Déanann an leabhar leis an scríbhneoir bisiúil Pádraig Ó Baoighill, as Rann na Feirste, cur síos ar scéal Chonradh na Gaeilge in Albain le hos cionn 120 bliain.
Bhí Ó Baoighill féin i measc na mílte cainteoir Gaeilge a chuaigh ar an mbád bán go hAlbain i gcaitheamh an 120 bliain sin agus a ghlac páirt ghníomhach in imeachtaí Chonradh na Gaeilge sa tír sin. Bhí sé ina bhall d’eagraíochtaí Gaelacha eile agus é ina fhear óg in Albain sna 1950idí.
Sa saothar nua seo uaidh, Conradh na Gaeilge in Albain, cuireann Ó Baoighill síos ar stair na heagraíochta sa tír, ó aimsir a bunaithe go dtí an lá atá inniu ann, agus é ag tarraingt ar an réimse leathan alt a scríobh sé i gcaitheamh na mblianta ar an ábhar.
“Spreagadh ar dtús mé an leabhar a chur le chéile nuair a bhí craobh Phádraig Mhic Phiarais den Chonradh i nGlaschú i Rann na Feirste tar éis a bheith 100 bliain ar an bhfód. Thug mé cuireadh chun an tí dóibh nuair a bhí siad abhus agus thug mé léacht ina dhiaidh sin ar stair an Chonartha in Albain.
“Thug mé léacht eile 20 bliain ina dhiaidh sin faoi imeachtaí na craoibhe, agus sin an t-am a smaointigh mé gur dheas níos mó ná léacht a thabhairt. Ghlac mé an léacht a thug mé an t-am sin, fuair mé eolas breise faoin gcraobh ó Evin Ó Dúnaigh, ball den chraobh, agus tharraing mé ar ailt a bhí scríofa agam faoi chamánaíocht, faoin gConradh in Albain, agus faoi scríbhneoirí in Albain. Bhí alt nó dhó agam, fosta, in Feasta faoi Phádraig Mac Pháidín, a láidrigh an Conradh in Albain agus é ina uachtarán ar Chomhaltas na Breataine Móire,” a dúirt Ó Baoighill le Tuairisc.ie.
Tá ábhar ó léacht a thug sé ag Scoil Merriman in 2002 faoi imeachtaí na nÉireannach in Albain sular bunaíodh Conradh na Gaeilge ag deireadh an 19ú haois sa leabhar nua freisin. Dúirt Ó Baoighill gur tharraing an conradh agus eagraíochtaí Gaelacha eile na linne na hÉireannaigh, a bhí “ag fulaingt go mór” in Albain ag an am, le chéile.
“Mheas mé go ndearna an Conradh obair mhór leis na Gaeil a tharraingt le chéile in Albain. Tháinig fás mór ar an eagraíocht ag tús an chéid agus bhí idir 30 agus 40 craobh ann faoin am ar thosaigh an Cogadh Cathartha in Éirinn. D’imigh sé i léig ina dhiaidh sin agus níor tháinig borradh fúthu arís go dtí na 1990idí,” a dúirt sé.
Is cnuasach d’aistí atá sa leabhar a chuireann síos ar ghnéithe éagsúla faoi staid na Gaeilge agus staid na Gàidhlig in Albain, chomh maith leis an nasc láidir idir an dá thír a shíneann siar “ar feadh na gcianta”.
Sheol iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, an leabhar nua sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, agus labhair Evin Ó Dúnaigh ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais ag an ócáid faoi thábhacht an tsaothair.
Beidh seoladh eile ar siúl in Albain níos deireanaí an mhí seo. Is féidir an leabhar féin a fháil ó Coiscéim agus i siopaí leabhar a mbíonn leabhair Ghaeilge ar fáil iontu.
Fág freagra ar '‘Tharraing an Conradh na Gaeil le chéile thall…’ leabhar nua faoin gConradh in Albain seolta'