Bhí cóisir na Nollag ag iriseoirí spórt an Irish Independent aréir, a deirimse liom féin an lá faoi dheireadh agus mé ag léamh leathanach an nuachtáin sin ar a mbíonn socruithe spóirt an lae – má b’fhíor dóibh 8.18 am a thosódh an chéad cheann de na rásaí con a bhí le bheith ar siúl ar thraic Chill Chainnigh.
Rinne mé miongháire ciúin agus mé ag cuimhneamh ar dhearmaid bheaga shuaracha a rinne mé féin nuair a bhí feairín an chasúir ag baint torainn as mo bhlaosc agus oíche ragairne déanta. Bhí a mbunáite i bhfad ní ba mheasa agus níos amscaí ná giorrúchán na maidine (am) a chur síos in áit cheann an tráthnóna (pm).
Mo leithscéal a dhaoine córa i seomra spóirt an Indo i Sráid Thalbóid as a bheith ag caitheamh amhrais oraibh. Sibhse a bhí ceart. Is le héirí na gréine a chuirfear tús leis an rásaíocht chon i gCill Chainnigh chuile Chéadaoin as seo amach agus ar an Déardaoin i gcathair Phort Láirge nuair a thiocfaidh an athbhliain.
Seans go bhfuil sé chomh mór ina ábhar iontais agatsa agus a bhí sé agamsa, ach ar eagla go gceapfá gur amhlaidh atá na ‘Cait’ agus na ‘Déisigh’ imithe as na cranna cumhachta le dúil sa rásaíocht chon, tá sé chomh maith an scéal a mhíniú.
Airgead is cúis leis – céard eile – agus ní éileamh an phobail.
Go deimhin is é an chaoi a bhfuil an pobal céanna ag tabhairt cúl leis an spórt áirithe sin le dornán blianta. Sa mbliain 2005 d’fhreastail 1.4 milliún duine ar rásaí con sna 26 traic atá sa tír. Cuid mhaith faoina leath sin a d’íoc ag na geataí anuraidh. Tá laghdú 50% freisin ar líon na n-úinéirí agus mar a luaigh mé anseo cheana, ní dhéanann aon gheallghlacadóir freastal ar roinnt de na hionaid rásaíochta anois, é fágtha ar fad faoin TOTE.
Bliain i ndiaidh bliana tugann Bord na gCon le fios gur ag cailleadh airgid atá formhór na 26 traiceanna atá acu – gan ag déanamh brabúis ach Páirc Shíolbhroin i mBaile Átha Cliath, Páirc Churrachín i gCorcaigh agus Traic na Ríochta i dTrá Lí. Bhí an ceann i gCrosaire an Araltaigh ag déanamh airgid é féin ach b’éigean sin a dhíol cúpla bliain ó shin leis na bancanna a choinneáil ó dhoras.
Níl cásanna a bhain le drugaí a bheith tugtha do ghadhair ná an chaint ar fad faoin mbail a théann orthu nuair a bhíonn a maith déanta ag cuidiú leis an mBord ach oiread agus iad ag iarraidh tóin a chur sa soitheach a bhfuil beagnach €250 billiún d’airgead an cháiníocóra faighte aige ó 2001 – €16 milliún anuraidh leis féin.
Agus iad ag cosaint an spóirt deir Bord na gCon go bhfuil os cionn 5,000 post (lánaimseartha agus páirtaimseartha) ag brath ar an spórt, os cionn a dhá oiread sin ag baint buntáiste airgid as freisin agus go gcuireann rásaíocht na gcon fré chéile €126 milliún isteach in eacnamaíocht na hÉireann chuile bhliain.
Creideann siad go méadóidh ‘rásaíocht bhreacadh an lae’ an teacht isteach, ach mar a thuigfeá ní as pócaí an bheagán a bheidh i láthair i gCill Chainnigh ná i bPort Láirge a thiocfaidh an t-airgead ach ón gcomhlacht físe a sheolfaidh na pictiúir as siúd isteach sna siopaí geallghlacadóireachta agus chuig ríomhairí ar fud an domhain.
Lena chnaipí siúd nó ar an teileafón is mó a chuirtear geallta sa lá atá inniu ann.
Dúnfaidh an dá shiopa geallghlacadóireachta is gaire dom timpeall 8.00pm anocht ,ach ina dhiaidh sin tá ar mo chumas leanacht orm ag cur na ngeall go mbreacfaidh an lá amárach.
Agus mé á scríobh seo, bhí de rogha agam ar an stáisiún spóirt atá ar an teilifís sa mbaile féachaint (agus a dhul sa seans) ar rásaí capall in Fakenham, Lingfield agus Southwell i Sasana, ar thrí thraic sa bhFrainc, ar cheann san Afraic Theas, as ceithre cinn sna Státaí, agus naoi dtraic con sa mBreatain.
Agus é ina mheán oíche in Éirinn tá sé a hocht ar maidin in Iarthar na hAstráile agus i mBéising – agus na cearrbhaigh ag dúiseacht ansiúd. Cuma cá bhfuil tú, cuma cén t-am é, tá deis agat lámh a chur i do phóca.
Comhlacht a bhfuil SIS air a dhéanann soláthar ar imeachtaí spórt a bhfuil cearrbhachas ag baint leo do shiopaí geallghlacadóireachta agus do dhuine ar bith eile ar suim leo sin 24 uair sa ló, seacht lá na seachtaine, ar an taobh seo den domhan.
Anois tá cainéal nua acusan atá dírithe ar an rásaíocht chon amháin. Teastaíonn ábhair cláir uathu agus tá siad sásta íoc astu. Sin an fáth a mbeidh pictiúir de mhadraí Chill Chainnigh agus Phort Láirge le feiceáil timpeall an domhain agus gan mac an pheata ag breathnú orthu sa mbaile.
Is é an scéala céanna atá ag formhór thraiceanna rásaí capall na hÉireann agus atá ag na coin – a mbunáite siúd freisin coinnithe beo ag an SIS céanna.
Íocann siadsan ar a laghad €7,000 an ceann ar na rásaí ar fad a thaispeánann siad as traiceanna capall na hÉireann – €10,000 an ceann más ‘rás grúpa’ atá ann ar an talamh réidh, nó más ‘rás grádaithe’ atá ann i gcás léimrásaíochta.
Sin a choinníonn traiceanna ar nós Bhaile an Róba, Chill Airne, Chill Bheagáin ag imeacht. Sé nó seacht de rásaí – suas le €50,000, níos mó go minic ná a íoctar ag an ngeata.
Eamonn
Cill Chainnigh agus ráiseanna na gcuite: mhúscail sé cuimhní ionam – fadó agus mé i mo gharsúinín óg ar saoire sa Chathair Álainn samhradh éigin thiar sna daichidí. Ba bhéas le m’uncail, Séamas Tiriail agus cara leis Micil Mac Uaid mé a bhreith leo go dtí ráiseanna na gcuite i bPáirc Shéamais. De ghnáth ba ag cailliúint a bhídís ag na geallghlacadóirí. D’iarradar ormsa oíche cú a roghnú sa chéad rás – agus cad deirir ach gur bhuaigh sé. Ba é an dálta céanna é i dtrí rás eile – gur bhuaigh trí chú eile a roghnaíos an oíche chéanna. Ghlaodar i leith ar fhear ceannais, Seosamh Ó Maolchathail, agus d’eachtraíodar an scéal dho. Feasta bhíodh sé de nós ag an bhfear uasal san bonnóg bheag a thabhairt dom saor in aisce gach uair a bhuailinn isteach chuige ina bhácús i Sráid an Ghraoinigh i gCill Chainnigh feasta. Gura buan áitreabh an triúir sna Flaithis!