An bhfuil na buillí deireanacha buailte ag polaiteoirí i mBaile Conaola?

Is ar éigean go bhfuil aon phíosa talún in Éirinn a bhfuil lorg a gcos fágtha ag polaiteoirí air chomh minic agus atá déanta acu ar chúrsa Gailf Bhaile Conaola

An bhfuil na buillí deireanacha buailte ag polaiteoirí i mBaile Conaola?

Buille fill a bhí ann i súile an phobail.  Chaill galfairí na Dála agus an tSeanaid an cluiche i gConamara.   Tá buillí troma buailte ar phearsana poiblí de bharr na hócáide agus lorg na conspóide leathnaithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta as Baile Conaola go dtí an Bhruiséil.

Is ar éigean go bhfuil aon phíosa talún in Éirinn a bhfuil lorg a gcos fágtha ag polaiteoirí air chomh minic agus atá déanta acu ar chúrsa Gailf Bhaile Conaola.   Tá béaloideas polaitiúil dá chuid féin ag baint leis an gcúrsa seo ar imeall an Atlantaigh i mbaile fearainn na hAille Brice atá tuairim 10 gciliméadar siar ó bhaile mór an Chlocháin.  Ó rinneadh forbairt ar an gcúrsa seo os cionn 45 bliain ó shin, tá aghaidh na bpolaiteoirí ar an áit.  Bhíodh sé de theideal neamhoifigiúil air go mba é ‘Parlaimint Bhaile Conaola’ é.

Chuir cúrsa Gailf Bhaile Conaola borradh faoin turasóireacht amach an taobh ó thuaidh de Chonamara agus chuir na polaiteoirí borradh faoin gcúrsa de bharr an luí a bhí acu leis an áit.

Ba iad dream Fhianna Fáil ba mhó a bhí luaite le Baile Conaola – muintir Luineacháin, Seamus Brennan, Brian Cowen, Mark Killilea, muintir Kitt, Frank Fahey, Donie Cassidy agus go leor eile.  Ní raibh muintir Fhine Gael in easnamh ach an oiread – Phil Hogan, Enda Kenny, Brian Hayes agus tuilleadh acu.  D’fhéadfá líon mór eile acu a chur leis sin idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí, Chomhairleoirí Contae agus tuilleadh.

Is beag de mhuintir an Lucht Oibre a bhíodh thart cé gur bhuaigh Jack Wall as Cill Dara duaiseanna ag imirt ann.

I mí Lúnasa is mó a bhíodh polaiteoirí le feiceáil ann agus ba mhinic sna blianta a caitheadh gur ann a bhíodh Comórtas Bliantúil Chumann Gailf an Oireachtais.  Bhíodh an dinnéar bliantúil i gclubtheach an chúrsa ach cuireadh as an áireamh é an iarraidh seo mar nach mbeadh dótháin áite ann le spás a choinneáil idir daoine.

Ócáidí spraíúla a bhíodh iontu, ócáidí Lúnasa i bhfad ó Theach Laighean.

Is cuimhneach liom riar blianta ó shin Taoiseach na linne sin, Brian Cowen agus ceannaire an fhreasúra san am, Enda Kenny a bheith ann agus Mark Killilea, iar-aire rialtais ar ndóigh agus Feisire Eorpach, ag tabhairt faoin mbeirt acu san óráid ghrinn a thug sé.  Bhí Killilea cumasach ar an gceird sin agus bhíodh sé ina phríomhchainteoir neamhoifigiúil ann.  Thugadh sé corrfhiacail freisin do Phil  Hogan agus eisean ag scairtíl gháirí.  Bhíodh teaghlach polaitiúil Kitt as an nGallach in oirthear na Gaillimhe go láidir ann. Bhí Proinsias agus Áine Kitt cumasach ar an gceol agus ar na hamhráin.

Ba mhó fonn urláir a bhíodh ar Brian Cowen ná ar Enda Kenny.  Go deimhin, bhíodh Brian Cowen ag rá gur cheart d’Enda Kenny níos mó spraoi a bhaint as an oíche.  Is cosúil go raibh Enda níos cúramaí ar fhaitíos go mbeadh na meáin ag coinneáil súil ar na himeachtaí. Cé gur duine gealgháireach a bhí ann, bhí sé airdeallach ar an gcaoi sin.    

Go deimhin, aon bhliain amháin acu chuaigh tuairisceoir amach ar an gcúrsa ag iarraidh bleid a bhualadh ar Brian Cowen agus eisean ag imirt san am.

Tuairiscíodh go raibh comhrá gonta spéisiúil ann.    

Ba é an Seanadóir Paddy Burke as Béal an Átha an galfaire ab fhearr acu sna blianta sin.  Reáchtáladh an comórtas cúpla geábh i Maigh Eo agus is léir go raibh an Búrcach ag obair air sin.  Tá an Búrcach ábalta ar na maidí fós ach chaill sé fuip Fhine Gael mar gheall ar an oíche cheana sa gClochán.

Bhaineadh daoine as na páirtithe éagsúla an-chraic as na hócáidí seo agus ba dheas an rud é sin.

Is iomaí sin gairm a mbíonn teacht le chéile ag a mbaill.  Ní le nimh a chothú idir iadsan a chleacht an ghairm a ceapadh an pholaitíocht. Agus má bhí cúpla focal idir Teachtaí Dála ar urlár na Dála, níor mhiste gur caitheadh iad sin in aer gar d’aer folláin an Atlantaigh i mBaile Conaola.   

Tá an leagan curtha ar an scéal ag daoine áirithe sa bpolaitíocht le seachtain gur ócáidí do bhoic mhóra a bhí iontu seo.  Ar an gcéad iarraidh, tá pá chomh hard céanna – nó níos airde – ag cuid acu siúd atá ag tabhairt soncanna anois do lucht an ghailf.  Dá rachfaí sách domhain sa scéal sin, d’fhéadfaí dearcadh a chothú nár cheart go mbeadh rud ar bith ag duine ar bith mura bhfuil chuile shórt ag chuile dhuine.

An t-eireaball atá ar an scéal seo anois, tá sé gafa as Baile Conaola go dtí an Bhruiséil.   Ar bhun praiticiúil – agus gar do bhaile – d’fhéadfadh a lorg fanacht ar chúrsa gailf Bhaile Conaola agus eireaball de freisin ar an turasóireacht in iarthar Chonamara.

Ní dhéanfadh sé leas do chúrsa Bhaile Conaola go gcuirfí deireadh le Cumann Gailf na Dála agus an tSeanaid.  Creideann lucht na turasóireachta siar Conamara nach maith a ghabhfadh lagan ar stádas an chúrsa don turasóireacht.   Ach tharraing Cumann Gailf an Oireachtais an ceann seo orthu féin.

Mura mbeadh ann ach an galf ní dóigh go dtabharfaí an oiread suntais dó. San am céanna, tá an saol trína chéile i mbliana agus an víreas gránna seo ina chontúirt don phobal.

Go deimhin, b’fhearr go mbeadh an ócáid bhliantúil seo, idir ghalf is dinnéar, curtha thart uilig i mbliana.

Ina dhiaidh sin féin, is féidir le polaiteoirí agus lucht dlí agus iriseoirí a dhul ag imirt astu féin, nó le comhluadar beag, i mBaile Conaola nó ar chúrsa ar bith eile atá oscailte.

Bhí Cumann Gailf an Oireachais os cionn an pháir i dtéarmaí gailf agus dinnéir i gConamara an tseachtain seo.

B’fhéidir go bhfuil buille an Chumainn tugtha anois.

Fág freagra ar 'An bhfuil na buillí deireanacha buailte ag polaiteoirí i mBaile Conaola?'

  • Seán Mag Leannáin

    Cur síos cineálta go leor ar na laethanta a bhí san alt seo. Ar airigh mé beagáinín den chumha i ndiaidh an tseansaoil nuair a bhí an chraic thar cionn ag buachaillí an dá pháirtí go leith?