‘Ná déan deifir; ná tóg sos,’ a dúirt Goethe tráth agus is iomaí scríbhneoir a rinne athrá ar an ngaois sin ó shin. Comhairle mhaith atá inti. Go háirithe do scríbhneoir a mbeadh togra fada idir lámha aige.
Ar éigean gur gá an chéad chuid den chomhairle sin a mhíniú: is annamh a bhíonn cuma shlachtmhar ar obair a críochnaíodh faoi dheifir.
Tá an dara cuid níos casta. An é go raibh Goethe ag rá linn nár chóir dúinn ár scíth a ligean riamh? Nach bhfuil cead againn stopadh le greim bia a réiteach nó dul amach ar shiúlóidín? Nó dreas codlata a dhéanamh tar éis lóin, nós a bhfuil an-tairbhe leis de réir na n-eolaithe?
Nílim ag maíomh go bhfuil ar mo chumas teagmháil a dhéanamh leis na mairbh, ach tá mé ag ceapadh gur sosanna níos faide a bhí i gceist ag Goethe. Tá sosanna fada chomh contúirteach céanna leis an deifir.
Is agamsa atá a fhios: má staonaim ó bheith ag obair ar mhórthogra scríbhneoireachta ar feadh níos mó ná seachtain nó mar sin, caillim cuid den cheangal leis an saothar. Ansin, nuair a fhillim ar an obair i ndiaidh an tsosa, tosaím ag réiteach ceisteanna a bhí réitithe cheana féin agus déanaim athruithe nach n-oibríonn toisc go dtagann siad salach ar chodanna den saothar nach raibh ar bharr m’aigne a thuilleadh.
Ach is í an chontúirt is mó a bhaineann le sos fada ná go mbíonn an baol ann i gcónaí gur sos buan a bhéas ann. Go gcaithfidh an scríbhneoir a shaothar i dtraipisí.
Ná déan deifir; ná tóg sos, mar sin – ach bíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal, go háirithe nuair a thagann an fíorshaol idir údar agus saothar ficsin.
Mar is eol do léitheoirí Tuairisc.ie, seans, tá galar Alzheimer ar mo mháthair agus tá cónaí orm féin ar an taobh eile den domhan. Tá nach mór bliain ann anois ó bhí mé sa bhaile go deireanach, ach níl an t-úrscéal a bhfuilim ag obair air le blianta fada críochnaithe go fóill ach oiread.
Tá sé nach mór críochnaithe, áfach, agus ag cuimhneamh ar an dara cuid de chomhairle Goethe a bhí mé nuair a thug mé geallúint dom féin, ag tús na bliana seo, nach gceannóinn ticéad eitleáin abhaile go dtí go mbeadh. Rinne seal cúig mhí a chaith mé i dteach mo mháthar agus an galar atá uirthi dochar mór millteach do m’úrscéal anuraidh.
Ach ní féidir liom an chuairt abhaile a chur ar an méar fhada ar feadh i bhfad eile. Mo dheartháir óg agus na cúramóirí atá ag tabhairt aire do mo mham le deich mí anuas agus caithfidh mise mo chuid a dhéanamh freisin.
An chéad chuid de chomhairle Goethe atá ag teacht idir mé agus codladh na hoíche anois: fonn orm deifir a dhéanamh agus a bheith réidh leis an leabhar, ionas go mbeidh mé in ann eitleán a fháil abhaile agus go stopfaidh mo choinsias ag cur as dom.
Dearmad a dhéanamh ar fad ar fad de chomhairle Goethe ab fhearr liom a dhéanamh, ach tá an chomhairle chéanna róchríonna. Ag treabhadh liom a bheidh mé mar sin – mar a déarfadh Goethe, seans, dá labhródh sé Gaeilge.
Fág freagra ar 'Ag treabhadh liom a bheidh mé mar a déarfadh Goethe dá mbeadh Gaeilge aige'