Tá giúmar machnamhach ar Alan Esslemont agus muid ag caint faoi é a bheith fágáil slán ag TG4 agus ag dul ar scor i ndiaidh ocht mbliana go leith a chaitheamh mar Ardstiúrthóir ar an stáisiún.
Bhí Alan i measc sa ngrúpa bainistíochta nuair a bunaíodh TnaG mar a bhí i 1995 agus é lárnach in athbhrandáil an stáisiúin mar TG4 sa mbliain 1999.
“Is dóigh, tá mé ag dul ar scor agus tá mé ag cuimhneamh siar níos faide ná díreach an tréimhse atá caite agam le TG4 mar ardstiúrthóir agus siar nuair a thosaigh mé ag obair le heagarthóireacht físe.
“Rinne mé cúrsa i dTrá Lí, fógra a chonaic mé go raibh cúrsa ag tosú ann agus ón chéaduair a shuigh mé síos ag consal eagarthóireachta thaitin sé go mór liom agus bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh a bheith ag déanamh na hoibre sin.”
Fuair sé a thaithí i saol na teilifíse “ón mbun aníos” agus measann sé go raibh sé sin an-tábhachtach dhó mar gur thuig sé na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an obair.
Ag ócáid i mBaile na hAbhann an tseachtain seo caite bhailigh an fhoireann le chéile agus tugadh cuireadh d’Alan crann a chur ar thalamh TG4. Crann beithe a roghnaigh sé a chur. Is tráthúil é sin i gcomhthéacs a shaoil féin agus go deimhin stair TG4. Is siombail an crann beithe i mbéaloideas na hÉireann agus na hAlbain a sheasann don tús nua, don ghrá agus don bhisiúlacht. Bhí na tréithe sin lárnach sna laethanta luatha de TG4, a deir sé.
“Is dóigh sa tréimhse sin nuair a d’athraigh muid go TG4, d’airigh muid go raibh muid ag bogadh i dtreo an neamhspleáchais. Thosaigh mé ag tarraingt ar an teangeolaíocht mhionteangacha.”
I measc na mbuaicphointí a baineadh amach faoina stiúir bhí bunú Cine4, páirtnéireacht le Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, togra a thug scannáin Ghaeilge chuig ardán idirnáisiúnta. Ceann de na scannáin is suntasaí a tháinig chun cinn mar gheall ar an infheistíocht sin ná An Cailín Ciúin, a ainmníodh do Ghradam Oscar sa mbliain 2023.
“Cuir i gcás Cine4, tá tú ag lorg rud éigin atá níos airde ná an teilifís féin agus rud eile tá sé tábhachtach go mbeadh normalú de shaghas éigin déanta leis an mórphobal.
“Dar liomsa tá muid ag cruthú nascanna níos láidre i bpobal labhartha na Gaeilge agus tá sé tábhachtach go mbeadh sféar oibre poiblí ag an saothar agus sílim go bhfuil ag éirí linn tógáil air sin.”
Tá sé díreach ar ais ó chuairt ar Pháras áit a raibh sé ag cur an scannáin Kneecap i láthair agus súil aige go mbeidh dáileadh náisiúnta déanta ar an scannán sa Fhrainc go luath.
“Tá an-suim acu sa scannán agus tóir ag muintir na Fraince ar an ‘hip-hop’ chomh maith agus súil againn go n-éireoidh go maith leis.”
Bhí bunú an chainéil do pháistí, Cúla4, ina bhuaicphointe aige freisin. Deir sé go bhfuil Cúla4 á úsáid i 92% de Ghaelscoileanna na tíre agus 52% de scoileanna an stáit go léir. Bhí sé blianta fada ag iarraidh cainéal do pháistí a bhunú.
“An chéad tréimhse a raibh mé le TG4 bhí mé ag iarraidh go mbeadh cainéal faoi leith ag Cúla4 ach faoin aire deiridh d’éirigh linn é a dhéanamh. Thug Catherine Martin an cead dúinn an cainéal a chur ar an aer agus sílim sna blianta amach romhainn go mbeidh muid ag déanamh níos mó agus níos mó do pháistí.”D’fhás sé aníos i mbaile Bràigh Mhàrr, atá suite thart ar 60 míle siar ó Obar Dheathain in Albain. Bhí an-suim aige i dteangacha agus chuaigh sé go hOllscoil Dhún Éideann i ndiaidh na scoile, áit a ndearna sé staidéar ar an bhFraincis.
“Tá sé níos mó ná 40 bliain ó shin, chuaigh mé go dtí an Fhrainc den chéad uair agus thit mé i ngrá leis na daoine ansin, leis an áit agus leis an teanga agus ar feadh cúig nó sé bliana is é an t-aon aidhm a bhí agam ná a bheith i mo chónaí sa Fhrainc.
“An rud a tharla, bhí mé ag staidéar i nDún Éideann agus mar chuid den chúrsa bhí tú in ann bliain a chaitheamh sa Fhrainc. Cheap mé go mb’fhéidir go gcuirfí mé go Montpellier nó go Nice nó áit éigin mar sin, ach cuireadh go Morlaix mé in iarthuaisceart na Briotáine.”
Fad is a bhí sé ann chuir muintir na háite a casadh air ceist air an mbíonn daoine fós ag labhairt Gàidhlig na hAlban ina cheantar dúchais. Ní raibh aon eolas ag an am sin aige ar an nGàidhlig ach is gearr gur tháinig athrú mór ar a shaol.
“Is cuimhin liom glaoch a chur ar mo mháthair sa mbaile agus ceist a chur uirthi an mbíonn daoine fós ag labhairt Gàidhlig in Albain. Sin é a raibh d’eolas agamsa ag an am sin.”
Chuir duine dá chairde sa mBriotáin ina luí air gur chóir dó Gàidhlig a fhoghlaim nuair a ghabhfadh sé ar ais go hAlban. Ach is ‘go hiomlán trí thimpiste’ a deir sé a tharla sé ar deireadh. Nuair a d’fhill sé ar an mbaile i ndiaidh dó a bheith sa Fhrainc, bhí ticéad traenach Eorpach aige agus é i gceist aige imeacht arís théis cúpla seachtain. Ach bhí tuirse air i ndiaidh an taistil ar fad agus thug sé an ticéad dá dheartháir.
“Théis cúpla seachtain ansin bhí an tuirse imithe díom agus fonn orm rud éigin a dhéanamh arís. Chonaic mé go raibh cúrsa Gàidhlig ar an Eilean Sgitheanach agus chuir mé isteach air.
“Cúrsa coicíse a bhí ann ach d’fhan mé ann ina dhiaidh sin agus fuair mé obair sa mhonarcha cniotála. Bhí a fhios ag daoine go raibh mé ag iarraidh Gàidhlig a fhoghlaim agus thug siad an-tacaíocht dom. Tar éis dhá bhliain chuaigh mé ar ais ar an ollscoil agus rinne mé Celtic 1 agus Celtic 2.”
Sa mbliain 1984 fuair sé cuireadh ó Ollscoil na Gaillimhe a theacht ar chonradh le Gàidhlig a mhúineadh. Is le linn dó a bheith i nGaillimh a chuala sé an Ghaeilge agus chuir sé an-suim inti.
“Nuair a bhí mé i nGaillimh, bhí mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta go rialta. Chuala mé daoine ar nós Máirtín Jamesie agus daoine mar sin, is bhí siad iontach ag labhairt. Bhí an t-ádh orm, thug Peadar Mac an Iomaire deis dom cúrsa Gaeilge a dhéanamh agus théis píosa, chliceáil an Ghaeilge dom.”
Is i nGaillimh a casadh a bhean chéile, Máire, air freisin, agus shocraigh siad síos i gCinn Mhara i gConamara, áit ar thóg siad a gclann le Gaeilge. Cé gur thaitin a thréimhse san Ollscoil leis, deir sé nach raibh an múineadh i ndán dhó.
“An rud faoi, níor theastaigh uaim riamh dul ag múineadh cé gur thaitin sé liom a bheith ag múineadh. Bhí an t-ádh orm go bhfaca mé an cúrsa eagarthóireachta físe i dTrá Lí, i Kerry College. Sin é an áit ar thosaigh sé domsa.”
I ndiaidh dó an cúrsa eagarthóireachta a dhéanamh fuair Alan post leis an gcomhlacht nuabhunaithe léiriúcháin Telegael sa Spidéal. Thaitin an obair go mór leis agus tar éis tamaill fuair sé deis le dul anonn go Cannes sa Fhrainc ag margadh na gclár. Bhí na snáitheanna éagsúla ina shaol ag teacht le chéile, an Ghaeilge, an eagarthóireacht físe agus an Fhraincis. Thug sé cartún faoi ‘fhear sneachta bán agus hata ar a cheann’ ar ais abhaile leis.
“D’iarr Telegael agus RTÉ orm dul go Cannes, agus tháinig mé abhaile leis an gclár Bouli agus d’éirigh thar cionn le Bouli agus bhí muid an-bhródúil as. Ní raibh muid cinnte cén chaoi a n-éireodh linn ar dtús. B’in an chéad mhargadh clár a ndeachaigh muid chuige. Tugann sé tuiscint duit, gur saol domhanda atá ag plé leis na meáin.”
Thóg sé cúram Stiúrthóir Teilifíse TG4 air sa mbliain 2000 agus ina dhiaidh sin, sa mbliain 2007, d’fhill sé ar an bhfód dúchais in Albain le cúnamh a thabhairt le bunú agus seoladh BBC Alba, an cainéal teilifíse i nGàidhlig na hAlban.
Bhí cúigear páistí sa scoil acu ag an am agus ní raibh siad ag iarraidh bogadh anonn go hAlbain. Chaith sé naoi mbliana ag taisteal idir Conamara, Glaschú agus Steòrnabhagh.
Níor tugadh mórán seans don stáisiún nua nuair a seoladh é sa mbliain 2008, ach d’éirigh thar cionn leis agus sa deireadh bhí lucht féachana ag an stáisiún a bhí deich n-uaire chomh mór leis an líon cainteoirí Gàidhlig in Albain. Tháinig sé ar ais go TG4 sa mbliain 2016 agus é i ról an Ardstiúrthóra.
Agus é ag fágáil TG4 anois, tá is ríléir a phaisean don stáisiún i gcónaí agus do na spriocanna atá leagtha amach do na blianta amach romhainn. Thréaslaigh sé a cúram le Deirdre Ní Choistín agus í ag cur tús lena tréimhse mar Ardstiúrthóir.
“An cúrsa físe a rinne mise ag an tús agus ag obair le Telegael ina dhiaidh sin, bhí mé in ann a ghabháil taobh thiar de na meaisíní agus fadhbanna a shocrú. Sílim mar dhuine a bhí ag obair i dteilifís go raibh sé sin tábhachtach dom, thuig mé cá raibh na fadhbanna mar gheall gur tháinig mé isteach trí cheird na teilifíse.
“Ar an mbealach, níl aon jab i dTG4 nach bhfuil déanta ag Deirdre agus tá eolas aici ar chéard a tharlaíonn. Bhí sí ag plé le cúrsaí cumarsáide agus ba í an chéad cheannaire nuachta a bhí ag TG4. Feictear dom go bhfuil todhchaí láidir ann do Nuacht TG4.”
Tá sé buíoch do phobal na Gaeilge a chuir fáilte roimhe mar Albanach a d’fhoghlaim Gaeilge agus a shocraigh síos sa nGaeltacht.
“Tá mé chomh buíoch do phobal labhartha na Gaeilge, mar dhuine a d’fhoghlaim Gaeilge – agus thóg muid na gasúir le Gaeilge. San áit a bhfuil muid i gCinn Mhara, ghlac na daoine linn.
“Nuair a thosaím ag labhairt i mBéarla, chomh luath is a osclaím mo bhéal i mBéarla is léir gur strainséir mé, agus tá blas na hAlban ar mo chuid cainte. Fuair mé an t-uafás ó bheith i mo chónaí sa nGaeltacht agus sin é an rud is tábhachtaí dá ndearna muid. Tá mé ar mo chompord le pobal labhartha na Gaeilge, airím sa mbaile.”
Fág freagra ar '‘Airím sa mbaile sa nGaeltacht’ – Alan Esslemont ag fágáil slán ag TG4'