Aire na Gaeltachta ag súil le ‘roinnt de na tograí caipitil is mó riamh’ in earnáil na Gaeilge a bhrú chun cinn i mbliana

Tá dhá thogra i gConamara agus athfhorbairt Ardoifig Chonradh na Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath i measc na dtograí a luaigh an tAire Dara Calleary go sonrach

Aire na Gaeltachta ag súil le ‘roinnt de na tograí caipitil is mó riamh’ in earnáil na Gaeilge a bhrú chun cinn i mbliana

Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta go bhfuil súil aige dul chun cinn a dhéanamh ar chuid de na tograí caipitil is mó a tugadh fúthu in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbliana.

Bhí dhá thogra i gConamara, ionad oideachais agus óige in Indreabhán agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, agus athfhorbairt Ardoifig Chonradh na Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath i measc na dtograí a luaigh an tAire Dara Calleary go sonrach.

Is ag labhairt os comhair roghchoiste Gaeilge an Oireachtais a bhí an tAire Calleary agus é ag cur síos ar chaiteachas a roinne do 2025.

Thug an tAire Calleary le fios go raibh allúntas de bheagnach €109 milliún ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht faoi Mheastacháin Athbhreithnithe 2025, beagán os cionn an €107 milliún a bhí i gceist nuair a fógraíodh an buiséad mí na Samhna anuraidh.

Ar cheann “de na tograí caipitil is mó a chonacthas san earnáil riamh,” dar leis an aire, tá an t-ionad oideachais agus óige atá le tógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán. Tá an togra ar na bacáin le roinnt mhaith blianta agus cead pleanála faighte anuraidh ag Údarás na Gaeltachta ina leith.

Dúirt an tAire Calleary go raibh deontas os cionn €300,000 don réamhobair don ionad ceadaithe ag a Roinn. Tuigtear gur costas €10 milliún ar fad atá luaite leis an fhorbairt.

Dúirt Calleary freisin go bhfuil deontas os cionn €900,000 ceadaithe d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, áit a bhfuil sé i gceist síneadh a chur leis an bhfoirgneamh atá ann cheana féin, Ionad Míniúcháin Turasóireachta a fheistiú amach ann agus Gairdín Cuimhneacháin a fhorbairt.

“Agus mé ag caint maidir le maoiniú caipitil,” ar sé, “ní mór dom a lua go bhfuil tús curtha anois leis na réamhoibreacha tógála i leith athfhorbairt Ardoifig Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair – an togra caipitil is mó riamh atá maoinithe ag mo Roinn in earnáil na Gaeilge.”

Cuireadh tús ag deireadh na bliana seo caite ar obair thógála ar an suíomh agus lárionad Gaeilge nua le tógáil. Ba in 2020 a fuair an Conradh cead pleanála chun amharclann, caifé, stiúideo raidió agus áiseanna nua eile a thógáil san ionad.

Maidir leis an bpleanáil teanga, dúirt an tAire Calleary go mbeadh beagnach milliún euro breise ar fáil faoin fhomhír ábhartha in 2025 chun cur ar chumas na Roinne “tús a chur leis an gcéad timthriall eile de na pleananna teanga agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in earnálacha an teaghlaigh, na hóige, na n-ealaíon agus na luathbhlianta sa Ghaeltacht”.

Thagair an tAire Calleary freisin d’fhadhbanna airgeadais Fhoras na Gaeilge, a d’fhógair ciorruithe suntasacha ag tús na bliana. Dúirt an tAire Calleary gur éirigh lena roinn “socruithe éigeandála maoinithe” a chur i bhfeidhm don bhliain seo ach go bhfuil sé “mar thosaíocht ag mo Roinn oibriú lena gcomhghleacaithe ó thuaidh idir seo agus deireadh na bliana ar mhaithe le socrú fadtéarmach a fhíorú”.

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta ag súil le ‘roinnt de na tograí caipitil is mó riamh’ in earnáil na Gaeilge a bhrú chun cinn i mbliana'