Amhras léirithe i dtuarascáil nua faoi oiriúnacht chalafort Ros an Mhíl d’earnáil na gaoithe

Deirtear i ‘Staidéar na gCalafort Náisiúnta’ gur deacair a fheiceáil cén chaoi a bhféadfaí freastal ar an bhfuinneamh gaoithe ag an gcalafort gan an ruaig a chur ar an dream atá á úsáid faoi láthair

Amhras léirithe i dtuarascáil nua faoi oiriúnacht chalafort Ros an Mhíl d’earnáil na gaoithe

Léirítear amhras i dtuarascáil nua faoi oiriúnacht chalafort Ros an Mhíl d’earnáil an fhuinnimh ghaoithe amach ón gcósta.

Rinneadh an staidéar seo ar na calafoirt, Staidéar na gCalafort Náisiúnta [National Ports Study], d’eagraíocht lucht na muilte gaoithe, Wind Energy Ireland, agus deirtear ann nach bhfuil an t-infreastruchtúr feiliúnach ag calafort Ros an Mhíl a bheadh ag teastáil le freastal ar thionscal na muilte gaoithe amach ón gcósta.

Deirtear chomh maith nach leor na forbairtí atá molta don chalafort le freastal ar an earnáil sin.

Tá an comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group, leagtha ar €1 billiún a chaitheamh ar fhorbairt feirm ghaoithe ar láthair faoi bhun an tsnátha mara ar na Sceirdí amach ó chósta Charna agus táthar ag súil go mbeadh Ros an Mhíl in ann freastal ar an bhforbairt sin.

Aithníonn na taighdeoirí go bhfuil Ros an Mhíl suite i ngar don fhorbairt fuinneamh gaoithe atá ar na bacáin do charraigeacha na Sceirdí in Iorras Aithneach, ach cuireann lucht na tuarascála fainic leis sin.

Deir siad go mbeadh lucht thionscnamh na muilte gaoithe in iomaíocht le húsáideoirí eile faoin spás a bheadh ag an gcéibh nua agus faoin spás lódála agus stórála a bheadh ann.

“Tá na háiseanna á ndearadh le feiliúint do thionscal na hiascaireachta agus dá bharr sin ní bheidís feiliúnach den chuid is mó mar ionad óna ndéanfaí freastal agus eagrúchán ar thionscnamh ar leith. D’fhéadfadh go mbeadh an deis ann comhoibriú le calafoirt eile atá gar go leor, Gaillimh agus Na Cealla Beaga mar shampla, le freastal a dhéanamh ar thionscnaimh trí leas a bhaint as cúpla calafort.

“Ní cuid de shainchúram na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara tacaíocht a thabhairt d’earnáil an Fhuinnimh Inathnuaite amach ón gCósta agus dá bharr sin ní fios ag an tráth seo an mbeadh an áis sin ar fáil.”

Deir comhairleoirí Gavin and Doherty Geosolutions, údair na tuarascála, go bhfuil calafort Ros an Mhíl srianta de bharr an domhain atá ann a bheith teoranta agus é ag teastáil chomh maith ó thionscal na hiascaireachta.

“Cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar na pleananna forbartha, beidh na háiseanna atá á moladh deartha chun freastal ar riachtanais na mbád iascaigh atá ansin faoi láthair. Fágann sin nach mbeadh sé ábalta freastal ar riachtanais chéibhe le tionscnaimh fheistithe (shuite) ná tionscnaimh shnámha a sheoladh.”

Tá amhras mór ar na comhairleoirí faoi oiriúnacht an chalafoirt i gConamara mar áit a d’fhéadfadh freastal as féin ar fheilmeacha móra gaoithe.

“D’ainneoin go bhfuil Ros an Mhíl suite in áit mhaith ó thaobh na dtionscnamh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta thiar agus an fharraige réasúnta domhain amach ansin, níl sé réalaíoch é a mholadh mar chalafort chun freastal as féin [solo] ar an bhfuinneamh inathnuaite amach ón gcósta agus leis an tionscnamh sin a mhaoirseacht as.”

Deirtear sa tuarascáil go mb’fhéidir go bhféadfaí Ros an Mhíl á úsáid le freastal ar an bhfuinneamh gaoithe ar muir agus é mar chuid de thionscnamh níos mó.

“Bheadh sé indéanta comhoibriú le calafoirt eile in aice láimhe chun tacú le gníomhaíochtaí freastail is soláthair.”

Deirtear sa tuarascáil gur deacair a fheiceáil cén chaoi a bhféadfaí freastal ar an bhfuinneamh gaoithe ag an gcalafort gan an ruaig a chur ar an dream atá á úsáid faoi láthair.

Luaitear sa staidéar seo, an National Ports Study go bhfuil moltaí ann céibh nua 200 méadar a thógáil agus trí heicteár talún a thabhairt chun míntíreachais in aice leis an infreastruchtúr atá i Ros an Mhíl faoi láthair.

Deir siad áfach go bhfuil an fhorbairt sin á “cur chun cinn” ag tionscal na hiascaireachta agus í á maoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus dá bhrí sin “nach léir ag an tráth seo, an mbeadh sí ar fáil d’earnáil an fhuinnimh inathnuaite”.

Mí Lúnasa na bliana seo bhí cruinniú ag Údarás na Gaeltachta le dreamanna a mbeadh spéis acu freastal a dhéanamh ar thionscal an fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta ag an gcalafort i Ros an Mhíl.

Deirtear sa tuairisc “gur spéisiúil an scéal a bhí ansin agus gur léirigh sé gur tuigeadh na deiseanna forbartha réigiúnaí” a bheadh sa tionscnamh.

In 2018 a thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála le haghaidh na n-oibreacha atá molta i Ros an Mhíl agus rachaidh an cead sin in éag in 2023. Táthar ag súil go mbeifear tosaithe ar an obair faoin tráth sin agus go mbeidh siad críochnaithe faoin mbliain 2024.

Is í an tuarascáil seo a rinne by Gavin & Doherty Geosolutions an ceann is mionsonraithe a rinneadh riamh ar oiriúnacht calafoirt d’fhorbairt mhór in earnáil an fhuinnimh ghaoithe ar muir. Is í tuairim mheáite na saineolaithe nach bhfuil ach calafort amháin as na 13 mórchalafort sa tír seo atá feiliúnach faoi láthair le freastal ar fheilmeacha gaoithe amach ón gcósta, agus sin é calafort Bhéal Feirste.

Fág freagra ar 'Amhras léirithe i dtuarascáil nua faoi oiriúnacht chalafort Ros an Mhíl d’earnáil na gaoithe'