Aird tarraingthe in athbhreithniú ar easpa suime an phobail i gceist thoghchán Údarás na Gaeltachta

Níor glacadh le go leor gnéithe den chur chuige a mholtar sa tuarascáil a lorg Roinn na Gaeltachta faoi cheist thoghchán an Údaráis

Aird tarraingthe in athbhreithniú ar easpa suime an phobail i gceist thoghchán Údarás na Gaeltachta

Tugtar suntas i dtuarascáil neamhspleách nua dá laghad suime a léirigh an pobal in athbhreithniú ar cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta.

D’fhógair Airí na Gaeltachta inné go raibh toghchán Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais.

Ó 2025 16 comhalta in áit 12 a bheidh ar Bhord na Údaráis, deichniúr a thoghfar agus seisear eile a roghnófar trí chomórtas poiblí.

Agus fógra an lae inné á dhéanamh, dúradh go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh “glór” ag pobal na Gaeltachta i ngnó an Údaráis, ach níor léir go raibh mórán spéise ag an bpobal an ‘glór’ sin á úsáid nuair a tugadh deis dóibh a dtuairimí a thabhairt faoi cheist na toghcháin.

21 aighneacht bhailí a fuarthas mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a eagraíodh faoin gceist, sé cinn ó eagraíochtaí agus 15 ó dhaoine aonair. I dtuarascáil na gcomhairleoirí a fostaíodh chun anailís a dhéanamh ar na haighneachtaí tarraingíodh aird ar a laghad acu a fuarthas.

“D’ainneoin na ngearán a léitear agus a chloistear go minic ón bpobal faoi easpa comhairliúcháin, ní bhfuarthas ach 23 aighneacht (ina measc dhá cheann neamhbhailí),” a deir na comhairleoirí BDO.

Bhain 14 de na haighneachtaí leis an nGaillimh.

Aighneacht amháin a fuarthas ó Dhún na nGall agus aighneacht amháin a fuarthas ó Chúige Mumhan go léir, ceann ó dhuine aonair i gCorca Dhuibhne.

Ar na heagraíochtaí a chuir moltaí faoi bhráid na Roinne bhí Conradh na Gaeilge, Comharchumann Forbartha Árann, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Cé go bhfuil an phleanáil teanga ar cheann de phríomhchúraimí Údarás na Gaeltachta, níor chuir aon eagraíocht pleanála teanga ó aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht moltaí faoi bhráid na Roinne.

Rinne na comhairleoirí comparáid idir líon íseal na n-aighneachtaí a fuarthas i gcás cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta agus cásanna eile.

“Chun na huimhreacha sin a chur i gcomhthéacs, nuair a eagraíodh comhairliúchán poiblí maidir le beartais nua do leanaí agus do dhaoine óga le déanaí, fuarthas 236 freagra ar an suirbhé,” a deirtear.

Deirtear sa tuarascáil go raibh tuairimí suimiúla sna haighneachtaí ach nach bhféadfaí ach leas teoranta a bhaint astu mar gheall ar a laghad daoine a bhí i gceist.

“Dá laghad a líon ba mhór an léargas a bhí le fáil uathu. Mar sin féin, agus an anailís seo á léamh, caithfear a chur san áireamh gur daonra an-bheag atá sa taighde; gur anailís cháilíochtúil atá i gceist agus gur cur chuige téamach a úsáideadh chun na haighneachtaí a mheas…”

Ba iad Roinn na Gaeltachta féin a d’eagraigh an próiseas comhairliúcháin phoiblí nuair a theip ar na hiarrachtaí a rinneadh teacht ar chomhlacht chun an obair sin a dhéanamh. Reáchtáladh na próiseas comhairliúcháin phoiblí ón 16 Feabhra go dtí an 25 Márta. Naoi gceist a bhí le freagairt.

Roinn na Gaeltachta a cheap ansin an comhlacht comhairleoireachta BDO chun anailís a dhéanamh ar na haighneachtaí agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheist an toghcháin.

Cé go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas glacadh le moladh na gcomhairleoirí go dtoghfaí cuid de bhaill an Bhoird agus go roghnófaí cuid eile acu, níor glacadh le go leor gnéithe den chur chuige a mholtar san athbhreithniú.

Seisear ball roghnaithe agus seisear ball tofa a mhol na comhairleoirí ach deichniúr tofa agus seisear roghnaithe an cinneadh a rinne Airí na Gaeltachta. Mhol na comhairleoirí gur ceanneagraíochtaí limistéar pleanála teanga a thabharfadh ainmniúchán do na hiarrthóirí toghcháin agus bheadh ar dhaoine clárú go speisialta chun vótáil sa toghchán. Níor glacadh leis an gcur chuige sin.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

In agallamh le Tuairisc.ie roimh an olltoghchán deireanach, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Aird tarraingthe in athbhreithniú ar easpa suime an phobail i gceist thoghchán Údarás na Gaeltachta'