Ainneoin óráid Truss, ní léir fós fíor-aidhm rialtas na Breataine

Fiú dá mbeadh dea-rún ar an dá thaobh agus muinín i réim eatarthu, bheadh mion-idirbheartaíocht riachtanach sula réiteofaí go leor fadhbanna a spreagann an Prótacal. 

Ainneoin óráid Truss, ní léir fós fíor-aidhm rialtas na Breataine

Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss. Pic: Simon Dawson / No 10 Downing Street

Tá an fhírinne á lúbadh chomh minic ag rialtas na Breataine ina mbriatharchath leis an Aontas Eorpach nach gcuirfidh an sampla is déanaí iontas ar mhórán. Is fiú mar sin féin cnámha an scéil a inseacht mar léiriú ar sheachaint nó ar shéanadh na fírinne a chuireann bac ar gach iarracht aighneas an Phrótacail a réiteach.

In agallamh teilifíse a craoladh Dé Máirt tar éis don Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, Liz Truss reachtaíocht chun cuid den Phrótacal a chur as feidhm a fhógairt, bhain aire Breataineach cam-úsáid arís as fianaise na bpobalbhreitheanna.

Dúirt an rúnaí gnó Kwasi Karteng gur thug pobalbhreitheanna éagsúla le fios gur dóigh leis an móramh sa Tuaisceart, agus lucht gnó go háirithe, go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an bPrótacal.

Níor léirigh suirbhé ar bith a rinneadh i mbliana gurb é sin tuairim an mhóraimh.

Mar shampla, léirigh pobalbhreith a d’fhoilsigh Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste i mí Feabhra go raibh dearcadh fabhrach ag caoga faoin gcéad ar an bPrótacal, agus dearcadh diúltach ag 41 faoin gcéad.

Léirigh suirbhé a rinne Comhlachas Tráchtála Thuaisceart Éireann idir mí Eanáir agus mí an Mhárta gur shíl 43 faoin gcéad gur mhéadaigh an Prótacal costais ghnó, ach gur shíl 55 faoin gcéad gur ar an mBreatimeacht a bhí an milleán sin.

Mar shampla eile de thuairimíocht an phobail ó thuaidh, léirigh pobalbhreith a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair gur dhúirt 52 faoin gcéad gur ‘rud maith’ é an Prótacal agus go raibh a mhalairt de thuairim ag 41 faoin gcéad.

Ar ndóigh ní bhréagnaíonn na figiúirí thuas an cás i bhfabhar feidhmiú an Phrótacail a leasú. De réir na socruithe a rinneadh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ní cheadaítear earraí a sheoladh ón mBreatain go dtí an Tuaisceart gan fianaise bhreise (nár theastaigh roimhe seo) a sholáthar agus gan seiceáil a bheith déanta ar sciar den fhianaise.

Fiú dá mbeadh dea-rún ar an dá thaobh agus muinín i réim eatarthu, bheadh mion-idirbheartaíocht riachtanach sula réiteofaí go leor fadhbanna a spreagann an Prótacal.

Sin ráite, is é bun agus barr an Phrótacail nach féidir gach costas breise a chuireann sé ar thrádáil a chur ar ceal. Ní féidir iachall ach oiread a chur ar gach comhlacht sa Bhreatain earraí a chur trí chóras an Phrótacail go Tuaisceart Éireann. Ní féidir i bhfocail eile tionchar an chrua-Bhreatimeachta a theastaigh ó rialtas na Breataine ar an Tuaisceart a mhaolú go hiomlán.

Thug bagairt Truss le fios nach dea-rún ná fonn réitigh ach a mhalairt atá i réim i Londain. Is treise ná riamh ó thosaigh ré an Bhreatimeachta an mhímhuinín idir rialtas Westminster agus an tAontas Eorpach.

Rinne an Taoiseach cur síos géar ar mheon rialtas na Breataine nuair a thug sé cuairt ar Bhéal Feirste Dé hAoine. Ní fonn réitigh ach cur chuige aontaobhach (‘our way or no way’, dar leis) atá á léiriú i Londain, a dúirt sé, in ionad a bheith toilteanach tabhairt faoi chomhráite dáiríre chun teacht ar réiteach. Níl a gcur chuige ag teacht go hiomlán, dar leis, le bun-éirim Chomhaontú Aoine an Chéasta a bunaíodh ar chomthuiscint agus ar chomhoibriú.

Ainneoin bhagairt Truss áfach, níl cealú cinnte an Phrótacail fógartha ag rialtas na Breataine. Tar éis di bualadh le Simon Coveney Dé hAoine, dúirt sí go raibh a rialtas toilteanach glacadh le comhréiteach fad is nach ligfí na maidí le sruth.

Bhí a ndúirt Truss ag teacht mar sin le príomhthréithe gach ráiteas faoin bPrótacal a thagann ó Londain: iad doiléir, mí-ionraic agus ó am go ham, bagrach.

An féidir freagra a thabhairt ar an mbuncheist: céard atá ar bun ag Boris Johnson agus a chomrádaithe: spreagadh aighnis dáiríre nó síorchluichíocht pholaitiúil? Is féidir, sílim, ar feadh tamaill eile agus b’fhéidir ar feadh bliana ar a laghad.

Ní bagairt dhoiléir ach fainic dháiríre a d’eisigh Nancy Pelosi in Washington Déardaoin. Más mian leis an Ríocht Aontaithe an bonn a bhaint de Chomhaontú Aoine an Chéasta, a dúirt cathaoirleach Theach na nIonadaithe, ní thacóidh Comhthionól na Stát Aontaithe le comhaontú saorthrádála leis an mBreatain.

Is leor nod don eolach, go háirithe más ceannaire sinsearach in Washington a thugann é. Bí ag súil le tuilleadh bréaga agus bagairtí ó Londain sna míonna atá romhainn, ach déanfaidh Truss agus a comhghleacaithe iarracht dháiríre aighneas oscailte le Meiriceá a sheachaint.

Ní chuirfidh a gcur chuige comhréiteach polaitiúil i mBéal Feirste chun cinn, ach ní chuirfidh rialtas na Breataine an milleán arís ar dhaoine eile seachas an dream is mó a bheas ciontach: iad féin.

Fág freagra ar 'Ainneoin óráid Truss, ní léir fós fíor-aidhm rialtas na Breataine'