Aitheantas sa dlí do ‘Johnny Joe Shéamuis’ agus ainmneacha áitiúla Gaeltachta

De réir cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga, a fhoilseofar inniu agus ar ghlac an Rialtas cheana leo, bheadh dualgas ar gach comhlacht a aithint go bhfuil sé de cheart ag an saoránach ainm agus seoladh i nGaeilge nó i mBéarla a bheith aige

Aitheantas sa dlí do ‘Johnny Joe Shéamuis’ agus ainmneacha áitiúla Gaeltachta

Spreag cás Eircode níos mó gearán ón bpobal ná mar a spreag aon chás eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004

Thabharfadh reachtaíocht nua aitheantas nua ní hamháin do cheart reachtúil a bheith feasta ag daoine ainmneacha agus seoltaí Gaeilge a úsáid agus iad i mbun comhfhreagrais le comhlachtaí poiblí, ach aitheantas chomh maith d’ainmneacha Gaeltachta.

Chuirfeadh an reachtaíocht a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgas ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha ‘áitiúla’ a úsáid agus iad i mbun comhfhreagrais le muintir na Gaeltachta.

Is é an sampla d’ainm áitiúil Gaeltachta a luaitear i gceannteidil an Bhille nua, a fhoilseofar amárach, ná ‘John Conneely – Johnny Joe Shéamuis’.

Deirtear gur foráil thábhachtach atá anseo toisc go dtabharfadh sé aitheantas do chultúr na Gaeltachta agus d’fhiúntas thraidisiún ainmneacha na Gaeltachta.

Ní fhágfadh an t-aitheantas sin go mbeadh stádas oifigiúil ag ainmneacha ‘Gaeltachta’ ach ba bheartas é a thacódh le muintir agus cultúr na Gaeltachta, a deirtear.

D’fhéadfadh go rachadh traidisiún na n-ainmneacha ‘Gaeltachta’ i ndísc nó go n-imeodh sé as ar fad d’uireasa na tacaíochta sin, a deirtear.

De réir cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga, a fhoilseofar amárach, bheadh dualgas ar gach comhlacht a aithint go bhfuil sé de cheart ag an saoránach ainm agus seoladh i nGaeilge nó i mBéarla a bheith aige.

Le feidhm a thabhairt don cheart nua seo, chaithfeadh Aire na Gaeltachta rialachán a dhéanamh agus is de réir a chéile a chuirfí an fhoráil seo i bhfeidhm, a deirtear, toisc go gcaithfí na córais IT agus eile atá in úsáid sa tseirbhís phoiblí a chur in oiriúint don athrú.

Tarraingíodh aird ar cheist na n-ainmneacha agus seoltaí Gaeilge nuair a tháinig sé chun solais in 2015 go raibh Eircode ag cur Béarla ar sheoltaí Gaeltachta agus ar shloinnte Gaeilge sna litreacha inar dáileadh na cóid nua phoist.

Spreag cás Eircode níos mó gearán ón bpobal ná mar a spreag aon chás eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 agus thug an Coimisinéir le fios go bhfaigheann a oifig gearán go minic faoi na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ainm agus seoladh Gaeilge a úsáid le forais Stáit éagsúla.

Mhol an Coimisinéir go ndéanfaí an reachtaíocht a leasú chun cosaint a thabhairt don cheart atá ag duine ainm agus seoladh i nGaeilge a bheith aige.

Bhain 14% de na gearáin i dtaobh comhlachtaí poiblí a cuireadh faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga le linn 2015 le húsáid leaganacha Gaeilge d’ainmneacha.

Tuilleadh…

‘Lá Gaeilge’ do cúirteanna dúiche beartaithe i reachtaíocht nua


Ainm Gaeilge le bheith ar gach comhlacht poiblí nua feasta de réir reachtaíocht úr


‘Rangú’ le déanamh ar chomhlachtaí poiblí leis na seirbhísí Gaeilge a chuireann siad ar fáil a shocrú


Comórtais earcaíochta ar leith do Ghaeilgeoirí beartaithe don státseirbhís

Fág freagra ar 'Aitheantas sa dlí do ‘Johnny Joe Shéamuis’ agus ainmneacha áitiúla Gaeltachta'

  • Seán Mac Gearailt

    “Is de réir a chéile a chuirfear an foráil seo i bhfeidhm”. Más amhlaidh atá, ní chuirfear i bhfeidhm choíche é.

  • Colm Ó Cinnseala

    Agus caithfear rud a chinnt a bheith déanta faoi Google Maps agus logainmneacha Gaeltachta