Tá iontas ar chainteoirí Gaeilge i gContae an Dúin faoin eolas a thugtar faoi bhunús an logainm ‘Cill Chaoil’ ar chomhartha eolais sa mbaile beag i ndeisceart an chontae.
Ar an chomhartha turasóireachta a crochadh taobh amuigh de Sheanséipéal Cholmáin, tá scríofa ‘Kilkeel — once known as Kirkiel’ — tagairt don leagan truaillithe de ‘Chill Chaoil’ a bhíodh ag ionróirí as Albain sa cheantar sa 17ú haois. Níl tagairt ar bith, áfach, don bhunainm Gaeilge atá ar an mbaile.
“Kilkeel meaning ‘Church of the Narrows’ takes its name from the Old Church that overlooks the town….The arrival of Scottish settlers to the Kingdom of Mourne at the time of the Plantation of Ulster and during the course of the 17th century brought many changes to the area including for a time, the name of the town itself. Kilkeel was recorded in various maps and documents as ‘Kirkiel’ using the Scots word for Church, ‘kirk’, a term which is still used today in the Presbyterian Church,” atá scríofa ar an gcomhartha eolais.
Ba é an Schomberg Society, eagraíocht Ultaise sa cheantar, a chroch an comhartha faoin Ultais i gceantar na mBeanna Boirche. Cuireann an eagraíocht turais threoraithe ar fáil i gCill Chaoil agus sa cheantar máguaird faoi stair na hUltaise san áit.
Tá logainm Gaeilge na háite, ‘Cill Chaoil’, deimhnithe ag an suíomh ‘Logainm.ie’, bunachar náisiúnta logainmneacha na hÉireann. ‘Séipéal’ an bhrí atá ag an bhfocal ‘cill’, cé nach n-úsáidtear sa lá atá inniu ann é ach amháin i logainmneacha, agus ‘abhainnín caol eanaigh’ is ciall le ‘caol’ i gcomhthéacs na logainmneacha, dar le Logainm.ie.
Nuair a d’iarr Tuairisc.ie ráiteas ar an Schomberg Society faoin scéal seo Dé Céadaoin, dúradh nach raibh spéis ag an eagraíocht labhairt leis an tseirbhís nuachta seo agus nach raibh ráiteas ar bith le déanamh acu faoin gcomhartha.
Mar sin féin, thug urlabhraí an chumainn le fios dúinn gur ceist do Bhord na hUltaise í ceist an chomhartha. Ba é Bord na hUltaise a chuir an maoiniú ar fáil don chomhartha ach ní raibh aon lámh ag an bhforas teanga i ndearadh an chomhartha ná i roghnú an ábhair a thaispeántar air.
Dúirt Gearóid Mac Eoin, Oifigeach Tionscnaimh le Conradh na Gaeilge gur “trua” nár luadh an “ról lárnach” atá ag an nGaeilge san ainm ‘Cill Chaoil’.
“Bím ag taisteal thart ar scoileanna ó achan chúlra agus chreideamh chun feasacht a ardú i dtaobh na teanga. Is é ‘Ár dTeanga a Roinnt’, téama na scéime agus bíonn ról lárnach ag stair ár n-ainmneacha, ár sloinnte, agus go deimhin ár logainmneacha agus dinnseanchas. Is trua, mar sin, nár luadh ról lárnach na Gaeilge i dtaobh chúlra Gaeilge an logainm Cill Chaoil,” a dúirt Mac Eoin.
Dúirt sé go bhfuil an Ghaeilge ag dul “ó neart go neart” i gceantar na mBeanna Boirche agus go bhfuil “grúpaí iontacha Gaeilge” sa cheantar a chabhródh le duine ar bith ar spéis leo níos mó a fhoghlaim faoi stair na teanga sa cheantar.