Faoin am go rachaidh Éire chun páirce anocht in aghaidh na Portaingéile beidh a fhios againn cad é go díreach a chaithfidh foireann Heimir Hallgrimsson a dhéanamh chun a seans cáiliú do chorn an domhain a choimeád beo.
Níos luaithe tráthnóna inniu a thabharfaidh an Ungáir agus an Airméin aghaidh ar a chéile agus mura n-éiríonn le hÉirinn toradh níos fearr nó chomh maith leis an Ungáir a fháil, is cluiche gan tábhacht a bheidh eatarthu Dé Domhnaigh.
Sa tríú háit i nGrúpa F atá Éire le ceithre phointe ó cheithre chluiche agus ag an mbarr atá an Phortaingéil, deich bpointe acu agus gan aon chluiche caillte acu.
Bunaithe ar na fíricí loma amháin, caolseans atá ag Éirinn anocht. Sa 62ú háit ar domhan atá siad, 57 áit níos ísle ná an Phortaingéil, an cúigiú foireann is fearr ar domhan de réir rangú FIFA.
Ó thosaigh Heimir Hallgrimsson a sheal mar bhainisteoir 16 mí ó shin níl buaite ag Éirinn ach cúig cinn den 14 cluiche, bíodh gur údar beag dóchais nár cloíodh i Staid Aviva iad le cúig chluiche anuas.
Comhscór gan aon scór a bhí ann an t-am deireanach gur imir siad in aghaidh na Portaingéile, mí na Samhna 2021. Ag brath ar cad a tharlaíonn idir an Ungáir agus an Airméin in Yerevan, cluiche a gcuirfear tús leis ag 5.00pm, ní bheadh locht ar bith ar chomhscór eile anocht.
Bhain údar misnigh áirithe chomh maith le cuairt na hÉireann ar Liospóin an mhí seo caite. D’éirigh leo Cristiano Ronaldo agus a chairde a choiméad ó dhoras ar feadh 90 nóiméad nó gur bhris Ruben Neves, atá gortaithe do chluiche na hoíche anocht, a gcroí lena chúl in am cúitimh.
Níor éirigh le hÉirinn oiread agus iarracht chruinn amháin a thabhairt faoi chúl na Portaingéile an oíche chéanna ná níor éirigh leo fiú cic cúinne amháin a ghnóthú.
Cé go raibh gnéithe de thaispeántas fíorchosantach na hÉireann le moladh ní raibh aon ní acu dá bharr agus ba dhóigh leat go gcaithfeadh ábhairín níos mó faobhair a bheith lena cuid imeartha anocht. Ní haon chabhair dóibh sa mhéid sin nach mbeidh fáil anocht ar Evan Ferguson, arb é a chúl in aghaidh na hAirméine an mhí seo caite a chinntigh nach bhfuil a seans cáiliú do Chorn an Domhain na bliana seo chugainn leáite leis cheana.
D’uireasa Ferguson beifear ag súil le gaisce ó Troy Parrott a bhfuil 13 cúl scóráilte aige i 13 cluiche le AZ Alkmaar san Ísiltír an séasúr seo.
Fear eile atá ag imirt go maith ná Johnny Kenny a bhfuil áit sa scuad aige de bharr Ferguson a bheith gortaithe. Tá ceithre chúl faighte aige do Celtic ó tháinig Martin O’Neill isteach mar bhainisteoir eatramhach ceithre chluiche ó shin.
B’fhearr leat a bheith ag brath áfach ar leithéidí Cristiano Ronaldo, Bruno Fernandes, Vitinha agus João Neves chun deiseanna a chruthú agus a thapú.
Fág freagra ar 'Aisling na hÉireann beo ar éigean agus Ronaldo agus a chairde i mBaile Átha Cliath'