Acmhainní oideachais Tuairisc.ie le seoladh amárach

Beidh acmhainní oideachais Tuairisc.ie ag teacht ar líne amárach agus, le cabhair ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, tá ábhar spleodrach, taitneamach agus samhlaíoch curtha i dtoll a chéile againn don bhliain atá romhainn.

Foghlaimeoiri graphic

A scoláire dhíl,

Tá bliain scoile eile faoi lánseol agus guíonn Meitheal Oideachais Tuairisc.ie gach rath ort san obair atá romhat.

Beidh acmhainní oideachais Tuairisc.ie ag teacht ar líne amárach agus, le cabhair ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, tá ábhar spleodrach, taitneamach agus samhlaíoch curtha i dtoll a chéile againn don bhliain atá romhainn.

Táimid tar éis cur leis an méid a bhí againn anuraidh agus ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl dóibh siúd a thug aiseolas fiúntach dúinn. Bímid féin ag foghlaim i gcónaí chomh maith le duine.

Tá roinnt forbairtí suntasacha déanta againn agus an príomhcheann acu sin ná go mbeidh ardú mór ar an líon ábhar a bheidh ag dul ar líne. Ina theannta sin, beidh ábhar ag dul suas níos minice agus beidh níos mó éagsúlachta ann. Dála mar a bhí anuraidh, beidh gníomhaíochtaí idirghníomhacha ag dul leis na míreanna agus beifear in ann iad a íoslódáil.

I measc an ábhair a bheidh ag teacht os bhur gcomhair sna míonna atá romhainn, tá:

  • Léiriú ar an 20 Sraith Pictiúr (2016) atá i scrúdú na hArdteiste
  • Léamhthuiscintí suimiúla bunaithe ar shaothair scríbhneoirí Tuairisc.ie agus saothair atá cumtha go speisialta don rannóg oideachais
  • Crosfhocail idirghníomhacha
  • Físeáin ó Tuairisc.ie le gníomhaíochtaí
  • Léirithe físiúla, samhlaíocha ar ghnéithe de litríocht na hArdteiste
  • Meascán Mearaí: míreanna beaga spleodracha, aite, greannmhara le gníomhaíochtaí

Bígí ag faire amach, mar sin, don ábhar seo a bheidh ag teacht os bhur gcomhair, ag tosú amárach, Dé Máirt an 6 Deireadh Fómhair.

Beir bua,

Meitheal Oideachais Tuairisc.ie

 

Fág freagra ar 'Acmhainní oideachais Tuairisc.ie le seoladh amárach'