A Santa, a chara, má bhuaileann an leisce thú…

Tá liosta breactha arís ag ár gcolúnaí de na bronntanais a d’oirfeadh de chuid de laochra an spóirt an Nollaig seo

A Santa, a chara, má bhuaileann an leisce thú…

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Pingin ná leathphingin ní chosnóidh an chéad iarratas atá agam ort – go deimhin má bhuaileann an leisce thú nó má tá iomarca ar d’aire, d’fhéadfá úsáid a bhaint as na meáin nua seo agus an jab a dhéanamh le téacs. Tá céipearacha eile ann a bhaineann le ‘gram’ éicint agus rud a dtugann siad ‘photoshop’ air, ach tá mé ag ceapadh, ach oiread liom féin, nach iad a chleacht tú.

Ar aon dath, baineann an t-iarratas leis an deifir agus leis an bhfuadar is léir a bheith ar lúthchleasaithe na laethanta seo, is cuma cén spórt a chleachtann siad.

Tá sé tugtha faoi deara anois agat féin is dóigh nach bhfuil sé de thriail acu fanacht go bhfuil a chuid oibre críochnaithe ag an mbearbóir sula bhfuileadar greadta leo as a chathaoir.

Tá mé ag ceapadh gurbh é Philly McMahon breá a thosaigh an nós. Blas ar bith ach go mbíonn lomadh tugtha ag an mbearbóir i mBaile Munna dá chúl agus do thaobh a chinn sula mbíonn Philly imithe an doras amach agus oiread de dheifir air agus nach dtuigeann sé nach raibh an siosúr fágtha beag ná mór ar bharr a chinn.

Tá beagán níos mó foighde ag cuid acu ná a chéile. Tóg Paul Pogba sin a imríonn le Manchester United. Bíonn an chuid is mó de bharr a chinn siúd lomtha nuair a bhuaileann an mhífhoighid eisean.

Cén bhrí ach chuala mé go bhfuil siad ag íoc lán laidhre ar an leathbhearradh atá siad a fháil.

Nuair a thiocfas tú chomh fada liom féin, caithfidh tú cóip de chuid de na cluichí a d’imir RoyA Keane fadó faoin gcrann.

Ó chuaigh sé a’ chúnamh do Martin O’Neill dornán blianta ó shin tá athrú ó bhonn tagtha ar iompar Roy. Anois caitheann sé formhór a chuid ama ag siúl agus ag slíocadh na ngadhar agus ag gáire. Fiú agus é ar chiumhais na páirce, an áit ba mhinice leis pléascadh, is í an obair atá anois air a bheith i ngreim barróige ina bhainisteoir agus meangadh air.

Bíonn amanta ceart go leor ann nuair a thagann beagán beochta i Roy agus deireann sé nach fiú cac an diabhail Liverpool nó molann sé do pheileadóirí a mbíonn imní orthu go mbainfeadh gortú dá n-inchinn agus iad i mbun imeartha a dhul ag plé leis an bhficheall.

B’fhearr liom féin an seanChathánach agus dá bharr sin tabhair cúpla DVD chugam a bhaineann leis na heachtraí idir é agus Patrick Vieira agus Alf-Inge Håland agus más féidir chor ar bith é, ceann den óráid i Saipan inar inis sé do Mick McCarthy cén áit a bhféadfadh sé Corn an Domhain a shá.

Tá na cúl báirí idirchontae san iomáint ag iarraidh ort clogad a aimsiú dóibh a mbeadh speic air. Deir siad go bhfuil an-samhradh ó thaobh aimsire geallta ag Almanac Old Moore agus ós rud é go mbeidh a dhá oiread cluichí iomána i gCraobh 2018 agus a bhíodh cheana, níl siad ag iarraidh go ndéanfadh an ghrian amadáin díobh agus iad ag stánadh isteach inti.

Tá an súiche sin a bhíonn ar na himreoirí sa bPeil Mheiriceánach triailte ag cuid acu, ach ní hamháin nach bhfuil sé ag obair, ach is gearr eile a bheas aon fháil ar an súiche céanna nuair a bheas na Glasaigh seo réidh linn. Tá faitíos ar an mbeagán atá fós ag caitheamh píopaí nach bhfágfar an cead acusan féin gal a dheargadh.

Clogad speiceach mar sin – ceann a mbeadh speic mhaith ghéar féin air dóibh siúd a mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar Shéamus Callanan, ar T.J. Reid agus ar Joe Canning.

An dtabharfaidh tú péire bróga damhsa ag Des Cahill? D’fhág sé an péire a fuair sé anuraidh do Dancing With the Stars ina dhiaidh sa cheaintín in RTÉ agus chroch Marty Morrissey leis iad.

Tuigim uait go bhfuil tú i sáinn maidir lena theacht ar na caipíní a thugann tú chuile Nollaig chuig Christiano Ronaldo. Más buan mo chuimhne ba saghas M a bhí sa gcéad cheann, ach ó shin agus in imeacht an ama, tá siad gaibhte í L go XL go XXL. Anuraidh tar éis anró mór d’éirigh leat XXXL a fháil ó dhéantúsóir a bhíodh ag soláthar do Mike Tyson.

Níl a fhios agam féin ar chuala Christiano caint riamh ar an ‘gcloigeann pota’, ach de réir an ghaisce atá déanta aige as féin le gairid is mó a d’fheilfeadh pota an Nollaig seo dó ná caipín. Ceann de na cinn mhóra dhubha sin a bhíodh ag mo Mhamó, a choinneoidh a chlab clúdaithe.

Tabharfaidh tú péire maidí rámha ag Chris Froome. Chuala tú gur thug Bradley Wiggins le fios cúpla mí ó shin go bhfuil seisean anois le díriú ar an rámhaíocht agus súil aige bonn Oilimpeach sa spórt sin a chur leis na cinn atá aigesean ag rothaíocht. Chonaic tú freisin go bhfuil ceisteanna á gcur anois faoi iomarca drugaí a bheith tógtha ag Froome le sárú a dhéanamh ar an bplúchadh atá ag dul dó. Bhí an plúchadh céanna ag dul do Wiggins bocht, ach is cosúil gur leigheas na maidí rámha é mar níl caint ar bith aige air na laethanta seo.

Tá Lee Keegan ag iarradh ceann de na ríomhairí beaga sin a bhíonn i ngeansaithe na bpeileadóirí agus a thomhaiseann cén t-achar a bhíonn rite acu, cén fuinneamh atá fanta iontu agus a leithéid siúd. Tá sé ag dul ó thuiscint air cén fáth, ach ní raibh an ceann a thug sé chun páirce i gCluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa bpóca beag nuair a shroich sé an seomra feistis agus an imirt déanta. Barr ar an mí-ádh tá Coiste Mhaigh Eo ag iarraidh cúpla míle euro air le ceann eile a cheannach. Ní ag caitheamh anuas (nach deas an t-imeartas focal é !) atá sé, ach ceapann sé gur duine de na Jeaicíní sin a ghoid é.

Bíonn féile grinn i gCill Chainnigh chuile bhliain ar a dtugann siad ‘The Cats Laugh’ air – más buan mo chuimhne is i dtús an tsamhraidh a bhíonn sé ar siúl agus iománaithe an chontae faoi lán seoil i gCraobh Laighean. Tuigeann tú de bharr an ghiortú atá déanta ag CLG ar an séasúr imeartha in 2018 go mbeidh Cluichí Leathcheannais na hÉireann thart faoi dheireadh mhí Iúil agus tar éis ar tharla anuraidh tá faitíos a gcroíthe ar Choiste an Chontae i gCill Chainnigh nach mbeidh tada le déanamh ag muintir na háite leis an am a mheilt as sin go fómhar.

Níor dhona an smaoineamh dóibh tabhairt faoi fhéile eile don tráth sin bliana agus ‘The Cats Cry’ a thabhairt ar an gceann seo. Fág nóta ag an gCathaoirleach.

Ós ag caint ar an gcontae sin é, fág nóta freisin ag chuile óstóir i mBéal Átha Ragad agus ordaigh dóibh nuair a bheifear ag déanamh ceiliúradh ar bhuanna coirn iontu feasta nach mór do chuile dhuine i láthair an fón póca a fhágáil i mbosca taobh istigh den doras!

Nollaig mhór maith agat agus agaibh uilig,

Mártan

Fág freagra ar 'A Santa, a chara, má bhuaileann an leisce thú…'