LÁITHREACH BONN 24: Amhras á chothú faoi inchreidteacht an AE roimh thoghcháin na bliana seo chugainn

Tá laige, neart agus dúshláin an AE á léiriú agus parlaimint nua na hEorpa le toghadh in 2024. Seo tús le sraith nua alt - ‘Láithreach Bonn 24’ – faoina bhfuil ag tarlú san AE agus faoina bhfuil i ndán dó

LÁITHREACH BONN 24: Amhras á chothú faoi inchreidteacht an AE roimh thoghcháin na bliana seo chugainn

Ó thosaigh doirteadh fola as cuimse eile sa Mheánoirthear ar an 7 Deireadh Fómhair, tá laige an Aontais Eorpaigh léirithe go follasach. Go deimhin tá na bearnaí i bpolasaí seachtrach an Easaontais Eorpaigh (maith dhom an teideal lochtach) níos doimhne anois ná mar a bhí in 2003 nuair a chuir fórsaí Mheiriceá tús le hionradh ar an Iaráic.

Thug an Bhreatain (a bhí san AE an uair sin) agus an Pholainn tacaíocht don ionradh sin. Chuir an Fhrainc, an Ghearmáin agus ballstáit eile in choinne áfach, agus níor nocht ballstáit eile tuairim ina fhabhar ná ina choinne.

Tá scéal polaitiúil an Aontais níos measa an iarraidh seo. Ní hamháin go bhfuil tuairimí éagsúla faoin gcoimhlint reatha á nochtadh ag ballstáit éagsúla ach tá mí-úsáid bainte ag Ursula von der Leyen as a ról mar uachtarán ar an gCoimisiún ó thug sí tacaíocht gan choinníoll d’ionradh Iosrael ar Gaza.

Chuir an rialtas, an tUachtarán Ó hUigínn, agus rialtais eile a míshásamh in iúl di mar gheall ar a ndúirt sí. Ach ar chúis eile freisin, toisc nach bhfuil aon údarás ag uachtarán an Choimisiúin labhairt thar ceann an AE faoi chúrsaí gnóthaí eachtracha seachas ar bhonn polasaí a shocraíonn ceannairí rialtais na mballstát.

Sháraigh an Coimisinéir Ungárach Oliver Verhelyi a údarás freisin nuair a d’fhógair sé tar éis ionsaithe Hamas go raibh cabhair an AE do Phalaistínigh á cur ar fionraí – tarraingíodh siar a ráiteas nuair a chuir Éire, an Spáinn, an Bheilg agus tíortha eile ina choinne.

Mar bharr ar an mí-ádh, léirigh an vótáil Eorpach ar rún a d’iarr sos lámhaigh i nGaza ag comhthionól na Náisiún Aontaithe easaontas iomlán an AE; vótáil Éire agus seacht mballstát ina fhabhar, vótáil 15 ballstát ina choinne agus staon ceithre bhallstát eile.

Tá díobháil anuas ar an díobháil sin go léir déanta d’inchreidteacht an AE ag drogall fhormhór na mballstát feachtas fuilteach Iosrael in Gaza a cháineadh faoi mar a cháin siad ionsaí fuilteach Hamas roimhe. Ní neartóidh a dtost ach oiread a n-áiteamh ar thíortha lasmuigh den Aontas cur in aghaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Sin ráite, dá dhonacht éidreoir agus meatacht an AE ó thosaigh an choimhlint is deireanaí sa mheánoirthear agus dá dhonacht a bheidh a thionchar, b’fhéidir, amach anseo, ní athraíonn sé stádas domhanda an Aontais. Is fathach eacnamaíochta é nach bhfuil cur chuige de réir a nirt ar a chumas.

Sular thosaigh an cogadh is deireanaí idir Iosrael agus Hamas, bhí laige an AE á léiriú ag neamhthoil na hUngáire agus na Slóvaice tacú le cabhair mhíleata don Úcráin. Is féidir breathnú ar fhreasúra dá leithéid áfach mar bhuntáiste nach beag.

Léiríonn gach scoilt dá leithéid do chách nach féidir brú a chur ar na ballstáit cloí le comhpholasaí ar bith má bhaineann sé le cúrsaí míleata. Tá lánchead acu polasaí gnóthaí eachtracha a chur i bhfeidhm de réir a dtola féin.

Beidh dúshláin eile a bhfuil dlúthbhaint acu le neart seachas laige an AE á bplé go tréan idir seo agus toghchán pharlaimint na hEorpa an bhliain seo chugainn.

Cíorfaidh an tsraith nua seo atá ag Tuairisc, LáithreachBonn24, na dúshláin seo. (Seoladh an tsraith le díospóireacht phoiblí ag Oireachtas na Samhna, díospóireacht ar féidir éisteacht léi agus breathnú uirthi ar Tuairisc.)

Tá cur síos ar chuid de na dúshláin a phléifear sa ghearrliosta seo:

  1. Sprioc an Aontais a bheith aeráid-neodrach faoi 2050 agus an ciorrú mór ar astaíocht de gháis cheaptha teasa a chaithfear a chur i bhfeidhm san idirlinn. Beidh athrú mór riachtanach ar chórais iompair agus tógála freisin agus ar mhórán gnéithe eile de shaol na mballstát.
  2. Dréachtú dlí nua chun úsáid intleacht shaorga agus leithéidí ChatGPT, go háirithe, a rialáil. Níl bailchríoch curtha fós ar an reachtaíocht a bheidh ar chlár na Parlaiminte idir seo agus deireadh na bliana.
  3. Feachtas leanúnach an AE chun bac a chur ar scaipeadh bréagaisnéise agus fuatha ar an idirlíon – ceist bheo ó thug an Coimisinéir um Chearta Digiteacha, Thierry Breton rabhadh d’úinéir X (nó Twitter mar a tugadh air roimhe seo) Elon Musk cloí le dlí na hEorpa a chuireann cosc ar scaipeadh ábhair ar léir a fhalsacht.
  4. An mbeidh sé ar chumas an AE teacht ar aon tuairim faoi chomhpholasaí inimirce a thugann cead isteach eagraithe agus cothrom do dhaoine ón taobh amuigh?
  5. An gciorrófar caiteachas an AE nó an méadófar íocaíochtaí ó na ballstáit ionas go mbeifear ábalta na hiasachtaí móra a bhí riachtanach le linn na paindéime a aisíoc ó 2028? An iarrfar athrú eile ar ráta cáin chorparáideach na tíre seo?
  6. Cén tionchar a bheidh ag fáilte isteach roimh an Úcráin agus tíortha eile ar chaiteachas an AE ar scéimeanna feirmeoireachta sna ballstáit reatha?
  7. Conas mar is féidir leis an Aontas cur in aghaidh na bhfórsaí a chuireann feidhmiú an daonlathais agus cearta daonlathacha i mbaol?
  8. Conas mar a láimhseálfaidh an tAontas a chaidreamh polaitiúil agus trádála leis an tSín? Ceist nach beag a tábhacht d’Éirinn toisc gurb í an tír seo an cúigiú easpórtálaí is mó san AE chun na Síne (díol micrishliseanna, go háirithe).
  9. Cén tionchar a bheidh ag stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san AE ar leas na teanga abhus?
  10. Faoi dheireadh, an cheist is práinní do na feisirí reatha sa Pharlaimint agus do gach duine eile in Éirinn atá ag beartú seasamh sa toghchán i mí na Bealtaine. Cén cruth a bheidh ar na toghcheantair Eorpacha a fhógróidh an Coimisiún Toghcháin ar an 27 Samhain tar éis athbhreithnithe a bhí riachtanach toisc suíochán breise i bParlaimint na hEorpa (14 in ionad 13) a bheith bronnta ar Éirinn?

Tá comparáid shuimiúil idir an tAontas Eorpach agus Impireacht Habsburg a thit as a chéile i 1918 déanta i leabhar a scríobh an t-iriseoir Caroline de Gruyter, atá mar chomhfhreagraí sa Bhruiséil ag an nuachtán Handelsblad san Ollainn.

Is é teideal Ollainnise a leabhair ‘Beter wordt het niet’ (Ní théann cúrsaí i bhfeabhas) cé nach meon éadóchasach ach a mhalairt atá faoi chaibidil ann. Cuireann sí i gcuimhne dá léitheoirí gur chlis ar Impireacht Habsburg – inar cuireadh margadh trádála agus córas dlí aontaithe i bhfeidhm ar bhonn ilnáisiúnta – beagán le cois céad bliain ó shin. Níl buanseasmhacht geallta, a deir sí d’eagraíocht ar bith.

Mar sin féin, ainneoin gach teip agus gach cúis imní atá ag cur as don AE, dar leis gur féidir a bheith dóchasach go n-éireoidh leis teacht astu mar gheall ar a chumas fadhbanna agus ábhair aighnis a réiteach nó a pháirt-réiteach.

Ní beag an tuar dóchais é, ach ní beag ach oiread na dúshláin atá romhainn, go háirithe ó thaobh athrú aeráide agus cogaidh de.

Ní neart gan cur le chéile gan dabht, ach ní hionann riachtanas agus gníomh a dhéanamh le chéile agus in am.

Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: Amhras á chothú faoi inchreidteacht an AE roimh thoghcháin na bliana seo chugainn'

  • Cathal Mac Coille

    Tá an leabhar a scríobh Caroline de Gruyter in Olloinnis ‘Beter Wordt Het Niet’, atá luaite san alt, ar fáil i nGearmáinis faoin teideal ‘‘Das Habsburgerreich – Inspiration für Europa?’, i bhFraincis faoin teideal ‘Monde d’hier, monde de demain’ agus i dtrí theanga eile.
    Níor aistríodh fós é go Béarla – scéal ann féin b’fhéidir.