Amhras ann go bhfuil seanchomharthaí sráide Gaeilge á ngoid le díol ar líne

Tá ar a laghad sé seanchomhartha sráide imithe gan tásc ná tuairisc ó shráideanna cheantar Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin

Amhras ann go bhfuil seanchomharthaí sráide Gaeilge á ngoid le díol ar líne

Tá seanchomharthaí sráide dátheangacha, a raibh an cló Gaelach orthu, imithe gan tásc ná tuairisc ó shráideanna cheantar Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin i mBaile Átha Cliath, le roinnt seachtainí anuas.

Dúirt an comhairleoir le Fine Gael, Lorraine Hall, go bhfuil “sé chomhartha ar a laghad imithe ar iarraidh ónár gceantar” agus gur dheimhnigh an chomhairle áitiúil “nár bhain” siadsan anuas na comharthaí sin.

“Tá amhras orainn go bhfuil na comharthaí á ngoid le díol ar líne; tá na comharthaí seo coitianta i dtithe tábhairne agus in áiteanna eile. Is breá le daoine iad agus tá luach stairiúil agus oidhreachta leo,” a dúirt sí.

Baineann na seanchomharthaí sráide i nglas ar bhán le tréimhse thús na 1900idí agus crochadh iad den chéad uair i ndiaidh vóta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go n-úsáidfí comharthaíocht dhátheangach sa chathair.

Tá sé deimhnithe go raibh na seanchomharthaí a bhí crochta ar Ardán Ríoga Thoir, ar Bhóthar Silchester agus ar Ghoirtín na Coille, mar a bhfuil cónaí ar an gcraoltóir le Raidió na Gaeltachta Fachtna Ó Drisceoil, imithe ar iarraidh.

Dúirt Ó Drisceoil, go raibh “iontas” air féin nuair a chonaic sé go raibh an comhartha ag bun a bhóthair imithe agus go raibh “an chuma ar an scéal”, go raibh duine inteacht ag dul timpeall “ag goid na seanchomharthaí”.

Tá ceangal pearsanta ag Fachtna Ó Drisceoil le hainm Ghoirtín na Coille, mar gur éirigh lena athair a chur ina luí ar an údarás áitiúil glacadh le Goirtín na Coille mar leagan Gaeilge ar an eastát sin siar sna 1950idí.

Tógadh an craoltóir aitheanta féin i nGoirtín na Coille agus d’úsáid sé féin agus a mhuintir an leagan Gaeilge den seoladh i gcónaí cionn is “go raibh a fhios aige gurbh é a athair féin a chum an leagan Gaeilge”.

“Bhí an comhartha sin speisialta agus bhí sé saghas ina shiombail den stair agus den oidhreacht sin,” a dúirt sé.

Níl foráil ar bith sa reachtaíocht teanga faoi chomharthaí sráide dátheangacha den chineál seo, cé go bhfuil cosaint ag cuid de na seanchomharthaí sa chló Gaelacha má tá siad i limistéir ailtireachta faoi chaomhnú.

Deir Lorraine Hall go mb’fhéidir go bhfuil “na bunchomharthaí róthábhachtach le taispeáint ar leibhéal na sráide” agus “gur cheart iad a thaispeáint in áit shábháilte agus macasamhla a chur ina n-áit”.

Dúirt sí go n-ardódh sí an cheist seo leis an Chomhairle.

A fhad is atá na seanchomharthaí seo ag imeacht ar iarraidh, tá obair chaomhnaithe ar bun ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

Mar chuid den togra CLÓSCAPE, tá iarrtha ar bhaill den phobal grianghraif a thógáil de na seanchomharthaí sráide, chun cuidiú leo le cartlann dhigiteach a chur le chéile sula n-imíonn níos mó de na seanchomharthaí sráide seo as radharc.

Fág freagra ar 'Amhras ann go bhfuil seanchomharthaí sráide Gaeilge á ngoid le díol ar líne'