Tá geáitsíocht coitianta in Stormont. Is minic ábhair faoi chaibidil nach mbaineann le réimse freagrachta an Tionóil ná an Fheidhmeannais. Tá tionchar ollmhór ag an mBreatimeacht ar shaol an phobail, ach níl de stádas ag na polaiteoirí logánta ina leith ach a bheith ina lucht faire.
Nuair a phreab an cheist chun tosaigh arís mar rún ar chlár an Tionóil céard eile a tugadh ar ais ach an tseift chonspóideach, an achainí chásmhar nó veto.
Níor baineadh leas as an achainí chásmhar le cúig bliana ó glacadh leis in Ré Nua, Cur Chuige Nua, socrú athbhunaithe Stormont in 2020, go raibh mí-úsáid bainte as mar veto polaitiúil. Is mar chosaint ar chearta mionlaigh a dearadh an achainí i 1998, ní mar sheift chun bac a chur ar rún.
Ba é an DUP ba mhinice a d’úsáid an veto roimh 2020. Léirigh scrúdú a rinne an suíomh fiosraithe ‘The Detail’ ar 115 cás i gcaitheamh cúig bliana go dtí 2016 go raibh an DUP freagrach as 86 cás agus Sinn Féin/SDLP as 29. Anois tá an DUP, le tacaíocht ón UUP agus an TUV, ag baint úsáid as chun bac a chur ar rún de chuid Shinn Féin a bhaineann le Breatimeacht. Ba é moladh Shinn Féin go scríobhfadh an Tionól chuig Parlaimint na hEorpa ag iarraidh go gceadófaí stádas breathnóirí d’ionadaithe ó Thuaisceart Éireann inti. Níl aon ionadaí tofa ag an Tuaisceart sa Pharlaimint ach bhíodh triúr feisirí aige roimh an mBreatimeacht.
Ceist chigilteach is ea an Breatimeacht don DUP, i ngeall ar a ról mar áisitheoirí ag na Tóraithe a d’éiligh an briseadh ba dhéine ar fad ón Aontas Eorpach. Rinne seasamh an DUP dochar mór don pháirtí. Cuireadh an locht orthu as drochbhreithiúnas agus neamhaird ar mhianta an mhóraimh abhus. Chuir siad amú an chumhacht a bhí acu ar rialtas Theresa May agus lig a maidí le sruth ag sodar i ndiaidh Boris Johnson a lig síos iad mar ba dual dó. Rinne siad praiseach, dar leo siúd gur theastaigh Breatimeacht uathu agus dar leis an móramh a bhí ina choinne; teip éachtach nár théarnaigh siad uaithi.
Tá leas á bhaint as an achainí chásmhar ionas nach mbeidh an TUV in ann iad a ionsaí. Cáineann an dá pháirtí aontachtach a thacaigh leis an tseift seo an DUP ach teastaíonn uathu go léir deireadh a chur leis an teorainn i Muir Éireann – deireadh le Creat Windsor. Éileamh in aisce is ea é sin más fíor a bhfuil le rá ag rialtas Keir Starmer atá ag iarraidh gaol níos gaire leis an AE de bharr an damáiste a rinne Breatimeacht do gheilleagar na Ríochta Aontaithe.
Chosain an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, úsáid an veto ag rá gur mheicníocht é chun a dhul i ngleic le heaspa comhthola. Níl comhthoil ná comhaontú traspháirtí/trasphobail faoin ábhar seo, ar sí. Bhí a ráiteas ag teacht le leagan amach an DUP le cúpla bliain anuas nuair a d’fhéach siad le comhthoil a úsáid mar chritéar chun go nglacfaí le plean ar bith.
D’fháiltigh Gavin Robinson, ceannaire an DUP roimh thacaíocht an dá pháirtí aontachtach eile don achainí chásmhar. Léirigh an t-aontas eatarthu cé chomh tréan is a bhí a bhfreasúra d’aon chéim a bhogfadh Tuaisceart Éireann níos gaire don Aontas Eorpach, ar sé. Chinntigh úsáid na hachainí, arsa Robinson nárbh fhéidir a gcás a shárú ná cuidiú le Sinn Féin ina n-aidhm chun ról Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe a lagú.
Ba chosúil go raibh móramh de na Teachtaí i bhfabhar an rúin chun nasc a dhaingniú leis an Eoraip; tá móramh de na Teachtaí Tionóil i bhfabhar filleadh ar an AE. Ní chuirfeadh an vóta ceangal orthu ar aon nós ach cuirfidh an achainí ar neamhní é. Bainfear lá eile as an achrann seo mar ní féidir an achainí a phlé go ceann 14 lá. Faoin am sin beidh an Tionól ar saoire go dtí an 4 Eanáir. Caithfear go leor fuinnimh ar an gcéapar seo nach mbainfidh oiread is duine amháin lasmuigh den halla tairbhe as. Taispeántas eile ó na hinstitiúidí díláraithe a chreim muinín agus meas an phobail orthu.
Fág freagra ar 'An Breatimeacht agus an ‘veto’ ar ais in Stormont'