Foilseofar an tseachtain seo an chéad fhoclóir Breatnaise-Gaeilge agus súil ag fear a scríofa, Joe Mitchell, go mbainfidh idir chainteoirí Gaeilge agus chainteoirí Breatnaise tairbhe as a shaothar.
Rugadh Mitchell i Caerfyrddin sa Bhreatain Bheag agus tógadh in Abererch é. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge tuairim is 30 bliain ó shin ó Bharra Tóibín in Caerdydd agus bhain céim mháistreachta amach sa teanga in Ollscoil Aberystwyth.
Dúirt sé le Tuairisc.ie go raibh sé ag fanacht “le fada an lá” leis an bhfoclóir a fhoilsiú agus é ar intinn aige a leithéid a chur i gcló le beagnach 30 bliain.
“Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i 1989. Chonaic mé go raibh ranganna ar fáil agus chuaigh mé chucu. Ba chainteoirí Breatnaise cuid mhaith den rang ach bhí an cúrsa agus na leabhair féin i mBéarla. Ní raibh aon leabhar ar fáil don chainteoir Breatnaise ar mhaith leis an Ghaeilge a fhoghlaim.
“Shíl mé gur dheas an rud é go mbeadh ábhar ar fáil agus thosaigh mé leis sin. Is as sin a tháinig an smaoineamh agus, de réir a chéile, chuir mé an foclóir i dtoll a chéile. Bhí tréimhsí ann i gcaitheamh na mblianta a raibh mé díomhaoin ach tá mé sásta go bhfuil an saothar críochnaithe anois,” a dúirt Mitchell.
Dúirt sé go bhfuil roinnt mhaith daoine sa Bhreatain Bheag a bhfuil an Ghaeilge agus an Bhreatnais acu, idir chainteoirí Breatnaise a chuir spéis sa teanga Cheilteach eile agus chainteoirí Gaeilge a d’aistrigh go dtí an Bhreatain Bheag agus a d’fhoghlaim an teanga.
Tá Gaeilge ag a bhean féin agus a muintir agus dúirt sé le Tuairisc.ie go labhraíodh sé Gaeilge lena chlann féin anois is arís, cé gur teaghlach Breatnaise a bhí ann den chuid is mó.
Dúirt sé go mbíonn a ghasúir féin ag scríobh i nGaeilge ó am go chéile ach gurb é córas litrithe na Breatnaise a bhíonn acu le fuaimeanna na Gaeilge a chur ar phár. Tá súil aige go mbeidh an foclóir nua ina chabhair ag leithéidí a chuid páistí féin.
“Tá na ceannfhocail i mBreatnais ach beidh sé an-úsáideach don chainteoir Gaeilge nó cainteoirí Breatnaise. Tá tuairim is 14,000 focal ann, saothar réasúnta mór, agus tá na focail is coitianta sa Bhreatnais ann chomh maith le roinnt focal liteartha agus focail chanúnacha,” a dúirt sé.
Bunaithe ar leagan amach an fhoclóra Béarla-Gaeilge a chuir Tomás de Bhaldraithe i dtoll a chéile i 1959 atá an foclóir nua Breatnaise-Gaeilge seo agus tá an nodaireacht chéanna i bhfeidhm a thugann eolas faoi inscne na bhfocal agus na hathruithe gramadaí ba cheart a chur i bhfeidhm orthu.
Tá treoir i nGaeilge ann freisin maidir leis na hathruithe a dhéantar ar thúslitreacha sa Bhreatnais agus treoir i mBreatnais ann ar ghramadach na Gaeilge.
Ba é an Dr Diarmuid Johnson, colúnaí le Tuairisc.ie, a bhí ina eagarthóir comhairleach ar an saothar agus beidh cóipeanna á dtabhairt go hÉirinn aige nuair a bheidh sé ag seoladh a leabhair féin, Conaire Mór sa tír seo an mhí seo chugainn.
Tá roinnt gearrscéalta de chuid Mháirtín Uí Chadhain aistrithe go Breatnais ag Joe Mitchell chomh maith le léacht an Chadhnaigh.
Beidh fáil ar an bhfoclóir ó Llyfrau Ystwyth Books sa Bhreatain Bheag agus tá súil ag Mitchell é a chur ar fáil i siopaí leabhar na hÉireann freisin.
serendipity@gmail.com
Go hiontach ar fad! Míle buíochas as éacht oibre sin a chur i gcrích.