A bealach á dhéanamh aneas chugainn ag an stoirm ‘Caitlín’

Tá rabhadh oráiste eisithe ag Met Éireann ó mhaidin Dé Sathairn go dtí a cúig an chlog an tráthnóna sin do cheithre chontae - Corcaigh Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo

A bealach á dhéanamh aneas chugainn ag an stoirm ‘Caitlín’

Má cheap muid go raibh ainnise is doineann an gheimhridh curtha dínn againn ar deireadh, tá ceacht beag eile ag an scairdsruth dúinn.

Ó Mheán Fómhair seo caite tá 11 den 21 stoirm a ainmníodh tar éis a bhfaghairt a thaispeáint sa taobh seo domhan, Isha agus Jocelyn sa mullach ar a chéile mí Eanáir.

Ag déanamh a bealach aneas chugainn anois tá ‘Caitlín’, a d’ainmnigh lucht na haimsire sa tír seo in ómós do bheirt den ainm sin, an ríomhchláraitheoir Kathleen McNulty agus an criostalagrafaí Kathleen Lonsdale.

Tá rabhadh oráiste eisithe ag Met Éireann óna 7.00 maidin Dé Sathairn go dtí a cúig an chlog an tráthnóna sin do cheithre chontae – Corcaigh Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo.

Stádas buí atá tugtha ag na saineolaithe do Chaitlín sa gcuid eile den tír faoi láthair, agus is buí a bheidh i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn freisin.

Beidh fórsa gála leis an ngaoth aneas agus cuid de na siotaí an-tréan agus go maith in ann dochar a dhéanamh.

Iarrtar ar aon duine a bheidh ag taisteal ar an Satharn a bheith fíorairdeallach go deo. D’fhéadfadh crainnte, pollaí, smionagar, troscán gairdín is slinn a bheith leagtha nó séidte ag Caitlín, an chumhacht leictreachais a bheith cliste agus maidhmeanna farraige a bheith á séideadh amach thar bhallaí céibhe, ar bhóithre is cosáin. Beidh contúirt ag baint freisin le fuarlaigh ar bhóithre mar tá báisteach go leor geallta ón lá amárach ar aghaidh.

“Córas lagbhrú atá sa stoirm Caitlín atá ag déanamh a bealach chugainn ar an gcósta thiar agus ina teannta ar an Satharn beidh gaotha láidre aneas agus siotaí contúirteacha ar fud na tíre,” a deir Met Éireann.

Bhí fainic faoi leith ag Liz Coleman, Leascheannaire Met Éireann do na tiománaithe ar fad a bheidh ag déanamh ar an mbaile tar éis saoire na Cásca agus nach mbeadh “súil ar bith acu le gaotha tréana agus siotaí móra” ag an tráth seo bliana.

A comhairle dóibhsean an turas a phleanáil go maith roimh ré agus súil ghéar a choinneáil ar réamhaisnéis na haimsire.

“Is maith an seans go leagfar crainnte mar tá an ithir báite faoi láthair agus beidh an ghaoth seo láidir.  Beidh cúrsaí contúirteach ar an bhfarraige freisin agus an baol ann go mbeidh scaileoga tréana farraige á séideadh thar bhallaí is muirmhúrtha cosanta.”

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag iarraidh ar dhaoine fanacht ar thalamh ard agus fanacht glan ar an gcósta, an fharraige, aibhneacha agus lochanna mar go bhfuil baol tuilte ann toisc an talamh a bheith báite cheana ag an díle a bhí i gcuid mhór den tír an séasúr seo.

Buille eile atá sa stoirm seo do thionscal na talmhaíochta sa tír seo. Tá an-imní ar fheirmeoirí na tíre faoin tionscal de bharr na drochaimsire go léir ó thús na bliana. Níl feirmeoirí curaíochta in ann dul ag treabhadh agus an talamh ina bhogach, tá an stoc tirim agus déiríochta fós sna sciobóil agus tá féar agus sadhlas ag éirí gann agus daor. Tá scéim cúnta stáit á éileamh acu chun cuidiú leo fodar is grán a cheannach ó tharla nach féidir leo caora ná bó a scaoileadh amach ar féarach.

I ráiteas ó Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann, dúradh go raibh a leithéid de scéim ann in 2022 agus in 2023 agus gur léir don saol mór go gcaithfear ceann a eagrú don tionscal feirmeoireachta arís i mbliana agus an uair seo, lucht na déiríochta a bheith clúdaithe freisin. Dúradh go raibh comharsana ag teacht i gcabhair ar a chéile in am an ghátair agus go gcaithfeadh an rialtas lámh chúnta a thabhairt chomh maith.

Fág freagra ar 'A bealach á dhéanamh aneas chugainn ag an stoirm ‘Caitlín’'

  • WTF

    Corcach: bogach, riasc, seascann, portach
    Beidh job acu ‘fanacht ar an talamh ard’ !
    Cead pleanála tugtha ag CCC le haghaidh 5000 árasán ar na duganna!!

  • Carraig

    ‘Árasáin na hÁirce’?