‘An bhoige, an chomhbhá agus an nádúr le sonrú fós in anam an pháiste’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2025 leis an bhfile Aifric Mac Aodha, a bhuaigh Duais Filíochta Michael Hartnett in 2025 dá cnuasach Old Friends

‘An bhoige, an chomhbhá agus an nádúr le sonrú fós in anam an pháiste’

Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2025?

Dán le Paddy Bushe a léamh agus mé ag déanamh ar an gClochán, lá bog braonach. ‘Labhrann an Bodach leis an gCailleach’ is ainm don dán céanna agus tá sé le foilsiú ar Éigse Éireann, Eagrán na Nollag. Obair shnoite. Faoi mar a dúirt an Direánach, ‘Mise a bhéarfadh cuid mhór / ar a bheith chomh deas chuig mo ghnó.’

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2025?

Chuir nia óg liom ‘aithne’ ar phocaire gaoithe, éan a thugadh cuairt ar chúl an tí. Tháinig sé ar chorp an éin, lá, agus é ag fánaíocht thart le cara leis. D’eagraíodar beirt searmanas beag in onóir an éin agus rinneadar é a adhlacadh. Leagadar leac chuimhneacháin os a chionn, leac a ceannaíodh d’Oíche Shamhna, agus chóiríodar clocha timpeall ar an uaigh. Chuaigh sé go croí ionam go bhfuil an bhoige, an chomhbhá agus an nádúr sin le sonrú fós in anam an pháiste.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2025?

An scéal céanna a thugann Áine Uí Fhoghlú léi ina dán coscrach, ‘Arís, leanbh’: ‘Le hamhrán fola in imearlann / coincréite is cruach cam, tá cluichí leanaí / iompaithe ina nguí scéine, a súile ag stánadh / ar spéir fhealltach, ar scáthanna / na n-éan creiche ag athghrúpáil / cheana féin os a gceann.’

Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?

Tá mé le cuairt a thabhairt ar Luxor, um Nollaig.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?

Ba iad Bódléar le Darach Ó Scolaí agus Fiche le Colm Ó Ceallacháin an dá leabhar ba mhó a chuaigh i gcion orm. Tá ‘Paiste Cainte’, bhur bpod féin, thar barr. Chuirfinn gach abairt a bhreac Dónall Ó Braonáin le stór na seoda, e.g. an péarla geal ina léirmheas gonta ar Count Me Out: Selected Writings of Filmmaker Bob Quinn: ‘Meabhrú misniúil gur smaointe ar phár is siocair le gníomhartha fónta.’ Bhain mé taitneamh as gigeanna go leor i gcaitheamh na bliana, Gillian Welch ina measc.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?

Nach bhfuil ionamsa an diamhair a bhaint de chroí na bhfear!

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?

Níor éirigh ná é! Chuireas romham leabhair Ghaeilge (agus leabhair Ghaeilge amháin) a léamh ar feadh bliana. Is é fírinne an scéil nár léas mórán i dteanga ar bith.

Fág freagra ar '‘An bhoige, an chomhbhá agus an nádúr le sonrú fós in anam an pháiste’'