Stádas chlubanna sacair na hÉireann ag éirí níos leochailí

Agus séasúr úr sacair chugainn an deireadh seachtaine seo, ní beag na dúshláin atá roimh chlubanna na hÉireann

Stádas chlubanna sacair na hÉireann ag éirí níos leochailí

An mhí seo chugainn cuirfear tús le comórtais shinsir pheil sacair na hÉireann don bhliain úr.

Imríodh Corn an Uachtaráin i bPáirc Oirialla Dé Domhnaigh agus fuair Cathair Chorcaí an ceann is fearr ar Dhún Dealgan.  Seo é an tríú huair as a chéile ag na foirne seo casadh ar a chéile sa chomórtas seo, a bunaíodh in 2014 tar éis do Mhicheál D Ó hUigínn an trófaí úr a bhronnadh ar Chumann Peile na hÉireann, an FAI.  Seo é an tríú bua as a chéile ag Corcaigh.

Ag deireadh na seachtaine seo a thosóidh cluichí Phríomhshraith na hÉireann, agus tosóidh Roinn 1 na sraithe an tseachtain seo chugainn.

Ar an drochuair, ní thabharfaidh formhór mór lucht tacaíochta na peile sa tír an oiread sin airde ar an séasúr nua atá chucu, mar is mó go mór a ndúil i bPríomhroinn Shasana.

Tá cruth nua ar na sraitheanna sin i mbliana, agus deich bhfoireann i ngach ceann acu tar éis trí fhoireann ón bPríomhroinn a bheith dícháilithe anuraidh, agus gan ach buaiteoirí na Céad Roinne tagtha aníos.

Ábhar mór díomá a bhí san athrú sin do chlubanna na tíre, in ainneoin gur mhaígh an FAI gur ghlacadar ar fad leis an athrú.  Cuireann sé cuma níos fearr ar chrot an chomórtais i súile na n-údarás idirnáisiúnta, ach laghdaíonn sé, dar leis na clubanna, tarraingteacht an chomórtais don lucht féachana.

Casfaidh foirne na Príomhroinne ar a chéile ceithre huaire sa bhliain, rud a fhágann nach mbeidh an tóir chéanna ag daoine ar na coimhlintí eatarthu. Agus measann siad go mbeidh sé níos deacra fós slua a mhealladh ag na cluichí.

Ní bhíonn sé éasca daoine a mhealladh ag na cluichí uair ar bith, seachas an lucht tacaíochta beag díograiseach atá ag gach club. Agus is ábhar buartha breise do na clubanna go mbeidh níos mó cluichí as Sasana ar an teilifís oícheanta Aoine as seo amach, oíche thraidisiúnta na gcluichí anseo le bliana fada anois.

Níl sé ródheacair an tóir atá ag muintir na tíre seo ar chluichí Shasana a thuiscint is a mhíniú.

Rug an-chuid fear abhaile leo gean ar fhoirne áitiúla a mbíodh siad ag breathnú orthu fad a bhíodar ag obair i Sasana, go háirithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda.  Agus ó lár na 1980dí, bhí fáil acu ar chluichí beo ar an teilifís.

Tháinig méadú mór ar an gcraoladh sin tar éis bhunú na Príomh-Shraithe i 1992, agus de réir a chéile leathnaíodh am imeartha na gcluichí is tosaíodh á n-imirt tráthnóna Domhnaigh, an t-am is mó a mbíodh cluichí sraithe na tíre seo ann go dtí sin.

Ach más éasca an cúlra sin a thuiscint, is deacra go mór é a chur ina luí ar na daoine sin gur suim leo an cluiche féin freastal ar chluichí anseo sa bhaile.

Creideann an-chuid acu nach bhfuil fiúntas ar bith sa chluiche baile, tuairim a bhí inchosanta b’fhéidir sna blianta a caitheadh ach gur deacair é a chruthú bunaithe ar chaighdeán an chomórtais Éireannaigh anois.

Ní hé an easpa lucht leanúna an t-aon ábhar buartha atá ag clubanna an lae inniu, áfach, ainneoin go gcreideann saineolaithe áirithe go spreagann slua mór na himreoirí chun a ndícheall a dhéanamh.

Is fada á mhaíomh ag na clubanna é gur ionann dícháiliú ón bPríomhroinn anseo agus laghdú mór ar ioncam na bhfoirne a théann síos chuig an gCéad Roinn. Is cinnte gur lú go mór an tinreamh a bhíonn ag na cluichí ag an dara leibhéal sin, agus gur lú go mór freisin an tacaíocht urraíochta is féidir a mhealladh ó chomhlachtaí.

Agus más fánach don chlub a bheadh ag brath ar theacht isteach ón ngeata dá chúrsaí gnó, is tubaisteach an rud é an urraíocht a bhíonn ar fáil sa Phríomhroinn a chailliúint.

Ní miste a rá freisin nach bhfuil aon chosaint ag foirne na Príomhroinne ar na deacrachtaí eacnamaíochta sin ach an oiread, agus is ábhar imní dóibhsean na bagairtí éagsúla ar an gcluiche.  An bhuairt is mó atá ar dhaoine go gcaillfí, go buan nó go sealadach féin, club nó clubanna de bharr a leochailí is atá cúrsaí.

I mblianta tosaigh na sraithe náisiúnta, tar éis a bunaithe i 1921, bhíodh idir ocht agus 12 foireann páirteach inti, cé gur 10 bhfoireann is minice a bhíodh san iomaíocht. Idir 1921-1932, tháinig deireadh le naoi gcinn de na foirne ba thúisce a bhí páirteach ann, agus ní raibh fágtha de na hocht bhfoireann a thosaigh amach ach trí cinn.

Tréimhse sách corraithe a bhí ansin, ar ndóigh, ach ní móide gurbh é an rud ba mhó a chuir as dóibh ná nach raibh dóthain acmhainní, daoine ná gustal acu le freastal ar na héilimh a bhain le sraith agus corn náisiúnta a reáchtáil, chomh maith le comórtais eile.

Níorbh iad na costais taistil ba mhó a chuir as dóibh, cé gurbh iad na costais sin  a chuir deireadh le dhá chlub eile le linn an Dara Cogadh Mór. Ní raibh aon fhoireann lasmuigh de chontae Bhaile Átha Cliath sa chomórtas gur tháinig Baile Átha Luain (1922/3), Bré Chualann agus Corcaigh (Fordsons) isteach i 1924 agus Dún Dealgan i 1926/7.

Ach ón mbliain 2000 ar aghaidh, theip ar fad ar sheacht gcinn de na clubanna a bhí páirteach sa tsraith náisiúnta ag an am, agus is beag séasúr nach mbíonn luaidreáin agus ráflaí ann faoi bhuanseasmhacht eacnamaíochta chlub éigin sa tsraith.

Bíonn roinnt mhaith de na scéalta sin bunaithe ar easpa eolais, agus uaireanta déantar iarrachtaí leibideacha le club a chur dá threoir le ráflaí a scaiptear lena n-aird a bhaint den imirt.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfreastalóidh Micheál D Ó hUigínn ar chluichí sraithe i gcaitheamh an tséasúir, mar atá déanta aige ó ceapadh ina Uachtarán é. I measc na gcluichí go bhfeicfear ann é beidh cluichí de chuid Ghaillimh Aontaithe, a raibh Uachtarán na hÉireann ina fhear taca acu ar feadh na mblianta. Bhí sé ina uachtarán ar an gcumann go dtí gur toghadh ina Uachtarán ar an tír é.

Ach is baolach nach mbeidh mórán le ceiliúradh ag Gaillimh Aontaithe i mbliana. Is deacair a shamhlú go mbeidh an club láidir a dhóthain le hardú céime a bhaint amach. Chaill Gaillimh Aontaithe, Cláirsigh na Finne agus Droichead Átha Aontaithe a n-áit sa Phríomhroinn don bhliain seo.

Táthar ag tuar gur ag Fánaithe an Chóibh i gCorcaigh a bheidh craobh na Céad Roinne in 2018.

Maidir leis an Phríomhroinn, ba dhána an té a mhaífeadh nach mbeadh Corcaigh agus Dún Dealgan san iomaíocht arís, cé go bhfuil tuairim agam féin go bhfuil foireann láidir ag Ruagairí na Seamróige i mbliana, agus ní chuirfinn as an áireamh é gurbh iadsan a bhainfeadh an Craobh den chéad uair ó 2011.

Fág freagra ar 'Stádas chlubanna sacair na hÉireann ag éirí níos leochailí'

  • Jamie Ó Tuama

    Ní thugann lucht sacair in Éirinn tacaíocht do shacar na hÉireann. Go dtí go n-athraíonn sé sin ní dhéanfar aon dul chun cinn ó thaobh stádas na sraithe i measc ghnáthmhuintir na hÉireann. Bun agus barr an scéil. An lucht leanta sacair is fearr ar domhan ag muintir na hÉireann??????