Ainmniúchán faighte ag an bhfear gnó Gavin Duffy do thoghchán na huachtaránachta

Fuair Gavin Duffy ainmniúchán inniu ó Chomhairle Chontae Phort Láirge agus an ceithre ainmniúchán a theastaíonn ó údaráis áitiúla anois aige

Ainmniúchán faighte ag an bhfear gnó Gavin Duffy do thoghchán na huachtaránachta

Tá ainmniúchán faighte ag an bhfear gnó Gavin Duffy do thoghchán na huachtaránachta, rud a fhágann gur ar a laghad cúigear a bheidh san iomaíocht i dtoghchán na míosa seo chugainn.

Fuair Duffy ainmniúchán inniu ó Chomhairle Chontae Phort Láirge agus an ceithre ainmniúchán a theastaíonn ó údaráis áitiúla anois aige.

D’éirigh leis an bhfear gnó eile Seán Gallagher agus an Seanadóir Joan Freeman ainmniúchán a fháil níos túisce an tseachtain seo trí chóras ainmniúcháin na n-údarás áitiúil.

Dúirt Gavin Duffy le Tuairisc.ie an tseachtain seo go bhfuil sé “tiomanta go hiomlán don Ghaeilge” agus go ndéanfadh sé é féin “a thumadh” sa Ghaeltacht chun í a fhoghlaim dá dtoghfaí ina uachtarán ar Éirinn é.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an fear gnó agus caidreamh poiblí a bhfuil súil aige ainmniúchán a fháil do thoghchán na huachtaránachta nach “Gaeilgeoir líofa” é ach go bhfuil “tuiscint mhaith” aige ar an teanga.

Tá sé i gceist ag Sinn Féin a n-iarrthóir don toghchán a ainmniú an deireadh seachtaine seo agus is í Liadh Ní Riada, an Feisire Eorpach as Gaeltacht Mhúscraí, is mó atá á lua mar iarrthóir an pháirtí.

Fág freagra ar 'Ainmniúchán faighte ag an bhfear gnó Gavin Duffy do thoghchán na huachtaránachta'