‘Lá Gaeilge’ do cúirteanna dúiche beartaithe i reachtaíocht nua

I nGaeilge a bheadh ‘ar a laghad’ suí amháin in aghaidh na bliana de na cúirteanna a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta

‘Lá Gaeilge’ do cúirteanna dúiche beartaithe i reachtaíocht nua

De réir cheannteidil an bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

De réir cheannteidil an bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga, reáchtálfaí i nGaeilge suí amháin in aghaidh na bliana de gach  cúirt dúiche i gcontae Gaeltachta.

De réir na gceannteideal, a fhoilseofar amárach agus ar ghlac an Rialtas leo Dé Máirt, i nGaeilge a bheadh “ar a laghad” suí amháin in aghaidh na bliana de na cúirteanna a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta.

Tá an moladh seo faoi na cúirteanna i measc na moltaí de chuid Chonradh na Gaeilge a bhfuil glactha leo i gceannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ghlac an Rialtas Dé Máirt leis na ceannteidil a bhfuil fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga rompu.

Deirtear chomh maith sna ceannteidil go gcinnteodh an reachtaíocht gurbh í an Ghaeilge “teanga oibre” na gcúirteanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht féin.

Bheadh an tSeirbhís Cúirteanna i measc na gcomhlachtaí poiblí a gheallfadh gach seirbhís dá gcuid a chur ar fáil i nGaeilge ar fud na tíre agus “go háirithe” sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Lá Gaeilge’ do cúirteanna dúiche beartaithe i reachtaíocht nua'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil cúirteanna ar bith lonnaithe sa Ghaeltacht anois???

    Cibé foirgnimh poiblí atá suite sa Ghaeltacht, ní dóigh liom go bhfuil áiseanna iontu chun cúirt dlí a chuir i bhfeidhm iontu. Leoga, níl againn ach na hIonaid Seirbhísí Poiblí de chuid na comhairle contae agus ní shílim go bhfuil seomraí cearta cúirte sna foirgnimh sin. Is ar éigean go bhfuil spás stórála acu gan labhairt ar seomraí cúirte!

    Nach bhfuil baint ag na cúirteanna le toghcháin na tíre? Is beag Ceann Comhairimh a chuala mé ag labhairt i nGaeilg agus iad ag fógairt na bhótaí ag na hionaid comhairimh i rith am toghcháin anuraidh.

    ‘…gach seirbhís dá gcuid a chur ar fáil i nGaeilge ar fud na tíre agus “go háirithe” sa Ghaeltacht.’

    Caidé fá ‘agus “go háirithe” do cheantracha Gaeltachta.’ Tá teach cúirte úr á thógáil i Leitir Ceanainn i dTír Chonaill – an mbeidh ‘seirbhís i nGaeilge’ ar fáil ann…? An mbeidh orthu é a eagrú roimh ré nó an mbeidh sé ann go huathoibríoch – Leitir Ceanainn ina bhaile seirbhíse don Ghaeltacht agus mar sin de…