Agus Seamróga Bhaile Héil cloíte, tá deis ag roinnt foirne i Laighin ar chraobh an chúige

Imreofar na cluiche ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir Iomána Laighean amárach agus foirne ar fud an chúige spreagtha ag cliseadh na Seamróga

Agus Seamróga Bhaile Héil cloíte, tá deis ag roinnt foirne i Laighin ar chraobh an chúige

Owen Wall ag imirt do Ghaeil Uí Lochlainn i gcluiche ceannais Chill Chainnigh. Pic: INPHO/Ben Brady

Is míorúilt é go bhfuil cluichí fós á n-imirt agus an aimsir chomh fliuch agus a bhí sí le tamall anuas. Ach leanann cúrsaí ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus muid ag díriú ar chúige Laighean agus ceithre chluiche ar siúl sa chraobh shinsir ansin.  

Mar a scríobh mé an tseachtain seo caite, bhí ceiliúradh mór á dhéanamh nuair a chaill Seamróga Bhaile Héil cluiche ceannais an chontae i gCill Chainnigh. Dar ndóigh ní raibh leantóirí na Seamróg páirteach sa cheiliúradh sin ach fágann sé go mbeidh seaimpíní nua againn i gcraobhacha an chúige agus i gcraobh na hÉireann agus is maith sin. 

Tá an doras oscailte anois do bhuaiteoirí na gcontaetha eile i Laighin agus dóchas ann gur féidir le club nua píosa staire a chruthú dóibh féin i mbliana.  

Tá na ceithre chluiche á n-imirt amárach. Tabharfaidh seaimpíní Laoise, Camros, agus seaimpíní Chill Dara, Nás na Ríogh, aghaidh ar a chéile i gcluiche suimiúil a bheidh ar siúl i Páirc Uí Mhórdha.  

Tá éacht déanta agus fós á dhéanamh ag an Nás agus iad sa cheathrú háit ag na geallghlacadóirí chun corn an chúige a bhuachan, chun tosaigh ar leithéidí Naomh Éanna as Loch Garman.  

Tá meas i measc phobal na hiomána ar an obair atá á déanamh sa chlub. Dar ndóigh tá peileadóirí an chlub gnóthach freisin tar éis dóibh an tríú craobh as a chéile a bhuachan i mbliana agus cluiche ceathrú ceannais Laighean buaite acu an Domhnach seo caite. Bhí beirt ón bhfoireann iomána, James Burke agus Brian Byrne, ag imirt sa chluiche sin ach is le lucht na gcamán a bheidh siad amárach.  

Amárach freisin beidh cluiche suimiúil go leor againn i bPáirc Uí Chuilinn i gCeatharlach agus seaimpíní nua Chill Chainnigh, Gaeil Uí Lochlainn, ar cuairt agus iad ag tabhairt faoin fhoireann áitiúil, Gaiscígh Stua Laighean.  

D’úsáideas an focal ‘suimiúil ‘ mar ceapaim nach mbeidh mórán idir na foirne cé gur foirne iomána ó Cheatharlach agus ó Chill Chainnigh a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus gur beag seans atá á thabhairt do mhuintir Cheatharlach.  

Tá foirne ón gcontae sin ag imirt i gcomórtas sraithe Chill Chainnigh le tamall de bhlianta anois agus taithí acu ar stíl a gcomharsan cois na Feoire. Ach ag deireadh an lae is dócha go mbeidh an bua ag na Gaeil. 

Ar a 2.00in amárach beidh seaimpíní nua Átha Cliath, Na Fianna, ag dul chun páirce ar an Muileann gCearr i gcoinne Ráth Fhearna ón Iarmhí. Bhí Killian Doyle, a bhí ainmnithe ar an ngearrliosta do ghradam All Star anuraidh, ina laoch nuair a bhris sé croíthe Ghaeil Locha Léin sa chluiche ceannais contae le cúl an bhua agus an t-am beagnach caite.  

Ní raibh aon fhadhb ag na Fianna agus rith an ráis leo ina gcluiche ceannais in aghaidh Bhaile Baodáin. Gach seans go mbeidh leo arís amárach agus an bua stairiúil sin i mBaile Átha Cliath tar éis spreagadh mór a thabhairt dóibh. 

Sa chluiche deireanach a bheidh á thaispeáint ag TG4 amárach, beidh buaiteoirí Uíbh Fhailí, Cill Chormaic-Cill Achaidh, i gcoinne Naomh Éanna Loch Garman, cluiche a bheidh á imirt i Loch Garman.  

Tá trí mhí ann ó bhuaigh Naomh Éanna a gcraobh agus mí amháin ó imríodh an cluiche ceannais in Uíbh Fhailí. Níor chuir an briseadh fada isteach ar Bhaile Gunnair seachtain ó shin ach ní dóigh liom go mbeidh an rud céanna á rá againn i ndiaidh an chluiche seo amárach. Tá se deacair go leor a rá cé a bhuafaidh é ach, bunaithe ar thaispeántais na bhfoirne ina gcluichí craoibhe sa bhaile, ceapaim gur mó seans a bheidh ag Cill Chormaic-Cill Achaidh an ceann seo a thabhairt leo. 

Fág freagra ar 'Agus Seamróga Bhaile Héil cloíte, tá deis ag roinnt foirne i Laighin ar chraobh an chúige'