‘An chéad scór eile a bhuafaidh é seo, a leaideanna!’

Ba chóir gach cluiche a chríochnú ar an lá céanna a dtosaítear é

 

A general view of the scoreboard being changed 10/2/2013
©INPHO/Donall Farmer

Tamall ó shin, chuir Ard-Comhairle Chumann Lúthchleas Gael grúpa oibre le chéile chun teacht ar chórás nua faoina gcríochnófaí na cluichí ar fad ag an gCumann istigh de bhliain féilire. Seachtain ó shin, cuireadh tuarascáil an ghrúpa oibre sin inár láthair.

Dar ndóigh, beidh ar na boird chontae na moltaí a thabhairt os comhair na mball agus ansin cur agus cúiteamh a dhéanamh sula ndéanfar aon chinneadh faoi gach a bhfuil ann.

Tríd is tríd tá mórán céille ag baint leis. Ceann de na moltaí atá ann ná go n-athimreofaí ar an Satharn dár gcionn Cluiche Ceannais Sinsear na hÉireann a chríochnódh ar comhscór (is é sin, má bhíonn a leithéid againn arís).

Níor aontaigh bainisteoir Thiobrad Árann, Éamonn Ó Sé, leis an moladh sin agus nochtadh mórán tuairimí ar na meáin shóisialta i rith na seachtaine faoi ghnéithe éagsúla den tuarascáil.

I mo thuairimse, d’fhéadfaí na comórtais go léir a chríochnú in am ach athrú amháin a dhéanamh.

Mhol mé anseo an tseachtain seo caite go gcuirfí deireadh ar fad le cluichí athimeartha toisc go gcuireann siad isteach chomh mór sin ar chluichí na gclub.

Bhuel, táthar ag moladh sa tuarascáil seo i gcás comhscóir i gcluiche craoibhe club go mbeadh am breise ar dtús ann agus ina dhiaidh sin, dá mbeadh na foirne fós ar comhscór, go mbeadh cúig nóiméad eile an taobh d’am breise ann.

Moladh stuama é sin agus ach seans go mbeadh buaiteoir agat tar éis nócha nóiméad. Ach cad a tharlódh dá gcríochnódh an cluiche cothrom i ndiaidh an uair go leith? Athimirt is dócha .

Go minic imrítear cluiche ag deireadh seisiún traenála agus is minic freisin a fhógraíonn an traenálaí “an chéad scór eile a bhuafaidh é seo!“.

Cad ina thaobh nach féidir na cluichí craoibhe ar fad a chríochnú mar sin, is é sin tar éis dhá thréimhse d’am breise?

Nó cad faoi mhúnla an tsacair agus méid áirithe pocanna píonóis a bheith ann chun teacht ar bhuaiteoir? Tá fhios agam go mbíonn lán sparán airgid i gceist nuair a bhíonn comhscór sna cluichí móra ach nach bhfuil sé in am meas a thaispeáint don tromlach atá ag imirt dá gclubanna agus dá gclubanna amháin?

Tríd is tríd, ceapaim gur maith an rud a bheadh ann na comórtais go léir a chríochnú taobh istigh de bhliain féilire, ach má tá siad lán dáiríre faoi, caithfidh siad fáil réidh leis na cluichí athimeartha.

Ní dóigh liom go bhfuil mórán fiúntais ag baint ach an oiread leis na comórtais (Criostal Phort Láirge srl…) atá á n-imirt faoi láthair.

Is leor dhá chomórtas  do na himreoirí idirchontae.

Mar a luaigh me an tseachtain seo caite, bíonn sé deacair comórtais a reáchtáil nuair atá dhá spórt i gceist agus cuid maith de na daoine céanna ag imirt an dá chód.

Is é an leigheas céanna atá ar an scéal sin; deireadh a chur leis an gcluiche athimeartha. Gach cluiche a chríochnú ar an lá a dtosaítear é!

Dá ndéanfaí an t-athrú bunúsach sin, d’fhéadfadh gach contae máistirliosta cluichí a leagan amach agus cloí leis.

Táim bodhar ó bheith ag éisteacht le himreoirí agus bainisteoirí club ag gearán faoin easpa cluichí i lár an tsamhraidh, tráth a dtagann deireadh obann le craobhacha club fad is atá imreoirí ar dualgas lena gcontae.

Mar sin a lucht stiúrtha an Chumainn Lúthchleas Gael, cuirigí deireadh leis an athimirt agus cuirigí iachall ar gach contae máistirliosta a leagan amach agus cloí leis.

 

Fág freagra ar '‘An chéad scór eile a bhuafaidh é seo, a leaideanna!’'