A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine…

An Ghaillimh ag ceiliúradh i gCraobh Iomána Laighean, Ciarraí i gceannas i gCúige Mumhan agus cluichí cáilithe sa pheil agus san iomáint

Imreoirí na Gaillimhe i ndiaidh an chluiche. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh cúil ag teastáil fós ó Ghaillimh

Agus farasbarr naoi bpointe acu i gcluiche ceannais Laighean, ní bheidh mórán ag cur as d’iománaithe na Gaillimhe. Rud amháin a dtabharfaidh Micheál Donoghue agus a chuid imreoirí suntas dó áfach, ná nach bhfuil siad mórán deiseanna ar chúil á gcruthú acu.

Bhí sé soiléir go maith go raibh leithéidí Conor Cooney agus Conor Whelan ag fáil an cheann is fearr ar a gcéilí comhraic i gcluiche an lae inné ach is beag liathróid a cuireadh isteach ina dtreo ar chor ar bith. Cé go raibh cosantóir le cois ag imirt ag Loch Garman, cheapfá go mbeadh Gaillimh in ann cúpla deis ar a laghad a chruthú.

Tá 62 pointe scóráilte ag Gaillimh le cúpla cluiche anuas ach níor aimsigh siad cúl ar bith sa chluiche a bhuaigh siad in aghaidh Uíbh Fhailí ná i bPáirc an Chrócaigh inné ach oiread. B’fhéidir gur leor pointí a scóráil in aghaidh leithéidí Uíbh Fhailí agus Loch Garman ach nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne níos déanaí sa chraobh, íocfaidh na Gaillimhigh as a n-easpa cúl.

Shane Tomkins (Loch Garman) agus Joseph Cooney (Gaillimh). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An chéad céim eile tábhachtach do Loch Garman

Agus dul chun cinn iontach déanta ag Loch Garman i mbliana, baineadh siar astu i gcluiche an lae inné. Cé nach raibh mórán idir na foirne ar feadh píosa fada, bhí Gaillimh níos láidre agus níos cruinne, tréithe a bhí cinniúnach ar deireadh.

Tá sé de dhualgas ar Davy Fitzgerald anois a chuid imreoirí a spreagadh do chluiche ceathrú ceannais na hÉireann faoi cheann cúpla seachtain. D’fhéadfadh gur ar leithéidí Thiobraid Árann nó Phort Láirge a bheidh siad ag tabhairt aghaidh sa chluiche sin, rud a d’fhágfadh nár cheart do Loch Garman mórán ama ag teacht chucu féin arís.

Bhí bua iontach acu i gcoinne Chill Chainnigh ach tá sé tábhachtach nach ndéanfaí creimeadh anois ar an bhféinmhuinín a chinntigh an bua sin dóibh. Bhí Loch Garman réitithe go hiontach don chluiche sin agus léirigh siad díocas ar leith ina a gcuid imeartha in aghaidh na gCat, ach is deacair an meon sin a léiriú gach lá. Más fúthu tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, caithfidh siad foghlaim cén chaoi le cluiche a bhuachan fiú nuair nach mbíonn siad ar bharr a maitheasa.

Fear Mhaigh Eo, Tom Parsons. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Easpa cruinnis ag cur as do Mhaigh Eo arís

Cé gurb é an rud is tábhachtaí ná an cluiche a bhuachan, tarraingeoidh taispeántas Mhaigh Eo Dé Sathairn seo caite níos mó ceisteanna faoi mhianach na foirne i mbliana. Bhí siad go hainnis ar feadh an chuid is mó den chluiche cáilithe agus níor tháinig feabhas orthu go dtí gur thuirsigh imreoirí Dhoire.

Tá sé ráite go mion minic go bhfuil tosaithe níos fearr ag teastáil ó Mhaigh Eo má tá siad chun Craobh na hÉireann a bhuachan ach ní thiocfaidh siad slán ó na babhtaí cáilithe féin mura dtagann feabhas ollmhór orthu ó thaobh cruinnis de. Seacht n-iarracht déag a chuir siad ar fóraoil sa chéad 70 nóiméad.

Ba é pointe Paddy Durcan, agus gan ach thart ar dheich nóiméad fágtha, a shocraigh síos Maigh Eo. Cuireadh den pháirc é ina dhiaidh sin, agus is mór an chailliúint é don chluiche in aghaidh an Chláir Dé Sathairn seo chugainn. Tá gortú ag cur as do Lee Keegan chomh maith, rud a d’fhéadfadh Maigh Eo a fhágáil d’uireasa beirt a aimsíonn cúilíní go minic dóibh. Agus an Clár ag iarraidh teacht aniar aduaidh orthu i bPáirc Uí Chíosóg, d’fhéadfadh sin a bheith cinniúnach.

James O’Donoghue ag tabhairt faoi chúl. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Níl an naimhdeas féin in ann Corcaigh a spreagadh

Cé go bhfuil foireann peile Chorcaí in ísle brí le cúpla bliain anuas, shamhlófá go mbeadh cluiche ceannais na Mumhan in aghaidh na gcomharsan béal dorais ina spreagadh mór dóibh.

Bhí sé soiléir luath go maith sa chluiche go mbeadh lá fada roimh Chorcaigh. Trí soicind déag a bhí caite nuair a d’aimsigh Ciarraí a gcéad chúilín agus bhí trí cinn eile acu taobh istigh de cheithre nóiméad.

Ba é an scéal céanna ag tús an dara leath. Cé nach raibh ach ceithre phointe eatarthu ag leath ama, scóráil Ciarraí ceithre phointe as a chéile sna chéad trí nóiméad den dara leath agus níor bhaol dóibh ina dhiaidh sin. Léiriú ar chumas na dtosaithe go raibh 41 nóiméad caite sular chuir siad a gcéad iarracht amú.

Taispeántais Paul Geaney agus James O’Donoghue is mó a thabharfaidh sásamh do lucht tacaíochta na Ríochta. Tá siad ar bheirt de na tosaithe is cruinne agus is oilte sa tír agus nuair a bhíonn siad i mbarr a maitheasa, ní féidir iad a stopadh. Mar a luaigh Tomás Ó Sé ar The Sunday Game, tá 7-85 aimsithe eatarthu acu sa 11 cluiche craoibhe atá imeartha acu lena chéile agus níl aon amhras ach go gcuirfidh siad leis an líon sin roimh dheireadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine…'