Turas fada na Gaeltachta
Tá turas fada déanta ag an dá fhoireann ó Chiarraí a bheidh ag imirt i gcluichí ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh – Baile Mhic Eileagóid agus An Ghaeltacht. Nuair a d’imir an dá chlub a chéile i gcluiche ceannais i gCiarraí os cionn 30 bliain ó shin ar éigean a shamhlaigh aon duine go dtiocfadh an lá go mbeidís ag triall ar Pháirc an Chrócaigh agus súil acu craobh na hÉireann a bhuachan.
Thuas seal, thíos seal a bhí An Ghaeltacht ó d’imir siad in aghaidh Bhaile Mhic Eileagóid i gcluiche ceannais nóibhíseach Chiarraí ar an 14 Samhain 1992, ach déarfaidh seanfhondúirí an chlub leat go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an gcluiche áirithe sin.
Bhí an lá leis an nGaeltacht, 1-12 in aghaidh 1-03, agus ba é an chéad uair acu craobh chontae a bhuachan ó 1976, nuair a bhuadar craobh shóisir Chiarraí.
Faoin am gur thug siad aghaidh ar Bhaile Mhic Eileagóid in 1992, bhí blianta caite ag an nGaeltacht ag iarraidh éalú ó ghrád na nóibhíseach agus iad i measc na bhfoirne is ísle ar an dréimire i gCiarraí. Ach níor thúisce an beart déanta acu ná thosaíodar ag dreapadh arís. In 1993 bhuaigh siad craobh shóisir Chiarraí. An bhliain dár gcionn bhain siad cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí amach ach chaill siad le pointe in aghaidh Bhaile an Mhuillin-Caisleán na Mainge.
Thógfadh sé cúpla bliain eile orthu grád na sinsear a bhaint amach den chéad uair, ach bhí ré órga an chumainn ina tús. In 1998 bhuaigh siad an chraobh idirmheánach agus trí bliana ina dhiaidh sin, in 2001, bhuaigh siad craobh shinsir Chiarraí.
Taobh istigh de dheich mbliana bhí siad imithe ó ghrád na nóibhíseach go dtí barr an dréimire. Turas ab ea é a thosaigh in aghaidh Bhaile Mhic Eileagóid i gcluiche ceannais nóibhíseach 1992.
De réir na tuairisce a bhí ag Timmy Sheehan sa Kerryman seachtain an chluiche sin ba é a “rather fortunate goal” a fuair Dara Ó Cinnéide sa tríú nóiméad den dara leath a chinntigh go mbeadh an bua ag an nGaeltacht. Foireann “full of purpose and rich in footballing skills” a bhí acu agus bua cuimsitheach a bhí ann ag “a most cohesive and quite outstanding bunch of footballers”.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Foirne Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh
Dá n-éireodh le Cumann Caide na Gaeltachta an ceann is fearr a fháil in aghaidh Ghleann an Iolair i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh, ní bheadh ann ach an dara huair ag club Gaeltachta craobh idirmheánach na hÉireann a bhuachan.
Maigh Cuilinn na Gaillimhe, in 2007-2008 agus Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór ó Chiarraí na foirne Gaeltachta eile a bhuaigh an comórtas idirmheánach go dtí seo.
Is iad cumann caide na Gaeltachta an ceathrú foireann ón nGaeltacht a bhain cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí amach. Chaill Cill na Marta ó Chorcaigh cluiche ceannais chraobh 2023-2024.
Beidh muintir Chorca Dhuibhne ag súil go mbeidh foireann Ghaeltachta ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh don dara bliain as a chéile Dé Domhnaigh. An Cheathrú Rua ó Chonamara a bhuaigh Craobh Shóisir na hÉireann anuraidh.
Níorbh iad An Cheathrú Rua an chéad fhoireann Ghaeltachta a bhuaigh an comórtas sin agus bhí An Fhairche ina sheaimpíní idirmheánach na hÉireann rompu in 2012. Bhuaigh Caisleán Ghriaire, a mbíonn muintir Ghaeltacht an Leitriúigh ag imirt dóibh, an chraobh shóisir in 2010.
Den tríú huair riamh tá trí fhoireann ó Chiarraí i gcluichí ceannas na bpríomhchomórtas club i mbliana, An Ghaeltacht, Baile Mhic Eileagóid atá i gcluiche ceannais na sóisear in aghaidh Éire Óg, Clochar ó Thír Eoghain agus An Daingean a bheidh á fhéachaint le Naomh Bríd Ros Comáin i gcluiche ceannais na sinsear an tseachtain seo chugainn.
Dá mbeadh an lá leo seachtain ón nDomhnach, bheadh an Daingean ar an gcéad fhoireann Ghaeltachta chun craobh shinsir chlub na hÉireann a bhuachan. Foireann amháin eile Ghaeltachta a bhain babhta ceannais an chomórtais sin amach go dtí seo, Cumann Caide na Gaeltachta, a chaill an cluiche ceannais in 2004 in aghaidh na Cealtraí ón nGaillimh.
Bhí ceathrar ón bhfoireann bainistíochta a bheidh ar an taobhlíne i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh leis an nGaeltacht an lá mí-ámharach sin, Conall Ó Cruadhlaoich, Dara Ó Cinnéide, Aodhán Mac Gearailt agus an bainisteoir Fergal Ó Sé, a bhí ina imreoir is bainisteoir in 2004.
Bhí an Ghaeltacht i ngiorracht cúpla nóiméad d’áit i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann nuair a fuair An Maigh cúl ina gcoinne in am cúitimh in 2018. Bhí Conall Ó Cruadhlaoich agus Dara Ó Cinnéide, ar an dtaobhlíne an lá sin chomh maith agus bhí scata imreoirí ag an nGaeltacht a bheidh ag imirt Dé Domhnaigh, Éanna Ó Conchúir, a cuireadh den ghort in 2018 ach a fuair scór na cinniúna i gcluiche leathcheannais na bliana seo, Brian Ó Beaglaoich, Pádraig Óg Ó Sé, Tomás Ó Sé, Peter Paul Sauerland agus PJ Mac Láimh.
An dá bhliain eile gur bhain foirne ó Chiarraí na trí chluiche ceannais amach, níor éirigh leo na trí chraobh a bhuachan.
Ocht n-uaire a d’éirigh le foirne ó Chiarraí áit a bhaint amach an bhliain chéanna i gcluichí ceannais na craoibhe sóisearaí agus na craoibhe idirmheánaí agus tá comharthaí na mblianta sin go maith do Bhaile Mhic Eileagóid agus An Ghaeltacht.
I gcúig cinn de na hocht mbliana go raibh foirne ón gcontae sna cluichí ceannais sóisir agus idirmheánach bhuaigh an dá fhoireann. Níor tharla sé ach uair amháin sna hocht mbliana sin gur chaill an dá fhoireann ó Chiarraí.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Ceangal Gaeltachta Darren Fletcher
Tá ceangal Gaeltachta ag Darren Fletcher a bhfuil foireann Manchester United faoina chúram faoi láthair. As Acaill máthair Fletcher agus bhíodh Roy Keane ag tathant air imirt d’Éirinn seachas d’Albain nuair a bhí sé ina imreoir óg ag United.
Dúirt Fletcher leis an iriseoir Andy Mitten tráth go mbíodh a sheanathair ag piocadh tornapaí fadó le fear ó Ghaeltacht Mhaigh Eo, John Keane as Dumha Thuama in Iorras. Tá cleamhnas idir teaghlach bhean chéile Fletcher agus teaghlach John Keane, a fuair bás anuraidh.
Beidh cuimhne go deo ag lucht leanta Cheiltigh Ghlaschú ar John Keane, fear gnó, mar dhuine de shlánaitheoirí an chlub. Nuair a bhí Celtic ar tí dul go tóin poill i 1990, chuir fear Ghaeltacht Mhaigh Eo a lámh ina phóca agus bhronn sé milliún punt orthu chun iad a thabhairt slán.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Coláistí na Gaeltachta
Ní hiad fir Chorca Dhuibhne an t-aon dream a bheidh ag dul chun páirce faoi bhratach na Gaeltachta an tseachtain seo agus cluiche mór ag dream óg beagáinín níos faide ó thuaidh chomh maith.
Bunaíodh foireann Choláistí na Gaeltachta arú anuraidh chun deis a thabhairt d’imreoirí óga a fhreastalaíonn ar iarbhunscoileanna i gConamara agus ar Oileáin Árann peil ar ardchaighdeán a imirt ag an dara leibhéal agus iad ag fáil réidh anois do chluiche i mbabhtaí ceathrú ceannais Chonnacht.
D’fhág cúrsaí daonra gur bheag deiseanna a bhí ag leithéidí Coláiste na bPiarsach (Ros Muc), Coláiste Mhic Dara (Carna), Coláiste Chroí Mhuire (An Spidéal), Coláiste Cholm Cille (Indreabhán), Coláistí Oileáin Árann (Coláiste Naomh Éinne & Coláiste Naomh Eoin), agus Coláiste Naomh Feichín (Corr na Móna) foirne sinsir a chur chun páirce agus fiú na scoileanna a raibh foirne acu, is ag streachailt a bhí siad. Fágadh go raibh cuid de na himreoirí óga is fearr i gConamara fágtha gan ach cúpla cluiche iarbhunscoile sa mbliain, ar a mhéad.
Beartaíodh in 2024/25, comhfhoireann a bhunú chun imreoirí a thabhairt le chéile. Léiríodh an-suim agus thug beagnach leathchéad imreoir faoi thrialacha.
Bliain ar aghaidh, tá Coláistí na Gaeltachta anois ag fáil réidh do chluiche ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir B na nIarbhunscoileanna i gConnachta tar éis dóibh teacht slán óna ngrúpa roimh an Nollaig. Is in aghaidh Choláiste Naomh Naithí ó Bhealach an Doirín a bheidh buachaillí na Gaeltachta tráthnóna.
Pádraic Ó Ciardha
Fág freagra ar 'Aistear fada na Gaeltachta, Maigh Eoch in Old Trafford agus comhfhoireann Chonamara'