Tá leasú reachtaíochta le moladh ag Aire Stáit na Gaeltachta ionas gur ainm i nGaeilge amháin a bheadh ar aon chomhlacht poiblí nua a bhunófaí feasta.
I mBille Teanga an Rialtais atá á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair, deirtear gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ainm gach comhlacht poiblí nua.
Ach iarradh ar an Aire Stáit sa Dáil inniu féachaint in athuair ar an moladh sin agus leasú a thabhairt isteach a d’fhágfadh gur i nGaeilge amháin a bheadh ainm gach comhlacht poiblí nua feasta.
Bhí a seachtú seisiún ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Dáil tráthnóna chun plé a dhéanamh ar an mBille Teanga.
Mhol roinnt Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra leasuithe chun an tagairt den Bhéarla a bhaint as an mBille ionas go mbeadh ainmneacha na gcomhlachtaí nuabhunaithe i nGaeilge amháin.
Bhí an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar dhuine de na Teachtaí Dála a mhol leasú faoin gceist seo agus dúirt sí go raibh sé tábhachtach go mbeadh ainm i nGaeilge in úsáid ag aon chomhlacht poiblí nua.
Mar fhreagra ar na Teachtaí Dála, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh sé go mór i bhfabhar ainmneacha Gaeilge a úsáid ar chomhlachtaí poiblí. D’aontaigh an tAire Stáit nach mbíodh aon deacrachtaí ann roimhe seo nuair a bhíodh ainmneacha i nGaeilge amháin ag comhlachtaí poiblí.
“I bprionsabal, táim go láidir i bhfabhar ainmneacha i nGaeilge a bheith ar chomhlachtaí reachtúla nó nuabhunaithe,” a dúirt an tAire Stáit.
“Feicimid go n-oibríonn leithéidí CIÉ, RTÉ, TG4, RnaG, Bord na gCon, Aer Rianta, Bus Éireann, Bord Iascaigh Mhara, Teagasc, an Bord Pleanála, An Garda Síochána, gan aon deacrachtaí agus go bhfuil eolas forleathan ag an bpobal ar céard a dhéanann na heagraíochtaí seo ar fad.”
Dúirt an tAire Stáit go mbeadh oifigigh óna roinn ag dul i dteagmháil le hoifig na ndréachtóirí faoi leasú maidir leis an gceist seo ag an gcéad chéim eile, sin é Céim na Tuarascála.
D’fhág seisiún an lae inniu go bhfuil os cionn 100 leasú ar an mBille anois pléite ag Roghchoiste Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Cé nach bhfuil glactha ag an Aire Stáit Chambers le haon leasú go fóill, thug sé le fios go raibh sé sásta teacht ar ais le moltaí ag an gcéad chéim eile maidir le roinnt mhaith de na leasuithe a pléadh tráthnóna.
Spriocdhátaí, ceartúsáid ainmneacha ar fhoirmeacha stáit agus ainmneacha agus lógónna comhlachtaí phoiblí is mó a bhí faoi chaibidil ag an Roghchoiste inniu.
Bhí an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, Aindrias Moynihan, Fianna Fáil, agus Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas, ar na Teachtaí Dála a labhair ar son moladh go gcuirfí spriocdháta leis na dualgais atá le leagan ar chomhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha agus lógónna i nGaeilge.
Dúirt Aindrias Moynihan go “gcabhródh sé go mór dá mbeadh spriocdhátaí faoi leith” luaite agus mheas Marc Ó Cathasaigh gurb é an bealach is fearr leis an mBille a threisiú spriocdhátaí a leagan síos.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur “locht mór” ar an mbille an easpa spriocdhátaí atá ann.
Dúirt an tAire Stáit go raibh faoi teacht ar ais le moladh maidir le ceist na dtreoirlínte agus spriocdhátaí ag Céim na Tuarascála.
Agus seacht seisiún dhá uair an chloig curtha díobh ag an gcoiste, tá plé déanta ar 105 leasú, 26 díobh a dícheadaíodh.
308 leasú atá molta ar an mBille a bhfuil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú agus cur le cearta teanga an phobail.
Chinn Oifig na mBillí go raibh 93 den 308 leasú as ord mar gheall go mbainfeadh costas lena bhfeidhmiú nó toisc gur síleadh nár bhain siad le forálacha an Bhille.
Dé Máirt seo chugainn, an 9 Márta, a bheidh an chéad chruinniú eile de chuid an Roghchoiste ann chun leanúint leis an bplé ar an mBille Teanga.
Cordelia Nic Fhearraigh
“I bprionsabal, táim go láidir i bhfabhar ainmneacha i nGaeilge a bheith ar chomhlachtaí reachtúla nó nuabhunaithe,”
An gcloífidh an duine seo lena chuid prionsabail??
Caidé fá Fáilte Ireland?? Seo dream nach bhfuil ag tabhairt aitheantais ar bith don Ghaeilg ar fud na tíre ná ar a gcuid bolscaireacht thar lear. Chan fheicim oiread agus focal amháin Gaeilge sna hoifigí s’acu ná sna láthair turasóireachta is cáiliúla sa tír. Níl dualgas ar bith orthu daoine le Gaeilge a earcú ach oiread! Ní iontas ar bith daoine bheith dubh in éadan an Ghaeilg nuair nach bhfuil sí le feiceáil i saol na turasóireachta/dána/an chaithimh aimsire ar fud na tíre! Agus, dár ndóighe, Gaeilge amháin sna ceantracha ‘Gaeltachta’.
‘…as ord mar gheall go mbainfeadh costas lena bhfeidhmiú…’
Nach dtaispeánann seo nach bhfuil tuigbheál ar bith ag polaiteoirí agus ag rialtas na tíre ar chomh luachmhar is atá ár dteanga dúchais? Ró-chostasach an leagan Gaeilg a úsáid, nó leis na botúin a rinneadh agus an neamhaird atá tugtha le 100 bliain anuas don Ghaeilg a chuir ina cheart! Mo náire lucht reachtaíochta na tíre seo!!
COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!