Pobalbhreith Kantar Millward Brown/Chonradh na Gaeilge
Deir 81% den phobal gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta orthu.
De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge i mí an Mhárta, níor easaontaigh ach 5% de dhaoine leis an áiteamh gur chóir Gaeilge líofa a bheith ag Aire Sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.
Ní raibh Gaeilge líofa ag an aire sinsearach a raibh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air ó 2011 agus bhain conspóid mhór le ceapadh Joe McHugh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014 toisc nach raibh sé líofa sa teanga.
Tá an cheist seo i mbéal an phobail arís agus daoine ag súil go ndéanfaidh Leo Varadkar atheagar ar an gcomh-aireacht ach é a bheith tofa ina Thaoiseach. Tá Conradh na Gaeilge ag súil go dtapóidh Varadkar an deis duine a bhfuil Gaeilge líofa aige a cheapadh mar Aire Sinsearach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
B’údar díomá do Chonradh na Gaeilge gur cheap an Taoiseach Enda Kenny aire sinsearach don Ghaeltacht anuraidh nach raibh Gaeilge aici. Beidh an eagraíocht teanga anois ag súil go dtabharfaidh ceannaire nua Fhine Gael aird ar an tacaíocht mhór dá n-éileamh i measc an phobail atá léirithe i bpobalbhreith Kantar/Millward Brown.
Ba í Heather Humphreys, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael do chontae an Chabháin, a ceapadh ina hAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta anuraidh.
Is beag plé ar chor ar bith a bhí ag an Aire Humphreys le cúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta ná le grúpaí Gaeilge ó ceapadh mar aire í agus tá an cúram sin ar fad leagtha aici ar an Aire Stáit Seán Kyne, ar cainteoir Gaeilge é.
Bhí sé i measc na n-éileamh réamhthoghcháin ag Conradh na Gaeilge in 2016 go gceapfaí Aire sinsearach le Gaeilge a mbeadh gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta i measc na bpríomchúram air.
Bhain go leor conspóide le cinneadh Enda Kenny aire sinsearach agus aire stáit nach raibh Gaeilge ag ceachtar acu a cheapadh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhíodh, i mí Iúil 2014.
I bpobalbhreith a rinne Millward Brown do Tuairisc.ie in 2014 dúirt 61% de dhaoine nár chóir don Taoiseach Enda Kenny duine a cheapadh mar Aire na Gaeltachta nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.
Dúirt 20% de na rannpháirtithe nár bhotún é.
Deir Conradh na Gaeilge gurbh fhearr a d’fhéadfadh Aire Sinsearach dul i bhfeidhm ar an rialtas maidir leis na dúshláin atá roimh an teanga, an titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a léiríodh i nDaonáireamh 2016 agus an gá le tuilleadh infheistíochta sa teanga san áireamh.
Deir an eagraíocht nár chóir go dtarlódh sé go mbeadh ar phobal na Gaeilge ná eagrais Ghaeilge cumarsáid a dhéanamh i mBéarla leis an Aire sinsearach atá freagrach as gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Braoin Ó Braoin
Beidh le feiceáil an mbeidh aire sinsearach ceart Gaeltachta agus Gaeilge ann ar chor ar bith gan caint ar an nGaeilge aige nó aici…
Fanta taobh le aire sóisearach eile a bheas muid, cheapfainn…
An león nó caora a bheas sa Leo seo chugainn? Beidh le feiceáil…
Mánus
Ba chóir don rialtas FFFG seo na heagraíochtaí Ghaeilge a chomnascadh le Foras na Gaeilge. Bíodh foirgneamh ollmhór amháin acu agus bheadh Lár-ionad Ghaeilge againn i mBleácliath faoi dheireadh.
Katie McGreal
Tuirimí Aindrias Ó Cathasaigh ar an ábhar seo:
https://mionlach.wordpress.com/2017/06/08/aire-gaeilge/