‘Tá mé tiomanta don Ghaeilge agus rachainn chun na Gaeltachta á foghlaim’ Gavin Duffy

Deir Gavin Duffy, an fear gnó a bhfuil súil aige ainmniúchán a fháil do thoghchán na huachtaránachta, go bhfuil ‘tuiscint mhaith’ aige ar an nGaeilge agus go mbeadh béim mhór aige ar an teanga dá mbeadh sé ina uachtarán

‘Tá mé tiomanta don Ghaeilge agus rachainn chun na Gaeltachta á foghlaim’ Gavin Duffy

Tá ráite ag Gavin Duffy go bhfuil sé “tiomanta go hiomlán don Ghaeilge” agus go ndéanfadh sé é féin “a thumadh” sa Ghaeltacht chun í a fhoghlaim dá dtoghfaí ina uachtarán ar Éirinn é.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an fear gnó agus caidreamh poiblí a bhfuil súil aige ainmniúchán a fháil do thoghchán na huachtaránachta nach “Gaeilgeoir líofa” é ach go bhfuil “tuiscint mhaith” aige ar an teanga. Dúirt sé go ndéanann sé “gach iarracht” an Ghaeilge a úsáid ina chuid óráidí.

Dúirt Duffy, a bhíonn ina mholtóir ar an gclár aitheanta teilifíse Dragon’s Den gur roghnaigh sé féin agus a bhean an gaeloideachas dá gclann agus go mbíonn an Ghaeilge lárnach sa teaghlach dá bharr.

“Go luath i mo shaol pósta rinne mo bhean Orlaith agus mé féin cinneadh ár gcuid  páistí a chur chuig Gaelscoil, agus d’fhreastail an ceathrar acu ar Scoil Aonghusa i nDroichead Átha.


Tús curtha cheana féin leis an ‘scrúdú’ Gaeilge d’iarrthóirí na huachtaránachta


“Mar thoradh ar an gcinneadh sin, bhí, agus tá fós, an Ghaeilge mar chuid lárnach dár gcaidreamh laethúil, i gcumarsáid ag béilí agus mar sin. Chaith ár bpáistí tréimhsí i gColáiste na Rinne, i gColáiste na bhFiann agus i gColáiste Uisce, tréimhsí a thaitin go mór leo,” a dúirt Gavin Duffy le Tuairisc.ie.

Sa chás go dtoghfaí ina Uachtarán é, bheadh sé i gceist ag Duffy, a dúirt sé a “chumas sa Ghaeilge a fheabhsú” agus rachadh sé i muinín na Gaeltachta chun sin a dhéanamh.

“Níl bealach níos fearr len é sin a dhéanamh, mar a fheicim ó thaithí mo chlainne féin, ná tumadh sa Ghaeltacht le máistreacht a fháil ar an teanga. Bheadh sé ar intinn agam tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht go rialta, rud a rinne an t-iarUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa le linn a tréimhse in oifig,” a dúirt Gavin Duffy.

Mhaígh sé go raibh sé “tiomanta go hiomlán don Ghaeilge agus d’áit lárnach na Gaeilge sa dioscúrsa náisiúnta”.

“Is cuid lárnach í an Ghaeilge dár bhféiniúlacht shainiúil agus dár n-oidhreacht chultúrtha. Ní mór mar sin gach aon iarracht a dhéanamh ár dteanga dhúchais a chaomhnú, agus í a chur chun cinn oiread agus is féidir. Bealach praiticiúil amháin le dea-shampla a thabhairt ná pé foclóir agus frásaí Gaeilge atá againn a úsáid inár gcomhrá laethúil. Déanfaidh mise é sin go fonnmhar.”

Meastar go n-éireoidh le Gavin Duffy ainmniúchán a fháil don toghchán uachtaránachta go luath agus tacaíocht cheana aige ó thrí chomhairle.

Tá ainmniúchán faighte cheana féin ag beirt do thoghchán mhí Dheireadh Fómhair – an Seanadóir Joan Freeman agus an fear gnó Seán Gallagher. Dúirt an Seanadóir Joan Freeman le déanaí go raibh an-mheas aici ar an teanga agus go ndéanfadh sí ranganna Gaeilge sa chás go dtoghfaí í. Dúirt Seán Gallagher le linn thoghchán 2011 go raibh “ranganna Gaeilge príobháideacha tosaithe cheana féin” aige le go mbeadh ar a chumas Gaeilge a labhairt dá n-éireodh leis sa toghchán sin.

Tá teagmháil déanta ag Tuairisc.ie le Freeman, Gallagher agus roinnt daoine eile a bhfuil spéis léirithe acu ainmniúchán a lorg don toghchán chun léargas a fháil ar a ndearcadh i leith cheist na Gaeilge.

Gaeilgeoir líofa é Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, a bheidh ag seasamh arís i dtoghchán na míosa seo chugainn agus cainteoir dúchais í an duine is mó atá á lua mar iarrthóir ag Sinn Féin, an Feisire Eorpach as Gaeltacht Mhúscraí, Liadh Ní Riada. 

Fág freagra ar '‘Tá mé tiomanta don Ghaeilge agus rachainn chun na Gaeltachta á foghlaim’ Gavin Duffy'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Maith thú a Ghabháin, tá géarghá le níos mó daoine le bua na samhlaíochta agus gan dabht taithí acu mar ceannairí san earnáil tráchtála, i nglúaiseacht na Gaeilge. Ach os rud é go bhfuil tú tiomanta ar do chuid Gaeilge a fheabhsú ná bí ag brath ar cad a dtitfeadh amach sa toghchán agus an coinníoll a chuir tú air. Ba gheall le breabaireacht de shaghas éigin é, gídh nach ar sin atá tú ag smaoineamh, agus ní oireann rud mar sin don Uachtaránacht.