A bhfuil déanta agus a bhfuil fós le déanamh ag foirne móra na Príomhroinne roimh thús an tséasúir

Níl ach ceithre seachtaine ann ó thús shéasúr na Príomhroinne i Sasana agus na foirne uile ag obair go crua chun imreoirí nua a thabhairt isteach

Managers

Agus EURO 2016 tagtha chun deiridh, tá aghaidh á tabhairt arís ar an bPríomhroinn agus an gnó atá ar bun chun imreoirí nua a thabhairt isteach. Cuirfear tús leis an séasúr nua faoi cheann míosa agus le teacht bainisteoirí cáiliúla ar nós Pep Guardiola, José Mourinho agus Antonio Conte, is cinnte go bhfeicfimid neart airgid eile á chaitheamh.

Seo cur síos ar a bhfuil déanta ag na foirne móra go dtí seo agus ar a bhfuil fós ag teastáil uathu roimh thús an tséasúir.

Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images
Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images

Leicester City

atá tagtha isteach? Ron-Robert Zieler (£2.6m), Luis Hernandez (£0), Raul Uche Rubio (£?), Nampalys Mendy (£13m), Ahmed Musa (£?).

atá imithe? Andrej Kramaric, Paul Konchesky, Mark Schwarzer, Dean Hammond.

Céard atá ag teastáil go fóill? Ba é an rud ba thábhachtaí do Leicester an samhradh seo ná na himreoirí a rinne an beart dóibh anuraidh a choinneáil. Tá conradh nua sínithe ag Jamie Vardy ach buille mór dóibh é imeacht N’golo Kanté go Chelsea. Drochscéal eile a bheadh ann dá gcaillfidís Riyad Mahrez.

Agus iad páirteach i Sraith na gCuradh an séasúr seo chugainn, ní haon iontas é go bhfuil cuid mhaith imreoirí ceannaithe ag Claudio Ranieri cheana féin ach beidh sé suimiúil a fháil amach cén líon acu a bhainfidh áit amach ar an bhfoireann. Spéisiúil go leor dúinne in Éirinn, tá Robbie Brady agus Michael Keane, a d’imir faoi aois do Phoblacht na hÉireann, ina measc siúd a ndeirtear a bhfuil suim ag Leicester iontu.

Bainisteoir Arsenal, Arsene Wenger. ©INPHO/Getty Images
Bainisteoir Arsenal, Arsene Wenger. ©INPHO/Getty Images

Arsenal

atá tagtha isteach? Granit Xhaka (£34m), Takuma Asano (£?).

atá imithe? Mikel Arteta, Tomas Rosicky, Mathieu Flamini.

Céard atá ag teastáil go fóill? Breathnaíonn sé go bhfuil leigheas faighte ag Arsene Wenger ar sheanlaige Arsenal i lár na páirce agus Granit Xhaka ceannaithe aige luath sa samhradh. Ba léir ó thaispeántais Olivier Giroud i rith EURO 2016 go gcaithfidh sé feabhas a dhéanamh. Theip orthu Jamie Vardy a cheannach ach bheadh suim acu fós i leithéidí Alexandre Lacazette ó Lyon nó Gonzalo Higuain.

Bhí comórtas den scoth ag Laurent Koscielny i EURO 2016 ach ní drochrud a bheadh ann do Arsenal cosantóir eile a thabhairt isteach chun imirt taobh leis an bhFrancach ach an oiread.

Mauricio Pochettino
Mauricio Pochettino

Tottenham

atá tagtha isteach? Victor Wanyama (£11m), Vincent Janssen (£18.6m)

atá imithe? Duine ar bith.

Céard atá ag teastáil go fóill? Ceann de na laigí is mó a bhí ag Tottenham anuraidh ná nach raibh ionadaithe acu do Harry Kane i measc na dtosaithe nó do Eric Dier i lár na páirce. Tá an fhadhb sin réitithe acu anois agus príomhscórálaí na sraithe san Ísiltír, Vincent Janssen, ceannaithe acu, chomh maith le fear Southampton, Victor Wanyama. Tá an cuma ar an scéal chomh maith go bhfuil siad le Georges-Kévin Nkoudou, cliathánaí a imríonn d’fhoireann faoi 21 na Fraince, a cheannach ó Marseille sna laethanta amach romhainn.

Agus iad ag imirt san Eoraip an séasúr seo, beidh cúpla imreoir breise ag teastáil uathu chomh maith. Luadh Mario Gotze mar imreoir a raibh suim acu ann i rith na seachtaine agus is cinnte gur ghaisce a bheadh ann dá mbeadh siad in ann an Ghearmánach a mhealladh. Tá cosantóir láir ag teastáil uathu chomh maith.

Pep Gyuardiola. INPHO/Getty Images
Pep Gyuardiola. INPHO/Getty Images

Manchester City

atá tagtha isteach? Ilkay Gundogan (£21m), Nolito (£13.8m), Oleksandr Zinchenko (£?), Aaron Mooy (£0).

atá imithe? Seko Fofana, Florian Lejeune, Martin Demichelis, Richard Wright.

Céard atá ag teastáil go fóill? Agus cúpla imreoir lár páirce ceannaithe aige cheana féin, seans go ndíreoidh Pep Guardiola ar aonad cosanta Manchester City a fheabhsú anois agus é ag fáil réidh dá chéad shéasúr sa Phríomhroinn. Ní dheachaigh Eliaquim Mangala nó Nicolas Otamendi i bhfeidhm ar mhórán anuraidh agus toisc Vincent Kompany a bheith ag streachailt le gortuithe, tá imreoir nó dhó breise ag teastáil.

Is maith le Guardiola a chuid cosantóirí  a bheith compordach i seilbh na liathróide ach níl an oiread sin imreoirí den chineál sin ar fáil faoi láthair. Leonardo Bonucci na hIodáile agus John Stones ó Everton atá luaite mar roghanna. Bheadh imreoir a thacódh le Sergio Aguero áisiúil chomh maith.

Mourinho
Jose Mourinho

Manchester Utd

atá tagtha isteach? Zlatan Ibrahimovic (£0), Eric Bailly (£30m), Henrik Mkhitaryan (£26.3m).

atá imithe? Victor Valdes, Nick Powell

Céard atá ag teastáil go fóill? dul chun cinn déanta cheana féin ag Mourinho ó thaobh imreoirí a thabhairt isteach. Is é Ibrahimovic, dar ndóigh, an t-imreoir is mó a bhfuil cáil air ach seans gurb é an tAirméanach Mkhitaryan is mó a rachaidh i bhfeidhm ar dhaoine.

Is é lár na páirce an fhadhb is mó do Mourinho agus an aois tagtha ar  leithéidí Michael Carrick agus Bastian Schweinsteiger. De réir na scéalta, tá United ar tóir Paul Pogba, fear a thug siad cead dó fágáil ceithre bliana ó shin. Beidh orthu breis agus £100m a íoc chun é a mhealladh ar ais ach tá súil ghéar ag Real Madrid air chomh maith.

Klopp
Jurgen Klopp

Liverpool

atá tagtha isteach? Sadio Mané (£36m), Loris Karius (£4.7m), Joel Matip (£0).

atá imithe? Jordan Rossiter, Jerome Sinclair, Joao Teixeira, Kolo Toure, Lawrence Vigouroux, Jordan Ibe, Martin Skrtel.

Céard atá ag teastáil go fóill? obair déanta cheana féin ag Jurgen Klopp chun an fhoireann a neartú. Agus Sadio Mané agus Loris Karius ceannaithe acu, tá fadhb a bhí acu ar an gcliathán agus an fhadhb a bhí acu sa chúl réitithe aige. Tá an cosantóir láir Joe Matip ceannaithe cheana féin ach beidh imreoir eile ag teastáil uathu san ionad céanna agus Martin Skrtel agus Kolo Toure imithe.

Maidir le cosantóirí tá amhras ann fós faoi chumas Alberto Moreno ar thaobh na láimhe clé agus ní haon iontas é go bhfuil ráflaí ann go bhfuil Klopp sa tóir ar an nGearmánach Jonas Hector a d’imir i EURO 2016. Agus an chuma ar an scéal go bhfágfaidh Christian Benteke slán le Liverpool roimh dheireadh an tsamhraidh, b’fhéidir go mbeadh an bainisteoir ag iarraidh tosach eile a thabhairt isteach chomh maith.

 

promo280506620
Antonio Conte

Chelsea

atá tagtha isteach? Michy Batshuayi (£33.2m). N’Golo Kanté  (£30 m)

atá imithe? Stipe Perica, Marco Amelia.

Céard atá ag teastáil go fóill? raibh Chelsea chomh gnóthach sin go dtí seo an samhradh seo ach chuir a mbainisteoir nua, Antonio Conte, tús ceart lena réimeas an tseachtain seo, agus seans go bhfeicfidh muid roinnt athruithe i Stamford Bridge. Tá  fear Leicester City, N’golo Kanté tugtha isteach i lár na páirce acu, ach is fadhb eile í an chosaint agus imreoirí le beagáinín fuinnimh ag teastáil taobh le John Terry, Gary Cahill agus Branislav Ivanovic. Bheadh aithne ag Conte ar imreoir Napoli, Kalidou Koulibaly, nó d’fhéadfadh sé ceann d’fhir Juventus agus na Iodáile, Bonucci, Chiellini nó Barzagli, a thabhairt leis go Londain.

Fág freagra ar 'A bhfuil déanta agus a bhfuil fós le déanamh ag foirne móra na Príomhroinne roimh thús an tséasúir'