Nuair a osclófar Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath ar an 25 Meán Fómhair cuirfear tús le 18 lá den amharclannaíocht agus an chéad fhéile faoi stiúir Róise Goan, Stiúrthóir Ealaíne nua na féile, agus í ag filleadh ar a baile dúchais.
Deich mbliana d’aois a bhí Róise nuair a fuair sí páirt sa seó An Fear Bréige, léiriú a cuireadh ar stáitse sa Project Arts Centre. Ba é an chéad bhlaiseadh den amharclannaíocht ghairmiúil aici é. Ina dhiaidh sin, bhog a teaghlach go Gaillimh agus is ann a dhaingnigh sí a spéis agus a grá don amharclannaíocht. B’am an-speisialta a bhí ann i nGaillimh ag an am, dar léi.
‘Cé gur fhás mé aníos i dteach ina raibh béim mhór ar an gceol, bhí mé thar a bheith gafa le cúrsaí amharclannaíochta. B’am thar a bheith flúirseach a bhí ann i nGaillimh ag an am. Bhí an Druid díreach tar éis na Tonys a bhuachan ar an Leenane Trilogy agus bhí mé páirteach le Aisteoirí Óga na Taibhdheirce agus an Galway Youth Theatre, am thar a bheith speisialta a bhí ann.’
Bhí amharclann an Druid ag dul i neart, bhí féile Babóró ag tosú amach agus bhí go leor deiseanna ar fáil do dhaoine óga le páirt a ghlacadh i gcúrsaí amharclannaíochta.
‘Chuaigh mé ar scoil i gColáiste na Coiribe agus is cuimhin liom gur thug an Druid cuireadh dúinn a theacht isteach agus breathnú ar an gcleachtadh don Leenane Trilogy. Bhí sé iontach nuair a chuimhním siar air, gur chuir an compántas fáilte romhainn.’
Tá Róise ag iarraidh deiseanna dá leithéid a chur ar fáil mar chuid de chlár na féile i mBaile Átha Cliath agus iad ag comhoibriú leis an Irish Times le ticéid ar phraghas laghdaithe a chur ar fáil do scoileanna i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
‘D’fhás mise aníos i dteach ina raibh béim ar an gcultúr, ba theaghlach meánaicmeach muid agus seans mura mbeadh an cúlra sin agam nach mbeadh na deiseanna céanna agam. Tá súil againn leis an scéim seo na ticéid a chur ar fáil ar chostas thar a bheith íseal nó saor in aisce, agus tá súil againn go dtabharfaidh sé deis do dhaoine óga i scoileanna i lár na cathrach.’
Cé gur i nGaillimh a cothaíodh a spéis san amharclannaíocht, tá am caite ag Goan ag obair in Éirinn, sa Bheilg agus sa Ríocht Aontaithe ó shin agus bhí tionchar ag an taithí leathan sin ar an gcur chuige a bhí aici agus an fhéile á leagan amach. Thug an obair dearcadh idirnáisiúnta di, a deir sí agus feiceann sí na láidreachtaí agus na laigí atá sna tíortha éagsúla.
‘Sílim in Éirinn go mbíonn muid ag cuimhneamh go minic go bhfuil gach rud níos éasca in áiteanna eile. Ach cibé áit a dtéann tú bíonn fadhbanna ann agus sílim go bhfuil sé úsáideach fios a bheith agat nach bhfuil áit ar bith foirfe, ná cultúr ar bith foirfe agus go mbíonn muid i gcónaí ag iarraidh nascanna a chothú sna healaíona tríd an obair a chruthaíonn muid.’
Tá 29 léiriú san áireamh i bhféile na bliana seo agus chomh maith le léiriúcháin Éireannacha beidh saothar le feiceáil as Peiriú, an Úcráin, an Bheilg, an India agus tíortha eile.
‘Sílim go bhfuil an lucht féachana i mBaile Átha Cliath fiosrach agus go bhfuil suim acu i rudaí éagsúla agus iad sásta rudaí nua a fheiscint. Ní cineál amháin amharclannaíochta atá ann,’ a deir sí.
Beidh Beckett sa Chreig, léiriú le Company SJ agus An Taibhdhearc i measc na léirithe, agus LEAVES, ar léiriú neamhbhriathartha de chuid Branar é. Feiceann sí an dráma Gaeilge mar dheis le gné eile de chultúr na hÉireann a léiriú taobh istigh den éagsúlacht atá sa gclár.
‘Sílim go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach mar chuid den idirnáisiúntacht a bhfuil muid ag plé leis. Tá muid ag smaoineamh an t-am ar fad ar chomhthéacs agus ar chaighdeán idirnáisiúnta sna saothair atá le feiceáil.’
Cé go bhfuil an éagsúlacht agus an ghné idirnáisiúnta fite fuaite sa gclár, is ar mhaithe le pobal a thabhairt le chéile atá an amharclannaíocht ann agus tá Róise ag súil go mbainfidh daoine taitneamh as na léirithe agus freisin go bhfágfaidh siad an léiriú tar éis eispéireas speisialta a bheith acu.
‘Nuair a thagann muid le chéile le saothar amharclannaíochta a fheiceáil le chéile in amharclann, tarlaíonn rud éigin thar a bheith speisialta,’ a deir Róise.
Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Tarlaíonn rud éigin thar a bheith speisialta nuair a thagann muid le chéile san amharclann’'