A long time ago, in a galaxy far far way, roimh theacht an Last Jedi, bhí tábhacht le Sceilg Mhichíl

An láthair scannánaíochta ficsin atá sa Sceilg, nó láthair oidhreachta náisiúnta agus domhanda?

A long time ago, in a galaxy far far way, roimh theacht an Last Jedi, bhí tábhacht le Sceilg Mhichíl

Do chuala scéal do chéas gach ló mé. Bhuel, do leigheas scéal a chuir an phip orm, agus is é an dá mhar a’ chéile iadsan, is dócha. Alt a bhí ar shuíomh ‘nuachta’ an
Scátháin Éireannaigh, agus ‘Rough seas and bad weather delay early opening of Skellig Michael to Star Wars fans’ mar cheannlíne air, a chuir conach orm.

An rud is mó a ghoill orm ná an léiriú a bhí ann ar an loitiméireacht chultúrtha atá á déanamh ar cheann de phríomhláithreachta oidhreachta na tíre seo ar mhaithe le margaíocht turasóireachta.

Deirtear san alt, ‘After its starring role in The Last Jedi, boats have ferried passengers to the island off the coast of Co Kerry from May to October’.

Sin agaibh é a chlann; ní raibh duine ná daonnaí ag tabhairt cuairte ar Sceilg Mhichíl sarar chuir lucht Hollywood ar an mapa é. Is cosúil nach bhfuil de thábhacht leis an gcarraig ársa úd anois ach mar láthair scannánaíochta.

Éinne le haon splinc meabhrach in aon chor agus a thug sciuird chun na Sceilge riamh, tuigfidh siad an draíocht a bhaineann leis an áit.

Áit thaibhseach, dhraíochtúil atá ann; domhan agus saol eile ar mhórán cúiseanna. Áit gan sárú é i dtaobh áilleachta nádúrtha agus fiadhúlra. Tá na céadta míle gainéad agus corra, éan dearg agus fuipín ag maireachtaint ar Sceilg Mhichíl agus Sceilg Bheag.

Tá an sáile máguaird ina bheathaigh le héiscíní beaga agus míolta móra na farraige, le deilfeanna agus le muca mara. Tá raidhse seandálaíochta iontas agus ailtireachta ann, ó ré na manach go haimsir an tí solais, agus tá draíocht spioradálta éigin ag baint leis an áit, fiú do phágánach eiriciúil neamhaithríoch ar mo nós-sa.

Níl a leithéid d’áit ar aon bhóla eile ar domhan.

Ach faraor, tá an draíocht úd á bhaint den Sceilg ag meaisín margaíochta Fáilte Ireland, atá tar éis bolscaireacht Hollywood a chur in áit ár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha. Tá na daoine ag a bhfuil suim in oidhreacht seo na Sceilge á bhfágaint in áit na leathphingine, agus go deimhin ar an míntír, agus na báid síos go gunail le lucht leanúna Star Wars.

Gan dabht, an-chabhair do thionscadal na turasóireachta an fhógraíocht dhomhanda atá á fáil ag ceantar Uíbh Ráthaigh agus Chorca Dhuibhne de bharr na scannán, áiteanna a bheadh bánaithe ar fad murach an tionscal céanna. Ach caithfear cuimhneamh ar cad é an saghas bolscaireachta atá á déanamh – an láthair scannánaíochta ficsin atá sa Sceilg, nó láthair oidhreachta náisiúnta agus domhanda?

Fág freagra ar 'A long time ago, in a galaxy far far way, roimh theacht an Last Jedi, bhí tábhacht le Sceilg Mhichíl'

  • Darragh Ó Caoimh

    An ceart ar fad agat a Dháithí. Níos measa fós, pictiúr den Sceilg Bheag atá os cionn an ailt sa Mirror, agus ní de Sceilg Mhíchil!

  • Roisin Ni Dhushlaine

    Ta se raite agat a Dhaithi! Dearud iomlan deanta dar saibhreas oidhreachta….

  • Colin Ryan

    Aontaím leis an té a scríobh. Theip ar Fáilte Ireland an fód a sheasamh nuair ba cheart dóibh cuimhneamh ar an dúchas.