An bhfuil bia á stoc-charnadh agat don chogadh go fóill? 

Is ait an aimsir ina mairimid agus tá bia á stoc-charnadh ag ár gcolúnaí ar eagla go gcuirfeadh cibear-ionsaí éigin as do chóras dáileacháin ollmhargaí i ngar dó

An bhfuil bia á stoc-charnadh agat don chogadh go fóill? 

An bhfuil tú ag réiteach don chogadh go fóill?

Cén cogadh a deir tú?

An ceann atá tosaithe cheana féin, a thosaigh nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022.

Bhain ardrúnaí NATO, Mark Rutte, siar rud beag as muintir iarthar na hEorpa agus Cheanada nuair a dúirt sé, ag deireadh na bliana seo caite, gur chóir dúinn ‘réiteach do chogadh’.

‘Níl muid réidh dá dtiocfadh cogadh inár dtreo as seo go ceann ceithre nó cúig bliana,’ a dúirt Rutte, ag tagairt ní hamháin do bhagairt Vladimir Putin san oirthear ach don neamhchinnteacht a bhainfidh le huachtaránacht Donald Trump sna Stáit Aontaithe, agus dá bhfuil á bheartú ag an tSín, ag an gCóiré Thuaidh agus ag an Iaráin lena chois.

Bheadh sé i bhfad ró-éasca a rá gur gríosóir cogaidh atá i Mark Rutte agus go bhfuil sé i bpócaí thionscal na n-arm, agus go mbeidh chuile shórt ceart ach polasaí neodrachta a bheith ag tír lena coinneáil slán ó chogadh, nó ó impleachtaí chogadh i dtír éigin eile.

Nuair atá cáblaí fuinnimh ar ghrinneall na farraige á scrios ag báid Shíneacha atá ag seoladh ón Rúis, nuair a tharlaíonn 600 milliún (!) cibear-ionsaí gach lá a bhfuil ceangal acu leis an Rúis, tá an ceart ar fad ag Mark Rutte nuair a deir sé ‘nach bhfuil muid i mbun cogaidh, ach nach mairimid in aimsir shíochána ach oiread’.

Mark Rutte

Gach seans go ndearna muintir Chríoch Lochlann, na dtíortha Baltacha agus na dtíortha sin in oirthear na hEorpa nach bhfuil faoi anáil Putin cheana féin – agus go deimhin muintir na hÚcráine – gach seans go ndearna siad sin ar fad rud beag gáire faoin ngeit a bhain caint Rutte as a mbráithre i lár agus in iarthar na mór-roinne.

Tá muintir na Sualainne, na Fionlainne agus tíortha nach iad ag réiteach do ghéarchéim le roinnt mhaith blianta anuas: an tseirbhís mhíleata éigeantach á tabhairt ar ais, ballraíocht á glacadh i NATO, foscadáin faoi thalamh á dtógáil, bia á stoc-charnadh sna cistineacha.

San Ísiltír, mar a bhfuil cónaí orm féin, tháinig caint Rutte, a bhí ina phríomh-aire ar an Ísiltír ar feadh 14 bliana sular ceapadh ina ard-rúnaí ar NATO é, sna sála ar chomhairle ó na bancanna gur chóir do dhaoine ‘dóthain airgid thirim’ a bheith sa teach acu sa chás ‘go gcuirfeadh cibear-ionsaí nó eachtra éigin eile as do na córais íocaíochta dhigiteacha’.

Creach ar na hinnill ATM an toradh agus ar feadh lá nó dhó bhí na poill sa bhalla folamh.

‘Ar líon tú do thocht le nótaí bainc go fóill?’ a d’fhiafraigh mé de mo dheartháir mór. Ag magadh a bhí mé, ach b’éard a d’fhreagair sé ná: ‘An bhfuil a fhios agat seo? Le cúpla mí anuas, tá buidéil mhóra uisce á gcur sa siléar agam, ar eagla na heagla, agus cheannaigh mé lóchrann lámhoibrithe.’

B’éigean dom a admháil ansin go gceannaím cúpla canna tuinnín uair ar bith a mbíonn sladmhargadh orthu san ollmhargadh agus go bhfuil carn acu anois i mo shiléar féin, agus seilfeanna lán sú torthaí agus bainne seacláide UHT lena chois.

Rud a chuireann i gcuimhne dom gur chóir dom a sheiceáil an bhfuil osclóir cannaí agam, agus gur chóir dom bia a stoc-charnadh don chat, ar eagla go gcuirfeadh cogadh hibrideach éigin as do chórais dáileacháin na n-ollmhargaí drochlá éigin amach anseo.

Fág freagra ar 'An bhfuil bia á stoc-charnadh agat don chogadh go fóill? '

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    Nach shin í díreach an fhadhb? Tá na cosáin soláthair leochaileach agus is éasca cur isteach orthu go leictreonach. Is féidir tír a lot anois gan cogadh piléar in aon chor.