Comórtais earcaíochta ar leith do Ghaeilgeoirí beartaithe don státseirbhís

Tá sé mar chuspóir ag dréachtreachtaíocht nua a foilsíodh inniu go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge

Comórtais earcaíochta ar leith do Ghaeilgeoirí beartaithe don státseirbhís

Bheadh comórtais ar leith ann do Ghaeilgeoirí le linn gach babhta earcaíochta don státseirbhís a d’eagródh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, de réir cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga a fhoilseofar amárach.

Maidir le babhtaí earcaíochta do phoist eile sa tseirbhís phoiblí fágfar faoi Aire na Gaeltachta é rialachán a dhéanamh maidir le comórtais earcaíochta ar leith a bhunú. Sula ndéanfadh sé a leithéid de rialachán chaithfeadh an tAire dul i gcomhairle ar dtús leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus aon aire nó ceannaire ar chomhlacht poiblí eile a mheasann sé baint a bheith acu leis an scéal.

De réir na gceannteideal a fhoilseofar amárach agus ar ghlac an Rialtas Dé Máirt leo, bheadh sé mar chuspóir sa reachtaíocht nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina nGaeilgeoirí le go mbeadh an céatadán sin cainteoirí Gaeilge fostaithe sa tseirbhís phoiblí “san fhadtéarma”.

Thabharfadh an reachtaíocht atá molta an chumhacht don Aire chomh maith grúpa comhairliúcháin a bhunú chun comhairle a chur ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis an gcuspóir go mbeadh 20% d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí líofa sa dá theanga.

Chuirfeadh an grúpa nua comhairle ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chomh maith maidir lena chinntiú go mbeadh dóthain Gaeilgeoirí fostaithe ag comhlachtaí poiblí a bhfuil oifigí sa Ghaeltacht acu le gach seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge.

D’fhéadfadh an tAire rialachán a dhéanamh chomh maith a cheadódh dó a shocrú cén tslí a dháilfí ar chomhlachtaí poiblí na cainteoirí Gaeilge a n-éiríonn leo i gcomórtais earcaíochta na Seirbhíse Um Cheapacháin Phoiblí.

Níl aon spriocdháta luaite i gceannteidil an bhille leis an gcuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus gur trí Ghaeilge a d’fheidhmeodh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga go mbeadh a bhfuil i ndán don reachtaíocht nua ag brath don chuid is mó ar conas a rachfaí i ngleic le ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta.

“Seachas aon ní eile tá seirbhísí trí Ghaeilge ag brath ar a dhóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa Státchóras agus sa tseirbhís phoiblí. Caithfear a chinntiú mar sin go mbeidh polasaí earcaíochta ann a thabharfaidh feidhm mar ba chóir do na hathruithe atá molta,” a dúirt Ó Domhnaill.

Chuir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais glacadh leis na moltaí reachtaíochta a chuir an tAire Kyne faoina bhráid Dé Máirt.

Tá an Conradh ag súil go nglacfar “leis na moltaí uile i ndréachtbhille Chonradh na Gaeilge” agus an reachtaíocht á plé ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an chéad chéim eile don reachtaíocht teanga nua.

Tá fáilte curtha roimh an dréachtreachtaíocht chomh maith ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra. Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív “gur chéim sa treo ceart” a bhí sa sna ceannteidil.