kenova go leor faisnéise ach d’uireasa cúisimh tá an-chuid míshásta. Bhí teaghlaigh buíoch den fhoireann as éisteacht a thabhairt dóibh agus dínit a muintire a dhearbhú. Mar sin féin is beag an cúiteamh é, má fhaigheann siad é, leithscéal ó Phríomh-Aire na Breataine a d’éiligh Jon Boutcher maille le leithscéal ó ghluaiseacht na poblachta. Ghabh Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill ceannairí Shinn Fein leithscéal ginearálta a bhí easnamhach, dar le Emma Little Pengelly an DUP.

Tá diancháineadh san tuarascáil ar fheachtas brúidiúil an IRA agus ar na heasnaimh chórasacha a cheadaigh do ghníomhairí agus láimhseálaithe an dlí a shárú de réir mar a thograigh siad. Ba chás le Jon Boutcher an mhímhoráltacht agus neamhdhleathacht a bhain le gníomhairí a bheith i mbun oilc agus an stát ar an eolas faoi.

Níorbh údar iontais é i dTuaisceart Éireann, gné lárnach den chogadh brocach. Músclaíonn sé ceisteanna faoi cé chomh sinsearach a bhí feidhmeannaigh slándála agus stáit a cheadaigh an mí-iompar nó a lig orthu féin nach raibh sé ag tarlú. Níor chuir Kenova clabhsúr ar an tóir ar an bhfírinne.

 

Fág freagra ar 'An chumhacht a ceadaíodh do Stakeknife – cé a mhairfeadh agus cé a mharófaí'

  • WTF

    Scanrúil amach is amach. De ghrá an airgid a rinne siad (na brathadóirí) na huafáis sin. Agus cumhacht ar ndóigh.