Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil iarratas déanta ag 41 duine le bheith ina gcomhaltaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Ba é an 9 Samhain an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (nó PAS) don seacht bhfolúntas ar an mbord (an Cathaoirleach ina measc). Meastar, áfach, go ndéanfar an Cathaoirleach reatha, Anna Ní Ghallachair, a athcheapadh le haghaidh tréimhse eile.
Dosaen comhalta san iomlán atá ar an mbord ach ainmníonn comhairlí contae, a bhfuil limistéar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear acu sin. Tuigtear go bhfuil triúr atá ina gcomhaltaí faoi láthair ach nach bhfuair ainmniúcháin óna gComhairlí Contae an iarraidh seo i measc an dá scór duine a léirigh spéis sa chúram don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Tuigtear freisin go bhfuil brú mór á chur ar Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, comhalta a cheapadh a bheadh lonnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo. Bhí conspóid ag baint le toghadh an Chomhairleora Contae John Caulfield le déanaí mar ionadaí Mhaigh Eo ar an Údarás. Vótáil Fine Gael agus Sinn Féin ar son an iar-chomhalta boird, Ian Mac Aindriú (FG), cé nach bhfuil seisean ina Chomhairleoir Contae faoi láthair.
Ba ag Cathaoirleach na Comhairle, Richard Finn ó Fhianna Fáil a bhí an vóta réitigh. Léirigh an Comhalta Mac Aindriú a mhíshástacht agus a dhíomá faoi cheapachán an Chomhairleora Caulfield mar nach bhfuil baint ná páirt aige le Gaeltacht Mhaigh Eo.
Anuas ar an gcothromaíocht thíreolaíochta, beifear ag iarraidh a chinntiú go mbeidh coibhneas cuí inscne maidir le baill an bhoird. De réir threoirlínte an Rialtais, moltar gur mná a bheadh in 40% ar a laghad de na comhaltaí ar bhoird stáit. Tuigtear do Tuairisc.ie gur tháinig cuid mhaith iarratas ó mhná. Níor baineadh an sprioc 40% sin amach i gcás an bhoird reatha agus gan ach ceathrar ban ina gcomhaltaí faoi láthair. Is ionann é sin agus an tríú cuid nó 33%.
Tá a bhfuil i ndán don Ghaeltacht agus don teanga sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail faoi láthair, agus d’fhéadfadh brú a bheith ar an Aire scrúdú grinn a dhéanamh ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí i dtaobh na pleanála teanga. Bhain conspóid le ceapacháin bhaill an bhoird reatha toisc gan mórán saineolais ar an bpleanáil teanga a bheith ina measc.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá Údarás na Gaeltachta freagrach go sonrach as cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.
Íocfar táille bhliantúil de €11,970 leis an gCathaoirleach agus €7,695 leis an ngnáthchomhalta.
Feidhmíonn an bord faoin bprionsabal ‘Duine Amháin, Tuarastal Amháin’, agus, mar sin, níl aon seirbhíseach poiblí ar an mbord i dteideal táillí boird a fháil mar luach saothair. Beidh ar na comhaltaí freastal ar chruinnithe uair sa mhí ag láithreacha éagsúla sna seacht gcontae Gaeltachta. Iarrtar ar chomhaltaí freastal freisin ar choistí eile agus ar fhochoistí de chuid an bhoird.
Is é an chéad chéim eile anois ná go dtionólfaidh An tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí painéal le measúnú a dhéanamh ar na hiarratais a cuireadh chucu. Nuair a bheas an obair sin déanta acu, cuirfidh siad liosta faoi bhráid an Aire de na daoine a mheasann siad a bheith feiliúnach don chúram.
Fág freagra ar 'Iarratas ar áit ar Bhord Údarás na Gaeltachta déanta ag breis is 40 duine'